Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Young person icon
Is duine óg mé

Faigh tuilleadh eolais maidir le conas páirt a ghlacadh, conas clárú, agus conas rochtain a fháil ar do chuntas pearsanta


Organisation icon
Is ball d'eagraíocht mé

Faigh tuilleadh eolais maidir le conas páirt a ghlacadh agus conas rochtain a fháil ar an Tairseach le haghaidh Eagraíochtaí


Naisc úsáideacha

Eurodesk 

Is líonra é Eurodesk a chuireann deiseanna chun cinn le haghaidh daoine óga chun dul i mbun staidéir nó foghlama i dtír éigin eile agus chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha Eorpacha ar fud na mór-roinne. 

Mar chuid den líonra, tá comhordaitheoirí náisiúnta atá nasctha le breis agus 1,600 soláthraí eolais áitiúil i 36 thír Eorpacha. 

Lárionaid acmhainní SALTO don óige

Is grúpa de 6 lárionad é SALTO atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla, ar lárionaid iad a chuireann obair óige chun cinn agus a thacaíonn léi trí oiliúint, uirlisí agus straitéisí úrscothacha a chur ar fáil. Díríonn gach lárionad ar thopaic nó ar réigiún sonrach ar leith:

Lárionad acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Cuireann an lárionad acmhainní tacaíocht ar fáil le haghaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta, SALTOnna agus tairbhithe deontas maidir le saincheisteanna praiticiúla a bhaineann leis an gCór.

Youthpass

Is uirlis í a chuireann ar do chumas duit aitheantas oifigiúil a fháil ar aon fhoghlaim neamhfhoirmiúil nó sheachfhoirmiúil ó do rannpháirtíocht i dtionscadail don óige (tuilleadh eolais).

Europeers

Is líonra de dhaoine óga é Europass, ar daoine óga iad a bhfuil roinnt taithí Eorpaí acu cheana trí chlár an Aontais don óige (Eurasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach) agus ar mian leo an méid a d’fhoghlaim siad a roinnt libhse, a bpiaraí.

An Líonra Dlúthpháirtíochta Eorpach

Is comhphobal don óige é an Líonra Dlúthpháirtíochta Eorpach a bunaíodh in earrach 2019. Tá na daoine óga aontaithe tríd an tsuim agus an fhís atá i gcoiteann acu chun líonra Eorpach a chruthú ina n-oibríonn gach duine le chéile chun feabhas a chur ar thaithí rannpháirtithe óga an Chóir.