Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Tionscadail Dlúthpháirtíochta

Daoine óga a chumasú

Tugann Tionscadail Dlúthpháirtíochta deis do dhaoine óga tionscantacha a dtionscadal féin a reáchtáil ina dtír dhúchais. Tá na coinníollacha simplí: 

  • ní mór do chúigear daoine óga ar a laghad a bheith páirteach ann
  • ba cheart go mairfeadh an tionscadal 2-12 mhí
  • ní mór do gach rannpháirtí a bheith cláraithe ar thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 
  • is féidir gur tionscadal lánaimseartha nó páirtaimseartha a bheidh ann.

Conas is féidir le d’eagraíocht cabhrú?

Má tá aithne agat ar ghrúpa daoine óga atá ag iarraidh obair a dhéanamh ina bpobal féin ar son cúis atá tábhachtach dóibh, inis dóibh faoi na Tionscadail Dlúthpháirtíochta agus spreag iad chun iarratas a dhéanamh!

Féadfaidh an maoiniú cabhrú leo dul i ngleic le fadhbanna ina bpobail, díriú ar ghrúpa ar leith nó deiseanna áitiúla a fhorbairt. San am céanna, is taithí foghlama luachmhar é a dtionscadal féin a reáchtáil.

Tacaíocht do thionscnóirí óga tionscadail

Le go n-éireoidh lena n-iarratas, is gá don ghrúpa a bheidh ag déanamh an tionscnaimh ábhar is mian leo a fhiosrú le chéile a shainiú go soiléir. Is gá go rachaidh an tionscadal chun tairbhe an phobail áitiúil agus go mbeidh na rannpháirtithe páirteach i ngníomhaíochtaí laethúla, ar gá iad a shonrú.

Is féidir leis an ngrúpa cabhair ón taobh amuigh a iarraidh. Mar shampla, is féidir leo oibriú le heagraíocht bhunaithe, a bheidh in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú thar a gceann agus treoir a thabhairt maidir le cúrsaí riaracháin agus airgeadais. Is féidir le cóitseálaí (duine éigin a bhfuil taithí oibre óige aige, mar shampla) cabhrú chun an próiseas foghlama a éascú chomh maith. 

Má thugann eagraíocht bhunaithe cabhair, ba cheart go ndíreofaí an chabhair sin go príomha ar thacaíocht a thabhairt do na rannpháirtithe leis na cúraimí riaracháin agus airgeadais a thagann chun cinn le linn shaolré an tionscadail. Mar sin féin, is féidir leis an eagraíocht bhunaithe tacaíocht agus treoir a thabhairt freisin i dtaca le torthaí foghlama a shainaithint agus a dhoiciméadú.

Maoiniú

Is féidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach cuidiú le grúpaí daoine óga leis na costais a bhaineann le tionscadail a bhainistiú, cuir i gcás gníomhaíochtaí a ullmhú agus a chur i bhfeidhm, meastóireacht, scaipeadh agus gníomhaíochtaí leantacha, agus féadfaidh sé suas le €500 sa mhí a chur ar fáil. D’fhéadfaí na costais a bhaineann le cóitseálaí a chlúdach freisin. Chomh maith leis sin, is féidir costais eisceachtúla, a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu, a éileamh.

Iarratas

Is próiseas simplí é iarratas a dhéanamh ar Thionscadail Dlúthpháirtíochta – ní gá comhpháirtithe i dtíortha eile ná Lipéad Cáilíochta a bheith agat. San fhoirm iarratais, cuirtear ceisteanna ar na daoine óga maidir leis an bhfáth ar mian leo an tionscadal a dhéanamh, an dóigh a rachaidh sé chun sochair don phobal, agus cé na gníomhaíochtaí atá beartaithe acu. Is féidir le heagraíocht phoiblí nó phríobháideach ar bith iarratas a dhéanamh thar ceann grúpa daoine óga (tabhair do d’aire gur gníomhaíocht faoi stiúir an aosa óig í seo) trí na foirmeacha iarratais. Níl cead ach ag daoine atá lonnaithe i dtíortha an chláir iarratas a dhéanamh.