Skip to main content
©Unicef 2019 ©Unicef 2019

Géarchéim na ndídeanaithe Róihinseacha: Cairdeas a chothú ag an Aontas chun an tsíocháin a chur chun cinn

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 27/08/2021

Trí thionscnamh nua lena dtugann an tAontas tacaíocht dó sa Bhanglaidéis, tá ceangal á dhéanamh idir na mílte dídeanaithe óga Róihinseacha agus an óige áitiúil. An sprioc? An teannas a mhaolú agus an tsíocháin a chur chun cinn trí chuidiú leo nasc a chothú eatarthu féin agus fáil amach a mhéad is coiteann dóibh.

Faoi láthair, tá líon mór dídeanaithe Róihinseacha ag lorg dídean i gcampaí ollmhóra plódaithe Cox’s Bazar na Banglaidéise tar éis dóibh teitheadh ó Mhaenmar, áit ar fhulaing siad blianta den ghéarleanúint agus ar stiúir an t-arm feachtas fuilteach ina gcoinne in 2017

Is iomaí duine óg cosúil leatsa atá ina measc.

Is beag dóchas atá acu don todhchaí i ngeall ar na cúinsí deacra maireachtála atá acu agus ó tharla go bhfuil siad trámaithe ag an méid a d'fhulaing siad. Is é a dhéanann a gcruachás níos casta an teannas atá ag éirí idir iad féin agus na húdaráis agus muintir na háite. 

Is sa chomhthéacs sin atá ról á imirt ag an Aontas Eorpach.

In éineacht le UNICEF, sheol an tAontas clár nua um chothú na síochána lena dtógtar le chéile 20,500 déagóir agus duine óg ón bpobal Róihinseach agus ó phobail áitiúla na Banglaidéise araon.

An sprioc?

“Lárionaid shóisialta” a chruthú chun go mbeidh na daoine óga sin in ann meascadh le chéile agus cairde a dhéanamh, spórt a imirt, scileanna a fhoghlaim, foghlaim faoi réiteach coinbhleachta agus chun go dtabharfaidh siad faoi deara go bhfuil i bhfad níos mó ann a nascann le chéile ná mar a scarann ó chéile iad. 

“Ní raibh aon chara Róihinseach agam riamh. Ach anois, tá ceann amháin agam,” a dúirt Samira, ar rannpháirtí óg Banglaidéiseach í atá 17 mbliana d’aois. “Roinnim mo chuid fadhbanna léi agus roinneann sise a cuid fadhbanna liomsa.”

Curaidh an athraithe

Tá na lárionaid mar chuid de chlár €3.3 milliún atá á mhaoiniú ag an Aontas chun déagóirí a spreagadh le bheith ina ngníomhaithe don athrú sna pobail acu féin.

“Is ábhar bróid don Aontas Eorpach é daoine óga ó chúlraí difriúla a thabhairt le chéile chun na heispéiris atá acu a roinnt le chéile i dtimpeallacht shlán, thacúil foghlama,” a dúirt Rensje Teerink, Ambasadóir an Aontais chuig an mBanglaidéis. “Tá bearnaí á líonadh againn idir pobail agus tá bunchloch láidir á leagan síos againn le haghaidh caidrimh shíochánta agus comhtháthú sóisialta.” 

Cuireadh na chéad lárionaid ar bun sna campaí in Jamtoli agus in Shamlapur go luath i mí Dheireadh Fómhair 2019 agus osclaíodh trí cinn eile ó shin. Féach ar an bhfíseán anseo

Idirphlé chun bearnaí a líonadh

Gné eile den tionscnamh seo is ea obair for-rochtana le breis agus 12,000 tuismitheoir chomh maith le ceannairí áitiúla poiblí agus reiligiúnacha Róihinseacha agus Banglaidéiseacha araon. Sa bhreis ar ghníomhachtaí ardaithe feasachta, aidhm eile is ea labhairt faoi fhadhbanna sóisialta agus réitigh a fhorbairt, rud atá an-tábhachtach. 

Tá breis agus €25.6 milliún curtha ar fáil ag an Aontas do UNICEF ón uair a thosaigh géarchéim mhuintir Róihinse i mí Lúnasa 2017. Baineadh úsáid as an maoiniú chun tacaíocht a thabhairt do na dídeanaithe agus do na pobail óstacha araon trí uisce, trí bhia agus trí oideachas a sholáthar, chomh maith le seirbhísí a bhaineann le cosaint leanaí agus le foréigean inscnebhunaithe. 

“Is príomh-chomhpháirtí de chuid UNICEF é an tAontas Eorpach agus táimid ag súil le leanúint ar aghaidh leis an gcomhar sin chun tacaíocht a thabhairt do dhéagóirí agus do dhaoine óga Róihinseacha agus do na pobail óstacha,” a dúirt Tomoo Hozumi, ionadaí UNICEF sa Bhanglaidéis. “Tacaíonn daoine óga atá cumhachtaithe chun sochaí a fhorbairt atá ag éirí níos caoinfhulangaí agus níos ionchuimsithí.”

An Fóram Domhanda um Dhídeanaithe

Tháinig seoladh an chláir um chothú na síochána roinnt seachtainí sula dtionóladh an pobal idirnáisiúnta sa Ghinéiv an 17 agus an 18 Nollaig don chéad Fhóram Domhanda um Dhídeanaithe. Bhí an Comhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe ag croílár an fhóraim, comhshocrú lena n-iarrtar tacaíocht níos fearr do dhídeanaithe agus do thíortha óstacha. Féachann sé chuige freisin cuidiú le dídeanaithe a bheith níos féintuilleamaíche chun go mbeidh siad in ann todhchaí níos fearr a bhaint amach dóibh féin.