© 2019 European Union
Obair dheonach a dhéanamh ar mhaithe leis an tsíocháin agus le cearta an duine ar fud an domhain
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 29/09/2020
Tá Maud Bailly ag obair mar Shaorálaí Cabhrach de chuid an Aontais sa Cholóim le bliain anuas. Is iomaí scéal eile atá cosúil lena scéal féin. Is féidir leatsa freisin iarratas a dhéanamh chun feabhas a chur ar shaol daoine ar fud an domhain, agus taithí oibre phraiticiúil a fháil i gcothú na síochána agus i gcearta an duine.
Tá cathair Tumaco i ngreim ag grúpaí armtha ar feadh i bhfad agus is sa chathair sin atá Bailly ag obair le Movimiento por la Paz, eagraíocht neamhrialtasach de chuid na Spáinne. Oibríonn sí ar thionscadail chun chun mná áitiúla, ar cosantóirí chearta an duine iad, a chosaint agus a n-eagraíochtaí pobail a neartú.
Mar chuid den obair sin, déanann sí measúnuithe riosca, ceapann sí straitéisí coisc agus cosanta agus cuireann sí réimse leathan gníomhaíochtaí chun feidhme chun cuidiú leis na mná agus lena bpobail. I measc na ngníomhaíochtaí sin, tá ceardlanna maidir le folláine, féinchúram agus féinchosaint mar aon le cistí éigeandála a chur ar bun. Féadfaidh gníomhaíochtaí cultúrtha do dhaoine óga atá i mbaol a bheith mar chuid díobh freisin.
“Is iomaí cás atá ann de ghrúpaí armtha ag earcú daoine mionaoiseacha,” a dúirt Bailly, atá 26 bliana d'aois, le Tairseach Eorpach na hÓige trí fhíseán ón gColóim. “Trí ghníomhaíochtaí mar sin a chur ar fáil do dhaoine óga, is é an smaoineamh atá ann go ndéanfar iad a chosaint ar bhealach níos fearr agus nach mbeidh siad chomh leochaileach céanna is atá.”
Is as an bhFrainc do Bailly agus dúirt sí gur chuidigh an taithí léi forbairt a dhéanamh ar bhonn pearsanta agus ar bhonn gairmiúil araon.
“Tá go leor foghlamtha agam faoi chomhthéacs na Colóime agus na dúshláin a bhaineann leis an bpróiseas um chothú na síochána,” a dúirt sí. “Tá go leor foghlamtha agam freisin ó na cosantóirí chearta an duine iad féin agus faoin misneach atá ag teastáil chun an obair a dhéanann siad a dhéanamh.”
An bhfuil tú spreagtha ag an méid sin? Má tá, féach tairseach na Saorálaithe Cabhracha de chuid an Aontais le fáil amach conas is féidir leatsa páirt a ghlacadh freisin.
Tacaíonn Saorálaithe Cabhracha an Aontais le cabhair dhaonnúil i dtíortha atá thíos le tubaistí. Faigh eolas maidir leis an gcaoi a bhfuil daoine óga ag neartú pobal agus ag forbairt na scileanna atá ag teastáil uathu san am céanna.
Féadfaidh daoine “sóisearacha” páirt a ghlacadh ann
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois ar a laghad agus a bheith i do shaoránach den Aontas nó i do chónaitheoir fadtéarmach i mBallstát. Cé go bhfuil scileanna riachtanach, ní gá mórán taithí oibre a bheith agat ó tharla go bhfuil socrúcháin “shóisearacha” ar fáil.
Cuirtear folúntais nua in airde go tráthrialta agus féadfaidh sé go maireann siad ar feadh aon mhí amháin go dtí 1.5 bliain. Dírítear sna tionscadail ar réimse leathan saincheisteanna a bhfuil baint acu le cothú na síochána agus le cearta an duine ach le réimsí eile freisin, cuir i gcás fóirithint agus forbairt, laghdú rioscaí tubaiste, slite beatha a fheabhsú agus sláinte.
Seoltar oibrithe deonacha chuig an Eoraip agus an Áise Láir, an Afraic, an Áise-an Aigéine, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, mar aon leis an Meánoirthear. Ach ní sheolfar daoine riamh isteach go limistéar cogaíochta.
Is iad eagraíochtaí atá deimhnithe ag an Aontas a dhéanann an earcaíocht agus a chuireann na tionscadail chun feidhme ar an talamh. I measc na n-eagraíochtaí sin, tá an eagraíocht neamhrialtasach Mondo de cuid na hEastóine a sheolann oibrithe deonacha chuig eagraíochtaí beaga pobail i dtíortha cosúil le Gána agus an Úcráin.
“Beidh dlúthchaidreamh acu leis an bpobal agus beidh tuiscint acu ar na fadhbanna agus ar riachtanais an phobail, mar aon leis na dúshláin atá roimh na daoine,” a dúirt an comhalta boird, Maari Ross.
I do cháil mar oibrí deonach, cuirfear traenáil agus meantóireacht saor in aisce ar fáil duit chun cuidiú leat scileanna a fhorbairt agus aon ní a d'fhéadfadh teacht aníos a láimhseáil.
Ní féidir leat dul go tír éigin eile? Cuirtear cuid de na deiseanna chun obair dheonach a dhéanamh ar fáil ar líne chun go mbeidh tú in ann do chuid ama a thabhairt ar an gcaoi sin.
“Uathúil”
Is í Nacira Boulehouat atá freagrach as scéim Saorálaithe Cabhrach an Aontais ag an Ard-Stiúrthóireacht um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta agus dúirt sí gur scéim uathúil í.
“Ceapaimid gur scéim uathúil í scéim Saorálaithe Cabhrach an Aontais,” a dúirt sí. “Is í an t-aon scéim san Aontas Eorpach í a chuirtear ar fáil chun go mbeidh oibrithe deonacha in ann tacaíocht a chur ar fáil ar fud an domhain.”
Mar chuid den tionscnamh, táthar ag cur cór daoine cáilithe le chéile a thagann ar ais óna dtréimhse oibre deonaí chun earnáil dhaonnúil agus forbartha na hEorpa a shaibhriú, a dúirt Boulehouat freisin.
Ba mhaith le Bailly, mar shampla, dul ag obair le heagraíocht a chosnaíonn cearta imirceach nuair a fhágann sí an Cholóim.
Sna blianta amach romhainn, táthar ag súil leis go mbeidh scéim Saorálaithe Cabhrach an Aontais mar chuid den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.