Domhan atá níos fearr
Vaiva, an Liotuáin, Age 10Tá súil agam go dtuigfear a thruaillithe atá an domhan agus go rachfar i ngleic leis sin.
Ba mhaith liom go mbeadh aer níos glaine ann, nach mbeadh aon truailliú ann, agus nach mbeadh aon mhí-úsáid ar ainmhithe ann. Is mian liom go mbeadh saol níos fearr ag daoine a bhfuil cónaí orthu sa Chóiré Thuaidh nó sa Bhealarúis. Is mian liom go mbeidís saor agus go mbeadh saol níos fearr acu ná mar atá anois, toisc go mbíonn siad ag fulaingt faoi láthair mar gheall ar a n-uachtaráin. Is mian liom go mbeadh gach duine go deas dá chéile, gan cogaí a dhéanamh, toisc nach dtéann aon chogadh chun sochair do dhuine ar bith.
Sílim go ndéanfar an domhan a thruailliú amach anseo, go mbeidh níos lú coillte agus crann ann agus gurb iad na róbait a dhéanfaidh cuid mhaith rudaí do dhaoine. Ní bheidh an t-aer glan agus déanfar truailliú mór ar an uisce in aibhneacha agus sna haigéin, agus beidh níos mó bruscair ann ná mar atá anois.
Más rud é go mbeidh mise liom féin chun sin a dhéanamh, ní féidir liom aon rud a dhéanamh, ach más rud é go seasfaidh an domhan le chéile athróimid an todhchaí a cheapann gach duine a bheidh go dona. Más rud é nach gcaithfidh mé carr a úsáid chun dul áit éigin, is féidir liom siúl, nó rothar, scútar nó iompar poiblí a úsáid, mar nuair a bhíonn carr in úsáid astaíonn sé gás agus salaíonn sé sin an t-aer agus beidh drochbholadh ann. Ceannaím málaí, pacáistí nó soip atá déanta as páipéar nó as ábhar eile atá go maith don chomhshaol. Bímis cineálta don domhan, ná déanaimis é a thruailliú níos mó, mar más rud é go mbeimid le chéile, is féidir linn an todhchaí a athrú.
Mothúchán
Nuair a bhím ag smaoineamh ar an todhchaí, bíonn imní orm go n-imeoidh an flora agus an fauna ón domhan. Agus tá súil agam go mbeidh gach rud ceart go leor.
Tionchar
Ní féidir liom aon rud a dhéanamh liom féin; dá bhrí sin, tá sé an-tábhachtach go dtuigeann gach duine an baol agus go ngníomhaíonn siad le chéile. Is féidir liom an fhaisnéis faoi thruailliú an chomhshaoil a chomhroinnt ar na meáin shóisialta ionas go dtuigfeadh níos mó daoine an baol atá ann maidir leis an gcomhshaol agus an méid a d’fhéadfadh tarlú amach anseo dá bharr sin.
Updated on An Chéadaoin, 09/02/2022