Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Sula ndéanfaidh tú iarratas

Sular féidir le d'eagraíocht iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, tá roinnt réamhchéimeanna ann is gá a ghlacadh. 

  1. Cuir eolas ar an nGlao ginearálta ar thograí agus an European Solidarity Corps Guide. Is gá d’aon duine ar mian leo iarratas a dhéanamh an Guide a léamh. Leagtar amach ann na rialacha agus na coinníollacha ar gá cloí leo chun rochtain a fháil ar mhaoiniú agus chun tionscadail a reáchtáil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. D'fhéadfá freisin ceisteanna a chur ar do Ghníomhaireacht Náisiúnta; is féidir léi tacaíocht a thabhairt duit agus tú i mbun ullmhúcháin. 
  2. Féach an bhfuil d'eagraíocht incháilithe. Féadfaidh eagraíochtaí poiblí, príobháideacha nó neamhbhrabúsacha a bheith incháilithe. Ná déan dearmad féachaint an bhfuil do thír ar liosta thíortha an chláir agus na dtíortha atá incháilithe chun páirt a ghlacadh.
  3. Faigh aitheantas eagraíochta le haghaidh d'eagraíocht. Cláraigh ar an tairseach atá tiomnaithe d'eagraíochtaí chun an uimhir a fháil a bheidh ag teastáil uaitse agus ó do chomhpháirtithe leis an bhfoirm iarratais a chur i gcrích. 
  4. Déan iarratas ar an Lipéad Cáilíochta. Teastaíonn Lipéad Cáilíochta ó d’eagraíocht sular féidir léi iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. (Níl sé ag teastáil le haghaidh Tionscadail Dlúthpháirtíochta.)
  5. Aimsigh comhpháirtí (má bhaineann). Le haghaidh go leor gníomhaíochtaí de chuid an Chóir, beidh ort dul i gcomhar le heagraíocht i dtír éigin eile. Bealach amháin chun teacht ar eagraíochtaí oiriúnacha ná cuardach a dhéanamh i mbunachar na n-eagraíochtaí.
  6. Déan cinneadh faoi do thionscadal. I dtosach báire, féach cad iad na gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh maoiniúcháin faoin snáithe oibre deonaí agus faoin snáithe gairme. Déan forbairt ar do smaoineamh agus cuir togra le haghaidh tionscadail le chéile. Féach fad ceadaitheach do thionscadail, chomh maith leis an dáta tosaigh agus an dáta críochnaithe.
  7. Féach an sprioc-am agus na dátaí. Féach an dáta agus an t-am den lá faoinar gá duit d’fhoirm iarratais ar líne a chur isteach. Ní chuirfear san áireamh aon iarratas a sheolfar tar éis an sprioc-ama.
  8. Líon isteach an fhoirm iarratais. Bain úsáid as an bhfoirm iarratais cheart don snáithe, don ghníomhaíocht agus don bhabhta maoiniúcháin a roghnaigh tú. Déan deimhin de go bhfuil dóthain ama agat don tasc, cinntigh go bhfuil gach réimse líonta isteach mar is ceart, agus déan an fhoirm a bhailíochtú. Ní féidir leat d’iarratas a chur isteach go dtí go bhfuil sé sin ar fad déanta agat. Go n-éirí an t-ádh leat!