Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Glaonna ar thograí

Glao 2026

Tá glao ar thograí tionscadail 2026 foilsithe anois. Féach na doiciméid agus na huirlisí atá ar fáil thíos.

Fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CALL FOR PROPOSALS 2026 - EAC/A15/2025 European Solidarity Corps (C/2025/06214)

Leagan roimhe seo:

Treoirleabhar Chlár 2026 an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Treoirleabhar 2026 an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ríthábhachtach do dhuine ar bith ar spéis leis iarratas a dhéanamh. Sonraítear ann na coinníollacha a bhaineann leis na tionscadail ar féidir leat iarratas a dhéanamh orthu faoin nglao ginearálta ar thograí. 

Leagan roimhe seo:

Cineál gníomhaíochta

Spriocdháta

An áit le hiarratas a dhéanamh

Tionscadail oibre deonaí

18 Feabhra 2026

1 Deireadh Fómhair 2026 (babhta roghnach)

An Ghníomhaireacht Náisiúnta

Tionscadail Dlúthpháirtíochta

18 Feabhra 2026

7 Bealtaine 2026 (babhta roghnach)

1 Deireadh Fómhair 2026

An Ghníomhaireacht Náisiúnta

Foirne oibre deonaí i réimsí ardtosaíochta

3 Márta 2026

An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr

Obair dheonach faoin gCór um Chabhair Dhaonnúil

23 Aibreán 2026

An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr

Is féidir iarratais a dhéanamh ar na Lipéid Cháilíochta ar bhonn leanúnach.

An nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

I gcás gníomhaíochtaí díláraithe a ndéanann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta bainistiú orthu, déan iarratas trí leathanach Erasmus+ agus trí leathanach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Is féidir leat teacht ar fhoirmeacha iarratais samplacha le haghaidh eolais agus ullmhúcháin anseo: Glao 2026 Lipéad Cáilíochta (ESC 50) samplach, Glao 2026 Tionscadail oibre deonaí (ESC 51) samplach, Glao 2026 Tionscadail dlúthpháirtíochta (ESC 30) samplach 

Is féidir leat teimpléad bán den Dearbhú ar Onóir a íoslódáil freisin. Tá an doiciméad sin san áireamh san fhoirm iarratais cheana féin; tá leagan bán ar leithligh ar fáil anseo mar thagairt. 

I gcás na ngníomhaíochtaí láraithe a ndéanann an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr bainistiú orthu, beidh eolas maidir leis na foirmeacha iarratais agus an próiseas roghnúcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin EACEA agus ar Thairseach na ndeiseanna maoiniúcháin agus tairisceana.

D’eagraíocht a chlárú

  1. Ar dtús, ní mór duit EU Login bailí a fháil. Déanann Seirbhís Fíordheimhniúcháin EU Login fíordheimhniú ar úsáideoirí na gcóras faisnéise éagsúil atá ag an gCoimisiún (féach an treoir úsáideora le haghaidh sonraí).
  2. An áit lenar cheart clárú. An bhfuil an ghníomhaíocht ar mian leat iarratas a dhéanamh uirthi á bainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr nó ag Gníomhaireacht Náisiúnta? Féach Clárú na nEagraíochtaí le haghaidh tuilleadh eolais.