Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Oiliúint agus tacaíocht do rannpháirtithe

Cuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach raon seirbhísí tacaíochta ar fáil do rannpháirtithe agus d'eagraíochtaí rannpháirteacha. Áirítear orthu sin:

  • tacaíocht foghlama

- oiliúint ghinearálta ar líne 
- tacaíocht teanga ar líne 
- timthriall oiliúna agus meastóireachta do rannpháirtithe agus d'eagraíochtaí 
- meantóireacht 
- aitheantas do thorthaí foghlama

  • árachas
  • gnéithe tábhachtacha eile

- deimhnithe rannpháirtíochta 
- comhaontuithe le rannpháirtithe

Tá na bearta tacaíochta agus cáilíochta sin ceaptha le deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfar prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Cuidíonn siad freisin chun ardleibhéal cáilíochta a choimeád laistigh den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus chun deimhin a dhéanamh de go ndéantar gníomhaíochtaí a bhailíochtú ar an mbealach ceart.

Oiliúint ghinearálta ar líne

Is oiliúint rochtana oscailte do gach iarrthóir agus rannpháirtí cláraithe í an Oiliúint ghinearálta ar líne, atá ar fáil trí thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Cuimsítear leis na modúil:

  • misean an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh
  • róil agus freagrachtaí na rannpháirtithe
  • feasacht idirchultúrtha
  • sláinte agus sábháilteacht
  • agus neart eile.

Tacaíocht teanga ar líne  

Cuidíonn an tacaíocht teanga ar líne le rannpháirtithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh feabhas a chur ar a gcuid scileanna sa teanga a úsáideann siad nuair a bhíonn obair dheonach ar siúl acu nó nuair a bhíonn siad i mbun oibre.

Tá tacaíocht teanga ar líne ar fáil le haghaidh gach teanga oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris.

Nuair a roghnaíonn d'eagraíocht rannpháirtí le haghaidh gníomhaíochta de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (obair dheonach, cúrsa oiliúna, nó post) a mhairfidh ar feadh dhá mhí nó níos faide, ba cheart di sonraí logáil isteach a sheoladh chuig an rannpháirtí ar ríomhphost le haghaidh na tacaíochta teanga ar líne. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ar an suíomh gréasáin le haghaidh na tacaíochta teanga ar líne

Oiliúint

Bíonn an timthriall oiliúna agus meastóireachta ar fáil do na rannpháirtithe agus do na heagraíochtaí rannpháirteacha araon.

Tá rannpháirtithe a bhíonn páirteach i ngníomhaíochtaí fadtéarmacha i dteideal na seisiún oiliúna seo a leanas:

  • oiliúint réamhimeachta (gníomhaíochtaí trasteorann amháin) 
  • oiliúint ar theacht isteach
  • meastóireacht mheántéarmach (gníomhaíochtaí a mhairfidh sé mhí nó níos faide amháin) 
  • imeacht bliantúil de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Bainfidh na heagraíochtaí a bheidh rannpháirteach tairbhe as na seisiúin oiliúna seo a leanas:

  • oiliúint d'eagraíochtaí ar bronnadh an Lipéad Cáilíochta orthu le deireanaí
  • imeacht bliantúil d'eagraíochtaí a bhfuil an Lipéad Cáilíochta acu

Ba cheart go gcinnteofaí leis an oiliúint go bhfuil tuiscint ar róil agus ar fhreagrachtaí na heagraíochta, go dtabharfaí eolas praiticiúil agus teicniúil ar bhainistiú an tionscadail, agus go dtabharfaí eolas ar ghnéithe tábhachtacha a bhaineann leis an gCór, go dtacófaí leis an eagraíocht chun tionscadail cháilíochtúla a fhorbairt agus deiseanna líonraithe a chur ar fáil.

Meantóireacht

Ba cheart tacaíocht phearsanta a thabhairt do na rannpháirtithe trí mheantóireacht i rith a gcuid gníomhaíochta. Tá sé sin in ann cabhrú leo comhtháthú, idir a bheith ag comhtháthú in eagraíocht nua dóibhsean, agus, má tá siad ag oibriú go deonach nó ag obair thar lear, beidh siad ag comhtháthú i dtír nua.

Youthpass

Is uirlis é Youthpass – atá ar oscailt do rannpháirtithe uile an Chóir – a chabhraíonn le rannpháirtithe na torthaí foghlama a d'fhorbair siad i rith an tionscadail a shainaithint agus a thaifeadadh. Tugann sé deis dóibh cur síos a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu agus a thaispeáint cad atá foghlamtha acu – scileanna neamhfhoirmiúla nó scileanna seachfhoirmiúla ina measc. Tá sé sin go léir leagtha amach go foirmiúil i ndeimhniú Youthpass. Bhain os cionn aon mhilliún duine leas as an scéim go dtí seo agus bronnadh an deimhniú orthu.

Ag brath ar an gcineál aitheantais a theastaíonn uait, nuair a chruthaítear deimhniú Youthpass cabhraíonn sé leat machnamh a dhéanamh ar do Curriculum Vitae féin agus ceann a chruthú in Europass

Tá ról ann d'eagraíochtaí rannpháirteacha cabhrú le rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha acu agus a gcuid torthaí foghlama a thaifeadadh le cúnamh Youthpass nó uirlisí bailíochtaithe náisiúnta eile nó de chuid an Aontais Eorpaigh.

Árachas

Ní mór do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bheith i dtimpeallacht shlán an t-am ar fad. 

Beidh siad faoi árachas fad a mhairfidh a ngníomhaíocht, ón am a fhágann siad chun dul chuig a dtír óstach go dtí deireadh an dara mí tar éis dóibh a ngníomhaíocht a chur i gcrích. 

Bíonn an méid seo a leanas ag rannpháirtithe a thugann faoi ghníomhaíochtaí trasteorann (a mbíonn níos mó ná tír amháin i gceist leo):

  • cumhach comhlántach, á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach, anuas ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte nó ar chóras sláinte náisiúnta na tíre óstaí 
  • cumhdach príomhúil, á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach, mura féidir leis an rannpháirtí an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte saor in aisce a bheith aige nó aici, nó mura bhfuil sé nó sí i dteideal cumhdach faoin gcreat rialála náisiúnta. 

Déanfar aon chostas a bheidh ar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí a eagraítear ina dtír féin a aisíoc mura bhfuil siad cumhdaithe ag an gcóras sláinte náisiúnta.

Ní mór don eagraíocht óstach a chinntiú go bhfuil an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte ag an rannpháirtí agus mura féidir é sin, a chinntiú go bhfuil an rannpháirtí cumhdaithe ag an bplean árachais éigeantach dá ndéanann an Cór soláthar ina leith.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chumhdach agus faoi thacaíocht, agus treoracha chun árachas a thógáil amach, féach ar shuíomh gréasáin na cuideachta árachais.

Deimhniú rannpháirtíochta

Deimhnítear leis sin go raibh duine rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Nuair a chríochnaítear an ghníomhaíocht phleanáilte agus i ndiaidh an suirbhé ar a dtaithí a chomhlánú, beidh na rannpháirtithe i dteideal deimhniú a fháil a eiseoidh ceann de na heagraíochtaí rannpháirteacha trí thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Comhaontuithe le rannpháirtithe

Sula dtéann aon duine thar lear, ní mór do gach duine a bhíonn rannpháirteach i ngníomhaíocht oibre deonaí aonair nó a dhéanann cúrsa oiliúna nó a ghlacann le post a fhaigheann tacaíocht ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach an comhaontú don rannpháirtí a shíniú. Ní mór dóibh na gnéithe seo a leanas ar a laghad den ghníomhaíocht a shainiú:

  • Na cearta agus na freagrachtaí i ndáil leis an árachas agus an ranníocaíocht airgeadais a chuireann an Cór ar fáil 
  • Na cúraimí a bheidh le comhlíonadh i rith na gníomhaíochta (i gcás gníomhaíocht dheonach) 
  • Na torthaí foghlama atá beartaithe (i gcás gníomhaíocht dheonach). 

Cumhdaítear na cúrsaí oiliúna agus na poist i gcomhaontú breise i scríbhinn a mbíonn an t-ábhar ann ag brath ar rialacha agus ar dhlíthe na tíre ina dtairgtear an cúrsa oiliúna nó an post. 

Víosaí agus ceadanna cónaithe

B’fhéidir go dteastódh víosa ó rannpháirtithe chun am a chaitheamh thar lear sa tír chomhpháirtíochta atá ag óstáil a ngníomhaíochta, nó chun taisteal ar aghaidh ón tír sin. 

Moltar go láidir do na rannpháirtithe iarratas a dhéanamh ar víosa i bhfad roimh ré, toisc go bhféadfadh sé cúpla seachtain a thógáil é a eisiúint. 

Chun cabhair nó comhairle bhreise a fháil ar ábhar ar nós víosaí, ceadanna cónaithe agus slándála sóisialta téigh i dteagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta agus/nó Gníomhaireacht Feidhmiúcháin.

Is foinse mhaith í tairseach inimirce an Aontais Eorpaigh le haghaidh eolas ginearálta faoi víosaí agus ceadanna cónaithe, idir ghearrthéarmach agus fhadtéarmach.