© European Union
Creatives Unite: Ardán Acmhainní Pobail COVID-19
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 02/02/2021
Is tréimhse thar a bheith dúshlánach í seo d'ealaíontóirí, do dhaoine cruthaitheacha agus do dhaoine atá ag saothrú i réimse an chultúir agus atá níos cleachtaithe leis an obair sheachlíne, duine le duine. Conas a thugann an tAontas Eorpach tacaíocht do na hearnálacha cruthaitheachta le linn na géarchéime seo?
Ó bhí tús ghéarchéim COVID-19 ann, is iomaí duine atá ag obair sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a chuaigh i muinín na meán sóisialta agus áiteanna eile ar líne chun leanúint ar aghaidh le cur chun cinn a ngnólachtaí ealaíne agus cruthaitheachta.
Idir agallaimh le coimeádaithe músaem, cheachtanna ceoil beo ó árasáin na gceoltóirí agus go leor leor eile, ba fheiceálaí ná mar a bhíonn de ghnáth an sreabhadh eolais agus ba dheacair in amanna foinsí suimiúla a aimsiú, idirphlé torthúil a chruthú agus tionscnaimh a fháil chun cur leis an bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil.
Is amhlaidh go minic gurb iad daoine óga a bhíonn ina gceannródaithe ar thionscnaimh chultúir i ngeall go mbíonn cur amach níos fearr acu ar uirlisí teicneolaíochta agus digiteacha, den chuid is mó. Tá an cur amach sin ríthábhachtach le linn na tréimhse seo ó tharla gur taobh thiar de scáileán a dhéantar an chuid is mó de ghníomhaíochtaí laethúla anois.
Sa chomhthéacs sin agus mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, an 5 Bealtaine sheol an Coimisiún Eorpach an t-ardán Creatives Unite, spás digiteach arb é is aidhm dó na tionscnaimh go léir a bhaineann le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta an Aontais, agus an t-eolas go léir fúthu, a bhailiú le chéile.
Tá an t-ardán roinnte ina thrí phríomhchuid: Earnáil, Ceantar agus Gníomhaíocht.
Sa chéad cheann, tiocfaidh tú ar earnálacha difriúla cultúir: idir cheol, fhéilte, na hamharcealaíona, fhíschluichí agus go leor eile. Má roghnaíonn tú “Ceantar”, beidh tú in ann díriú isteach ar an ábhar Eorpach nó ar an ábhar idirnáisiúnta agus má roghnaíonn tú “Gníomhaíocht”, tabharfar an deis duit féachaint ar na cineálacha difriúla tionscnamh a chuirtear chun cinn ar an ardán, cuir i gcás scéalta agus dea-chleachtais, suirbhéanna, uirlisí nó deiseanna maoiniúcháin. Is ó thíortha éagsúla a thagann na gníomhaíochtaí agus na réitigh chruthaitheacha go léir, rud atá áisiúil agus tú ag iarraidh teacht ar smaoineamh spreagúil chun anam a chur sa tionscadal cultúir agat féin.
Tá sé ríthábhachtach tabhairt do d'aire gur tionscadal comhoibríoch é an tionscadal seo, rud a chiallaíonn go gcuirtear fáilte roimh gach duine a bhfuil tionscadal ar bun acu faoi láthair nó ar mian leo eolas a roinnt.
Féadfaidh tú do chuid eolais féin a roinnt go díreach anseo.
Ná déan dearmad ach an oiread féachaint ar an leathanach tiomnaithe EU response, ar a bhfuil fógraí oifigiúla faoi ráig an choróinvíris agus faoin tacaíocht atá ar fáil do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta.