Uirlis TF – Tairseach na nEagraíochtaí (PASS)
Tá sé seo ceaptha cuidiú le d’eagraíocht rannpháirtithe a lorg agus a earcú le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
Ní mór d’eagraíocht a bheith údaraithe ar dtús faoi cheann de chláir an Aontais atá nasctha leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
Nuair a bheidh sí údaraithe, pioc ceann de na bealaí seo a leanas chun úsáid a bhaint as Tairseach na nEagraíochtaí (PASS), ag brath ar an gclár lena mbaineann d’eagraíocht.
- An bhfuil Lipéad Cáilíochta ag d’eagraíocht? Má tá, féadfaidh baill foirne (atá liostaithe sa chinneadh lenar bronnadh an Lipéad Cáilíochta) Tairseach na nEagraíochtaí a rochtain trína gcuntas EU Login. Féadfaidh d’eagraíocht na baill foirne atá liostaithe sa chinneadh sin a sheiceáil trí dhul i dteagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta.
- An bhfuil d’eagraíocht creidiúnaithe faoin tSeirbhís Dheonach Eorpach (EVS) de chuid Erasmus+? Má tá, féadfaidh baill foirne (atá liostaithe sa chreidiúnú EVS) Tairseach na nEagraíochtaí (PASS) a rochtain trína gcuntas EU Login. Féadfaidh d’eagraíocht na baill foirne atá liostaithe ina creidiúnú EVS a sheiceáil trí dhul i dteagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta.
- An bhfuil d’eagraíocht deimhnithe faoi Shaorálaithe Cabhrach AE? A bhuí le creidiúnú den sórt sin tugtar rochtain go huathoibríoch do bhaill foirne (atá nasctha le clár na Saorálaithe Cabhrach AE) ar Thairseach na nEagraíochtaí (PASS) trína gcuntas EU Login.
- An bhfuil d’eagraíocht údaraithe faoi aon cheann de chláir chomhlachaithe eile an Aontais? Má tá, ní mór di an méid seo a leanas a dhéanamh:
1. cinneadh a dhéanamh faoi na baill foirne a mbeidh cead acu Tairseach na nEagraíochtaí (PASS) a úsáid
2. sonraí na mball foirne sin a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as an gclár lena mbaineann an eagraíocht
3. cinnte a dhéanamh de go bhfuil a gcuntas EU Login féin ag gach duine de na baill foirne sin agus go bhfuil an cuntas nasctha leis na seoltaí ríomhphoist a tugadh don Ard-Stiúrthóireacht
Ansin, ba cheart do gach úsáideoir údaraithe Tairseach na nEagraíochtaí (PASS) a rochtain trí úsáid a bhaint as a gcuntas EU Login féin, lena bhfíordheimnítear iad sa chóras.
/!\ Chun fíordheimhniú a dhéanamh trí EU Login, ní mór d’eagraíochtaí an seoladh ríomhphoist atá nasctha lena gcreidiúnú a úsáid.
Tacaíocht Theicniúil Thairseach na nEagraíochtaí (PASS) agus Treoir Úsáideora
An bhfuil cuidiú uait chun Tairseach na nEagraíochtaí (PASS) a rochtain nó a úsáid? Íoslódáil an leagan is déanaí de Threoir Úsáideora Thairseach na nEagraíochtaí (PASS) Nó logáil isteach ar Thairseach na nEagraíochtaí (PASS) agus faigh rochtain dhíreach uirthi.