Skip to main content
© European Union © European Union

Conas is féidir páirt a ghlacadh in Idirphlé Óige an Aontais?

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 10/11/2023

Is é do shealsa é. Glac páirt ann. Cuir do thuairim in iúl. Cloisimis uait. Tá tábhacht le do ghuthsa!

Teagmháil a dhéanamh le meitheal náisiúnta do thíre agus páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí a eagraíonn siad, tá sin ar na bealaí is éasca le do thuairimí a chur in iúl tríd an Idirphlé Óige. Tá breis eolais faoi na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí a eagraíonn siad le fáil ar a suíomh gréasáin.

Tagann na grúpaí seo a leanas, mar aon le grúpaí eile, le chéile sna meithleacha sin:

  • ionadaithe aireachtaí óige agus aireachtaí eile,
  • comhairlí náisiúnta óige,
  • comhairlí óige áitiúla agus réigiúnacha,
  • eagraíochtaí óige,
  • ionadaithe ón nGníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ le haghaidh an chláir ‘An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta’,
  • daoine óga ó chúlraí éagsúla,
  • soláthraithe faisnéise óige, agus
  • taighdeoirí óige.

Mar sin féin, tá roinnt eagraíochtaí óige Eorpacha ann, a roghnaítear trí ghlao, a eagraíonn comhairliúcháin agus plé ar an leibhéal Eorpach i gcomhthéacs phróiseas reatha Idirphlé Óige an Aontais, is é sin “Deiseanna a chruthú don Óige”.

Tá liosta de na heagraíochtaí sin, agus na sonraí teagmhála atá acu, le fáil anseo.

An féidir le m’eagraíocht óige díospóireachtaí a reáchtáil freisin?

Tríd an gclár Erasmus+, cuireann an tAontas Eorpach maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí ar mian leo gníomhaíochtaí a reáchtáil faoin Idirphlé Óige (Príomhghníomhaíocht 3).

Is gá an tionscadal a bheith faoi cheannas daoine óga agus ní mór dóibh a bheith rannpháirteach go gníomhach ann ag gach céim de.

Tá tuilleadh eolais faoi na deiseanna maoiniúcháin sin anseo.