Skip to main content
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
© UNICEF © UNICEF

U-Report: an chumhacht chun difear a dhéanamh ar bharr na méar agat

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 29/09/2020

Ón Úcráin go Mósaimbíc, tá deis á tabhairt do dhaoine óga ar fud an domhain éisteacht a fháil agus dul i bhfeidhm ar lucht déanta cinntí trí U-Report, an uirlis teachtaireachtaí sóisialta de chuid UNICEF.

Le cuidiú ón Aontas Eorpach, is ionann sin agus athruithe dearfacha ina saol go minic.

Ar fud an domhain, tá daoine óga, cosúil leat féin, ag baint leas as barr na méar chun difear a dhéanamh ina n-áit chónaithe. Ach ní hé go bhfuil an méid sin á dhéanamh acu ar Twitter, Facebook, Snapchat ná Instagram. Táimid ag caint ar U-Report.

Beir greim ar do ghuthán agus lean U-Report Global ar Facebook Messenger. Is uirlis teachtaireachtaí saor in aisce é sin a chruthaigh UNICEF. Tá sé so-úsáidte, rúnda agus cuireann sé faisnéis agus aiseolas fíor-ama ar fáil. 

Cén tairbhe duitse é?

Is féidir leat do thuairim a nochtadh faoi cheisteanna a mbíonn tionchar acu ar do chomharsanacht. Is féidir leat aon ábhar imní atá agat a chur in iúl do cheannairí i do phobal. Ina theannta sin, is féidir na nithe a chuireann ó chodladh na hoíche thú nó na nithe ba mhaith leat a athrú i do cheantar a chur in iúl dóibh. Is féidir teacht ar fhaisnéis cothrom le dáta faoi cheisteanna éagsúla, an tsláinte, an tsláintíocht, poist, VEID/SEIF, an coróinvíreas ina measc, nó nithe eile a bhfuil tábhacht leo dar leat.

Eagraíochtaí neamhrialtasacha, an tsochaí shibhialta, oifigigh rialtais agus ceannairí tofa: is féidir leo ar fad an fhaisnéis a phostáiltear ar shuíomh U-Report a fheiceáil chun tuiscint a fhail ar a bhfuil de dhíth ort agus chun athruithe a dhéanamh.

Faoi mar atá, tá breis agus 11 mhilliún U-thuairisceoir in 67 dtír, ón bPoblacht Dhoiminiceach go dtí an Indinéis. Mar sin, cén mhoill atá ort féachaint air?

An Úcráin a athrú ó bhun

Chun an scéal a bhogadh ón saol digiteach chuig an saol réadúil, déanann U-Report imeachtaí a óstáil ina dtugtar U-thuairisceoirí le chéile.
Is fóram bliantúil é ‘From Dreams to Action’ dóibh siúd a ghlacann páirt rialta i bpobalbhreitheanna U-Report. A bhuí leis an imeacht sin, is féidir le daoine óga, cosúil leat féin, bualadh le chéile agus smaointe a roinnt faoin gcaoi ar féidir maitheas a dhéanamh. 

I mí Dheireadh Fómhair 2018, reáchtáladh an fóram in Sviatohirsk, baile i limistéar na coimhlinte in oirthear na hÚcráine. D’fhreastail 70 tuairisceoir in 18 bhfoireann ó gach cearn den Úcráin ar an imeacht, áit ar fhoghlaim siad scileanna chun a gcuid tionscadal féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme, rud nach bhfoghlaimítear ar scoil i gcónaí.

Seo mar a labhair duine d’fhoireann thionscadal na Leabharlainne Uirbí StudySpace – Mariupol ina thaobh: ‘Is léir dúinn cheana go bhfuil sé chomh maith lena rabhamar ag súil. Tá eolas an-spéisiúil faighte againn ó lucht na bpainéal agus na gceardlann faoi rannpháirtíocht na hóige i ngníomhaíochtaí pobail agus faoi conas féachaint chuige go mbeadh rannpháirtíocht na hóige éifeachtach.’ Is éard a bhí i gceist leis an tionscadal spásanna a chruthú do dhaoine óga inar féidir smaointe a phlé agus a fhorbairt chun an saol a fheabhsú ina gcathair.

Fuair cúig fhoireann maoiniú chun a gcuid brionglóidí a fhíorú. Mar chuid de sin, tugadh spreagadh do dhaoine óga taisteal chuig áiteanna nach bhfuil an oiread sin clú orthu san Úcráin, bhí cúrsaí samhaltaithe 3D agus oiliúint scileanna ceannaireachta i gceist mar aon le tionscadal chun córas bainistithe dramhaíola a chur ar bun i sráidbhaile gar do limistéar na coimhlinte. 

Ach U-Report a úsáid, spreag gach foireann idir 100 agus 500 duine dá gcuid cairde chun páirt a ghlacadh ina dtionscadail.

UNICEF agus an tAontas Eorpach ag dul i bpáirt le chéile ar mhaithe leis an óige

Páistí scoile a bhfuil cónaí orthu i gceantair i limistéar na coimhlinte san Úcráin, tá fadhbanna áirithe acu, mar shampla easpa soláthairtí sláinteachais, easpa príobháideachais le linn an mhíostraithe, agus fáil ar leithris.
Tá ganntanas faisnéise ann do pháistí faoin tsláinte ghnéis agus faoin sláinteachas míosta – is é an chaoi nach ndéantar a dhóthain plé ar na hábhair sin. Déanann cailíní áirithe bulaíocht nó ciapadh ar chailíní eile faoin míostrú.

Tháinig an méid sin chun solais trí phobalbhreitheanna U-Report a rinneadh i gceantair Donetsk agus Luhansk agus ar ghlac 9,000 duine óg páirt iontu. Ceistíodh na páistí faoi ábhair éagsúla, an tsábháilteacht ar líne, cuir i gcás, nó cosc ar an bhforéigean, an t-athrú aeráide, réiteach coinbhleachta, rannpháirtíocht saoránach, an cúram sláinte, agus an t-oideachas.

Bhí siad ag glacadh páirte ann mar chuid de thionscadal UNICEF atá á mhaoiniú ag an Aontas chun cuidiú le daoine óga sa taobh sin den Eoraip. A bhuí leis an obair foirne sna heagraíochtaí sin, seoladh feachtais faoi shláinte na mban, dáileadh pacáistí sláinteachais agus feabhsaíodh áiseanna sláintíochta sna scoileanna.

Laochra i Mósaimbíc

‘Braithim gur laoch atá ionam. Is féidir liom roghanna a dhéanamh go comhfhiosach anois. Cuidím le cailíní atá sa chás céanna ina raibh mise tráth dá raibh. Insím mo scéal féin dóibh agus tugaim treoir dóibh agus roghanna á ndéanamh acu.’
Sin mar a labhair Filomena, bean Mhósaimbíceach 22 bhliain d’aois a thugann cuidiú do chailíní óga déileáil le deacrachtaí atá cosúil leo siúd a bhí aici féin agus í ag teacht in inmhe. I Mósaimbíc, tugtar SMS Biz ar U-Report.
Tá Filomena ar dhuine den iliomad meantóirí ar cuireadh oiliúint uirthi tríd an gclár SMS Liz chun cuidiú lena piaraí. Freagraíonn sí téacsanna faoi cheisteanna éagsúla, mar shampla pósadh leanaí, an foréigean, VEID agus sláinte ógánach.

Tá breis agus 291,000 leanbh sa tír seo tar éis ceangal leis an tseirbhís. Faigheann cailíní agus buachaillí freagraí ar cheisteanna nach maith leo a chur ar dhaoine fásta go minic toisc nach mbíonn siad ar a gcompord; baineann na ceisteanna sin lena gcearta, le cúrsaí caidrimh, leis an ngnéasacht, le VEID agus le SEIF.

A bhuí leis an obair foirne idir lucht an Tionscnaimh Spotlight agus SMS Biz, tá moil chomhairleoireachta á gcur ar bun. Sna moil sin, cuirtear oiliúint mheantóireachta ar mhná óga agus múintear dóibh conas na fiosrúcháin a fhaigheann siad i bhfoirm SMS a fhreagairt, rud a fhágann gur féidir le breis daoine teacht ar chuidiú ar bhealach níos gasta. 

Tá oiliúint á cur ar 20 meantóir sa mhol atá á chur ar bun i gcúige Nampula i Mósaimbíc agus, le chéile, is féidir leo freagra a thabhairt ar suas le 30,000 ceist in aghaidh na míosa.
Is gá teacht a bheith ag daoine ar fhaisnéis den sórt sin. De réir an Tionscnaimh Spotlight, thart ar 46% de na cailíní i Mósaimbíc atá idir 15 bliana d’aois agus 19 mbliana d’aois, tá siad torrach nó tá clann orthu cheana. 

Toisc gur beag fáil a bhíonn acu ar an oideachas, agus de dheasca an fhoréigin ar bhonn inscne, tá ag teip ar roinnt mhaith daoine barr a gcumais a bhaint amach.
Mar sin, cén fáth nach gcuideofá leo barr a gcumais a bhaint amach ach barr na méar a chur ag obair!