Skip to main content
© Model European Union © Model European Union

Roghnaigh do ról i Samhail an Aontais Eorpaigh

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 06/09/2021

An bhfuil tú ag iarraidh blaiseadh a fháil den ról a bhíonn ag Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa, ag Aire de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ag iriseoir, stocaire, grianghrafadóir nó ateangaire? Bí páirteach in ionsamhlú den phróiseas a bhaineann le dlíthe nua a cheadú san Aontas Eorpach.

Cad atá i gceist leis? 

Is ionsamhlú í Samhail an Aontais Eorpaigh (MEU) de phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh a bhíonn ar siúl in Strasbourg gach bliain. Déanann na rannpháirtithe aithris ar obair institiúidí na hEorpa i bParlaimint na hEorpa, agus pléitear dhá thogra reachtacha chonspóideacha a tharla i ndáiríre agus a dhréachtaigh an Coimisiún Eorpach

Déanann Feisirí Pharlaimint na hEorpa agus airí Chomhairle an Aontais Eorpaigh ionsamhlú ar an ngnáthnós imeachta reachtach, agus déanann stocairí iarracht tionchar a imirt ar an dá ghrúpa. Tugann iriseoirí tuairisc ar fhorbairt an phlé agus é ar bun agus bíonn ateangairí i mbun ateangaireachta ar na díospóireachtaí go dtí a dteanga dhúchais nó go Béarla.

"Má tá tú ag iarraidh fáil amach faoi chúrsaí polaitíochta i ndáiríre, caithfidh tú a bheith páirteach i Samhail an Aontais Eorpaigh! Níl a sárú le fáil ó thaobh méide, gairmiúlachta… agus spraoi! Feicfidh tú saol ina mbíonn imreas focal, scannail i measc iriseoirí, smaointeoireacht straitéiseach… ach gheobhaidh tú blaiseadh de mheitheal oibre ag obair agus den chaibidlíocht freisin! Gheobhaidh tú luach saothair ar do chuid iarrachtaí sa tSamhail leis an taithí ghairmiúil agus rud speisialta ann féin, cuirfidh tú aithne ar dhíograiseoirí eile as an Aontas Eorpach agus mairfidh an aithne sin i bhfad. Dream iad seo a gcasfaidh tú orthu arís, gan amhras!" Agata, a bhí páirteach sa tSamhail in 2018 mar Fheisire de chuid Pharlaimint na hEorpa agus a bhain céim sa dlí amach le déanaí.

Cén fáth ar cheart duit a bheith páirteach?

Ní hamháin go bhfaighidh tú tuiscint níos fearr ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh trí bheith rannpháirteach sa tSamhail, ach tabharfaidh sé do dhúshlán ar bhealaí eile freisin. Cuideoidh sé leat scileanna difriúla a fhorbairt, ar nós a bheith in ann labhairt go poiblí, oibriú mar mheitheal faoi bhrú agus cur le do chuid scileanna caibidlíochta.

Beidh deis speisialta agat freisin bualadh le daoine óga as gach cearn den Eoraip agus a bheith ag gabháil d’ionsamhlú dea-eagraithe agus dúshlánach.

Conas iarratas a dhéanamh?

Is féidir le haon duine ar fud na cruinne iarratas a dhéanamh. Caithfidh tú a bheith idir 18 agus 27 mbliana d'aois fad agus a mhairfidh an chomhdháil.

Ba cheart don iarratasóir a bheith fiosrach faoin Aontas Eorpach agus faoina phróisis chinnteoireachta agus a bheith in ann a bheith rannpháirteach go gníomhach sa chur agus cúiteamh.

Pioc ceann de na róil atá ar fáil agus lean an nós imeachta iarratais, tá sé an-simplí!