Skip to main content
Our future in our hands 24-30 MAY 2021

Seachtain Eorpach na hÓige 2021

Eolas

Fearadh na fáilte romhaibh go léir! Bígí linn! Is cúis áthais dúinn Seachtain Eorpach na hÓige 2021 a fhógairt! Le linn na seachtaine 24-30 Bealtaine, beidh réimse leathan imeachtaí iontacha agus seisiúin spreagúla éagsúla ar siúl ar fud na hEorpa, iad dírithe ar an téama ‘Is orainne atá an todhchaí ag brath’. Múnlaítear an todhchaí san am i láthair agus tá sé de chumhacht agat spriocanna a leagan amach agus páirt a ghlacadh i dtionscnamh chun feabhas a chur ar an saol mórthimpeall ort. Thairis sin, seolfar cláir nua Óige an Aontais i mbliana don tréimhse 2021-2027! Is féidir le clár nua Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deis a chur ar fáil duit páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa tsochaí, cur le saincheisteanna glasa, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo le scileanna digiteacha méadaithe agus a bheith níos cuimsithí oscailte i leith na héagsúlachta.

Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna nua maoiniúcháin de chuid an Aontais nó do thuairim a chur in iúl maidir leis na próisis is cás leat? Glac páirt in imeachtaí agus pléite éagsúla agus cloisimis uait ar an gcúis thábhachtach seo!

Cén fáth ‘Is orainne atá an todhchaí ag brath’?

An dóigh leat go gcaithfidh níos mó daoine óga a bheith gníomhach agus cás a dhéanamh le haghaidh todhchaí níos fearr? Ar mhaith leat maireachtáil i sochaí atá níos cuimsithí? An ábhar ríthábhachtach duit an comhshaol? Tá sé tábhachtach áit a chruthú a mbeidh tú in ann do thuairimí a roinnt agus eolas a chur ar na bealaí agus na deiseanna nua atá ann chun difear fiúntach a dhéanamh. Sa deireadh thiar, is ortsa atá an todhchaí ag brath.

Cad é Seachtain Eorpach na hÓige?

Le linn Sheachtain Eorpach na hÓige, déantar plé ar ábhair is ábhartha do dhaoine óga, cuirtear deiseanna de chuid an Aontais i réimse na hóige os comhair an tsaoil agus déantar scéalta ratha a cheiliúradh. Is buaicphointe na n-imeachtaí Eorpacha don óige é, agus buaicphointe earnáil na hóige san Eoraip chomh maith.

Cé a eagraíonn Seachtain Eorpach na hÓige?

Is iad na Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus líonra Eurodesk príomheagraithe Sheachtain Eorpach na hÓige. In 2021, is ar an leibhéal náisiúnta agus ar líne go príomha a bheidh Seachtain Eorpach na hÓige ar siúl.

Conas páirt a ghlacadh in imeachtaí gar duit

Féach na himeachtaí a bheidh ar siúl gar duit ar an leathanach seo. Tá na himeachtaí á gcur leis an gclár de réir a chéile. Mura bhfeiceann tú aon imeacht gar duit go fóill, tar ar ais arís níos déanaí! Coinnigh súil amach don scéala is déanaí!