© Unsplash - Clem Onojeghuo
Fréamhacha cultúrtha: rud speisialta do dhaoine san Eoraip ar spéis leo músaeim
An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 06/08/2025
An bhfuil cuairt tugtha agat cheana ar Le Louvre i bPáras, El Prado i Maidrid nó Gli Uffizi i bhFlórans? Ar mhaith leat cuairt a thabhairt ar chineál eile músaeim?
Ná bíodh aon imní ort, tá go leor roghanna ann (cuid acu neamhghnách go leor) do dhaoine ar maith leo músaem agus atá ag taisteal san Eoraip. An bhfuil tú réidh le dul i bhfeidhm ar do chairde taistil?
An-uathúil go deo
Músaem na gCaidreamh Briste, Ságrab (an Chróit)
Mála folamh brioscaí? Bábóg poircealláin? Triomadóir gruaige? Nó giuirléid álainn a fuarthas le linn caidreamh a bhfuil deireadh leis anois. Tabhair leat iad go léir chuig an músaem iontach seo sa Chróit agus ní hamháin go bhfaighidh tú réidh leo ach cuirfidh tú lena bhailiúchán buan freisin. Seo fíric shuimiúil duit: tá suíomh eile ag an músaem seo i Los Angeles grianmhar, California (SAM).
Músaem Heilléanach na Teicneolaíochta Faisnéise, an Aithin (an Ghréig)
Aon duine a rugadh le fiche bliain anuas, tá réscáileáin agus fóin chliste bhreátha timpeall air ó bhí sé beag bídeach, ach cad a tharlaíodh i ré na ríomhairí troma agus an Commodore chlúitigh? Faigh amach faoi stair na teicneolaíochta faisnéise ó 1970 go dtí lár na 90idí i gcathair mhiotasach na hAithne.
Músaem na Mionphictiúr, Prág (Poblacht na Seice)
Lonnaithe i Mainistir Strahov i bPrág, tá an bailiúchán is mó ar domhan de Mhionphictiúir sa mhúsaem seo. Is saothar ealaíne an-bheag (go deo) é mionphictiúr nach féidir a fheiceáil le radharc na súl ach a d’fhéadfá a chur trí chró snáthaide.
Flóra & Fána
Katten Kabinet, Amstardam (an Ísiltír)
Cé acu is fearr leat, cait nó madraí? Más iad cait a roghnaigh tú, bainfidh tú sult as Katten Kabinet. Tá líníochtaí de chait, póstaeir de chait, fiú dealbha de chait le feiceáil ann. Déan iniúchadh in Amstardam ar stair an tsaothair ealaíne a léiríonn an dara cara is dílse atá ag an duine!
Froggyland, Split (an Chróit)
507 bhfrog stuáilte in aon áit amháin! Seo a bhfuil fágtha de bhailiúchán ollmhór Ferenc Mere, saineolaí ar ealaín na seitheadóireachta a chruthaigh na froganna seo níos mó ná 100 bliain ó shin. Feicfidh tú froganna agus iad gléasta mar iascairí, oibrithe adhmaid nó múinteoirí – agus spéaclaí á gcaitheamh acu sa chás sin, ar ndóigh.
Gairdín na Lus agus an Músaem Luibheolaíochta, Beirlín (an Ghearmáin)
Tar éis tamall a chaitheamh sa i gcruinne an fhána, beidh tú ag iarraidh roinnt flóra a fheiceáil agus cuirfidh an áit seo, ina bhfuil 43 heicteár agus 20,000 speiceas plandaí ón Afraic, ón Astráil, ó Oirthear na hÁise, ón Teochrios agus ó imchuach na Meánmhara, ola ar do chroí. Má theastaigh uait i gcónaí foraois iomlán a fheiceáil i mbosca bróg, tabhair cuairt ar an Músaem Luibheolaíochta. Díríonn sé ar an luibheolaíocht amháin agus is é an t-aon cheann den chineál sin é i lár na hEorpa. Bíonn sé oscailte sa samhradh agus sa gheimhreadh araon.
Glao ar dhaoine ar spéis leo an dearadh
An Músaem Neoin, Vársá (An Pholainn)
An raibh tú i gcónaí ag smaoineamh faoinar tharla don chomhartha neoin a taispeánadh le linn ré an Chogaidh Fhuair? Tá an freagra againne, nó is cirte a rá gur ag an Músaem Neoin atá sé. Tá bailiúchán an-fhótaigineach ann ina bhfuil na céadta píosaí leictreaghrafacha a bhreathnódh go hiontach ar d’fhotha Instagram.
Músaem Groninger, Groninger (an Ísiltír)
Achoimre: foirgneamh iar-nua-aoiseach eisceachtúil agus ildaite atá lonnaithe ar oileán. Ba é Alessandro Mendini a dhear an músaemn seo agus is cinnte go gcuirfidh na taispeántais spéisiúla agus an bailiúchán fíorshuimiúil atá ann iontas ort. Is é Museumeiland uimhir 1, Groningen seoladh an mhúsaeim.
Músaem Guggenheim, Bilbao agus an Veinéis (an Spáinn agus an Iodáil)
Is iad an dá mhúsaem seo croí Fhondúireacht Solomon R. Guggenheim san Eoraip. Tá an ceann sa Spáinn lonnaithe i bhfoirgneamh álainn nua-aimseartha ach is i bpálás ón XVIII hAois atá an dara ceann suite, os comhair na Canálach Móire sa Veinéis. An bhfuil suim agat san ealaín? Tapaigh an deis!
Eispéireas beo
An Taispeántas Dofheicthe, Búdaipeist (an Ungáir)
Bíodh do shúile dúnta nó oscailte, ní dhéanfaidh sé difear ar bith duit mar gur sa dorchadas atá an taispeántas seo. Is féidir leat a bheith ag éisteacht, lámh a leagan ar rudaí, cothrom do choirp a úsáid nó boladh de rudaí agus foghlaimeoidh tú beagán faoi eispéireas an daill.
Músaem Náisiúnta na Leipreachán, Baile Átha Cliath (Éire)
Is neach draíochta, saghas cosúil le sióg nó lucharachán, atá sa leipreachán agus sa mhúsaem seo braithfidh tú gur leipreachán tusa freisin (ó thaobh méide ar aon nós). Mothóidh tú go bhfuil tú beag bídeach i gcathaoir ollmhór i ndomhan seo na miotas agus na bhfinscéalta agus bí réidh le cró folaigh na seoda a aimsiú.
Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil (an Bheilg)
Agus an meall mór ar deireadh: cén fáth a léifeá faoi scéal an Aontais Eorpaigh nuair is féidir leat éisteacht leis, é a fheiceáil agus lámh a leagan air? Siúil timpeall, tóg pictiúir, imir leis na léarscáileanna idirghníomhacha agus faigh amach faoi stair uathúil na hEorpa r.