Doiciméid tagartha agus acmhainní
Treoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh
Seanleaganacha:
- 2022 European Solidarity Corps Guide [Treoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021] (leagan 2 an 04/02/2022), lena gcuimsítear Ceartúchán an 04/02/2022 (le fáil i mBéarla amháin)
- Treoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2022
- 2021 European Solidarity Corps Guide [Treoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021] (leagan 2 an 05/05/2021), lena gcuimsítear Ceartúchán an 05/05/2021 (le fáil i mBéarla amháin).
- Treoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021
- Treoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2020
- Treoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2019
- Treoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2018
Clár oibre bliantúil
Sa chlár oibre bliantúil tá eolas faoi chur i bhfeidhm agus maoiniú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
Treoir do shaineolaithe
Leagtar amach sa Treoirleabhar do shaineolaithe treoirlínte i dtaca leis an gcaoi a ndéantar measúnú ar iarratais ar dheontais arna mbainistiú ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus ar iarratais ar Lipéad Cáilíochta.
Treoirlínte cur chun feidhme – Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
- Straitéis Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh um Chuimsiú agus Éagsúlacht
- Straitéis dhigiteach chláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
- Straitéis Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh um an aistriú glas agus um fhorbairt inbhuanaithe – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
Cinntí maidir le cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh
In iarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh lena n-údaraítear úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, aonaid costais agus maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh obair dheonach agus Tionscadail Dlúthpháirtíochta a chlúdaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, tá cur síos mionsonraithe ar na costais aonaid.
- 2023 – Unit cost decision [Cinneadh maidir le costas aonaid] esc_en.pdf
- 2023 – Unit cost decision [Cinneadh maidir le costas aonaid] esc humanitarian aid_en.pdf
Ceanglais chumarsáide, scaipthe agus infheictheachta le haghaidh tairbhithe
I gcomhréir leis an gcomhaontú deontais, ní mór do gach tairbhí suaitheantas an Aontais Eorpaigh a úsáid ina n-ábhar cumarsáide chun an tacaíocht atá faighte acu faoi chláir de chuid an Aontais a aithint.
- Infheictheacht an Aontais Eorpaigh a chur in iúl agus a mhéadú – An Coimisiún Eorpach
- Suaitheantas an Aontais Eorpaigh a úsáid
- Sraith uirlisí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh:
Féach an t-ábhar cumarsáide go léir d’eagraíochtaí
Meastóireacht eatramhach ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach (2021 - 2027)
- Meastóireacht Eatramhach ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2021-2027 (COM(2025) 144 final an 01.04.2025)
- Doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an meastóireacht eatramhach ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2021-2027 agus leis an meastóireacht chríochnaitheach ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2018-2020 (SWD(2025) 75 final an 01.04.2025)
- Doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an meastóireacht chríochnaitheach ar Thionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE 2014-2020 (SWD(2025) 76 final)
- Meastóireacht eatramhach ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2021-2027, meastóireacht chríochnaitheach ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2018-2020 agus meastóireacht chríochnaitheach ar an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE 2014-2020 – Oifig Foilseachán an Aontais
Rialachán
Le Rialachán 2021/888 lena leagtar amach an creat dlíthiúil do chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus a glacadh an 20 Bealtaine, deimhníodh ré nua an Chóir don tréimhse 2021-2027 agus buiséad €1.009 billiún ag gabháil leis.
Áireamhán achair
Cuidíonn áireamhán achair le heagraíochtaí achair taistil daoine aonair a ríomh chun na deontais dá bhfuil siad incháilithe do Thionscadail Oibre Deonaí arna mbainistiú ag na gníomhaireachtaí náisiúnta a chinneadh (seachas Foirne Oibre Deonaí i Réimsí Ardtosaíochta agus Obair Dheonach sa Chabhair Dhaonnúil). Féach Treoir an Chláir chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na bandaí achair is infheidhme.
Níl an uirlis seo deartha chun a chur in iúl do dhaoine cá mhéad maoinithe ba chóir dóibh a fháil. Is ar roinnt tosca lena gcuimsítear na costais riaracháin arna dtabhú ag na heagraíochtaí rannpháirteacha a chinntear leibhéal na tacaíochta le haghaidh costas taistil. Féadfaidh eagraíochtaí na cistí a aistriú go díreach chuig rannpháirtithe nó a dticéad taistil a shocrú agus a chur ar fáil.
Chun an t-áireamhán a úsáid
- Tosaigh ar logainm a chlóscríobh sa bhosca ‘Tús’. Taispeánfar liosta logainmneacha féideartha. Cliceáil ar an gceann ceart.
- Déan an rud céanna leis an mbosca ‘Deireadh’.
- Brúigh ar an eochair ‘Enter’ ar an méarchlár. Beidh an t-achar i gciliméadair le feiceáil.
Ní mór duit ainm cathrach, baile nó sráidbhaile ar leith a chur isteach – ní leor ainm tíre amháin.
- Achar a ríomh
- Clóscríobh nó deaschliceáil ar an léarscáil chun na seoltaí tosaigh agus cinn scríbe a shocrú.
- Cuir an nascleanúint ar ceal
Ar ais chuig an léarscáil roimhe seo.