Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Tionscadail oibre deonaí

Leis an maoiniú a chuirtear ar fáil le haghaidh tionscadail oibre deonaí faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, cabhraítear le heagraíochtaí cur leis an tionchar atá acu trí oibrithe deonacha a óstáil nó a sheoladh go tír eile. Tugann na tionscadail sin deis do dhaoine óga páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí laethúla na n-eagraíochtaí, rud a d’fhéadfadh taithí na n-oibrithe deonacha agus na n-eagraíochtaí araon a shaibhriú go mór.

Is iad tionscadail oibre deonaí an cineál tionscadail is coitianta. Is gá do na heagraíochtaí rannpháirteacha Lipéad Cáilíochta cuí (nó creidiúnú oibre deonaí de chuid Erasmus+) a bheith acu. Is féidir leo iarratas a dhéanamh ar dheontas de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun na nithe seo a leanas a chlúdach:

  • obair dheonach aonair (2-12 mhí nó, i gcásanna áirithe, 2 sheachtain go 2 mhí)
  • obair dheonach foirne (2 sheachtain go 2 mhí, 10-40 rannpháirtí).

Obair dheonach aonair

Bíonn ar a laghad 2 eagraíocht i gceist le gníomhaíochtaí oibre deonaí aonair trasteorann. Ba cheart dóibh na róil seo a leanas a chomhlíonadh:

  • ról óstach – a chlúdaíonn raon iomlán na ngníomhaíochtaí a bhaineann le rannpháirtí a óstáil, ina measc clár gníomhaíochtaí a fhorbairt agus treoir a thabhairt
  • ról tacaíochta – a chlúdaíonn tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe, oiliúint a chur orthu agus iad a ullmhú sula n-imíonn siad, agus idirghabháil a dhéanamh idir iad agus an eagraíocht atá á n-óstáil.

I gcás obair dheonach aonair intíre, is leor eagraíocht amháin a bhfuil Lipéad Cáilíochta le haghaidh an róil óstaigh aici. 

Obair dheonach foirne

Is é an t-íoscheanglas ná aon eagraíocht amháin, beag beann ar an ról a bhfuil sí creidiúnaithe ina leith.

Cistiú

Má tá d’eagraíocht ag cur isteach ar thionscadal oibre deonaí, ba cheart go gclúdódh an deontas na costais seo a leanas: 

  • costais bainistíochta tionscadal (e.g. pleanáil, airgeadas, comhordú)
  • costais na ngníomhaíochtaí (e.g. ullmhúcháin, monatóireacht a dhéanamh ar rannpháirtithe agus tacaíocht a thabhairt dóibh, lóistín agus bia)
  • ranníocaíochtaí le costais taistil na rannpháirtithe
  • tacaíocht do rannpháirtithe nach bhfuil an oiread céanna deiseanna acu
  • ranníocaíochtaí le costais phearsanta bhreise na rannpháirtithe
  • tacaíocht teanga
  • costais gníomhaíochtaí eisceachtúla agus comhlántacha.

Iarratas a dhéanamh ar dheontas

An bhfuil Lipéad Cáilíochta ag d’eagraíocht agus an bhfuil sí lonnaithe i dtír de chuid an chláir? Má tá, ba cheart duit iarratas a dhéanamh le Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht lonnaithe. 
Má tá d’eagraíocht lonnaithe i dtír chomhpháirtíochta, áfach, is féidir léi a bheith ina comhpháirtí i dtionscadal ach ní féidir léi iarratas a dhéanamh thar a ceann féin.

Bain úsáid as foirm iarratais chun d’iarratas a sheoladh. 

Foirne oibre deonaí i réimsí ardtosaíochta

Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) a bhainistíonn an réimse oibre seo go lárnach. Baineann sé le maoiniú a chur ar fáil do thionscadail measartha mór a dhéanann foirne oibrithe deonacha agus a dhíríonn ar thosaíochtaí téamacha a shainítear gach bliain ar leibhéal an Aontais. 
An bhfuil suim agat ann? Má tá, déan iarratas le EACEA.

Obair Dheonach i réimse na Cabhrach Daonnúla (an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil)

Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) a bhainistíonn an réimse oibre seo go lárnach. Faoin snáithe sin, tacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le hobair dheonach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a bhaineann le réimse na cabhrach daonnúla.
An bhfuil suim agat ann? Má tá, déan iarratas le EACEA.