Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Young person icon
Is duine óg mé

Faigh tuilleadh eolais maidir le conas páirt a ghlacadh, conas clárú, agus conas rochtain a fháil ar do chuntas pearsanta


Organisation icon
Is ball d'eagraíocht mé

Faigh tuilleadh eolais maidir le conas páirt a ghlacadh agus conas rochtain a fháil ar an Tairseach le haghaidh Eagraíochtaí


Na tíortha atá clúdaithe

Déanaimid idirdhealú idir trí chineál tíortha sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach – tíortha den Aontas Eorpach, tíortha atá comhlachaithe leis an gClár agus tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. Is iad sin na tíortha nach mór do na rannpháirtithe a bheith ina gcónaí iontu chun iarratas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí, chomh maith leis na tíortha ar féidir leat dul chucu mar rannpháirtí (ní féidir dul chuig níos mó tíortha ná na tíortha sin ach amháin leis an obair dheonach i réimse na cabhrach daonnúla).

Tá roinnt gníomhaíochtaí oscailte do dhaoine óga atá ina gcónaí in aon cheann de na tíortha sin, agus tá raon feidhme níos teoranta ag roinnt eile acu. Is féidir leat teacht ar na tíortha nach mór do na rannpháirtithe a bheith ina gcónaí iontu ar an leathanach atá tiomnaithe do gach gníomhaíocht.

Tíortha den Aontas Eorpach

An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir.

Tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár

An Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Tuirc.

Tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár

An Ailgéir, an Airméin, an Albáin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, an Éigipt, an Iordáin, an Iorua, Iosrael, an Liobáin, Maracó, an Mholdóiv, Montainéagró, an Phalaistín, an Rúis, an tSeirbia, an tSeoirsia, an tSiria, an Túinéis, an Úcráin.