Eolas
D’fhéadfadh sé go bhfuil d'eagraíocht incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun tionscadail a fhorbairt ar mhaithe le pobail agus leis an tsochaí i gcoitinne. Oibrímid i gcomhar le réimse leathan eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí éagsúla, cuir i gcás:
- rannpháirtíocht dhaonlathach a spreagadh
- eisiamh sóisialta a chomhrac
- an dúlra a chosaint
- sláinte agus folláine a chur chun cinn
- oideachas agus oiliúint a chur chun cinn
- obair a dhéanamh le pobail na n-imirceach.
- acmhainneacht agus athléimneacht pobal leochaileach nó pobail atá buailte le tubaiste a neartú sna réigiúin sin i dtríú tíortha ina ndéantar gníomhaíochtaí agus oibríochtaí i réimse na cabhrach daonnúla
- ullmhacht maidir le tubaistí agus laghdú rioscaí tubaiste a threisiú sna réigiúin sin.
Má dhéantar do thionscadal a fhaomhadh, beidh rochtain agat ar dhíorma daoine óga spreagtha idir 18-30 bliain d’aois, díorma atá ar fáil ar thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Beidh d’eagraíocht in ann deiseanna a fhógairt nó rannpháirtithe féideartha a chuardach agus teagmháil a dhéanamh leo.
Is iomaí buntáiste a bhaineann le maoiniú ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach do d'eagraíocht. Is féidir le maoiniú:
- cur ar do chumas agat níos mó a dhéanamh
- cuidiú leat leas a bhaint as scileanna agus díograis daoine óga spreagtha
- cur ar do chumas agat naisc a chruthú le daoine óga trí thaithí foghlama fhónta a thairiscint dóibh
- smaointe úra a thabhairt isteach in obair laethúil d’eagraíochta
- naisc níos láidre a chruthú leis an bpobal áitiúil.
Is féidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach tacú le:
An snáithe oibre deonaí
- Gníomhaíochtaí oibre deonaí
- Aonair
- Gníomhaíochtaí foirne
- Foirne oibrithe deonacha i réimsí ardtosaíochta
- Tionscadail Dlúthpháirtíochta
- Obair dheonach a dhéanamh faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (Obair Dheonach i réimse na Cabhrach Daonnúla) sna réigiúin sin de thríú tíortha ina ndéantar gníomhaíochtaí agus oibríochtaí i réimse na cabhrach daonnúla