Skip to main content
© Sebastian Herrmann - Unsplash © Sebastian Herrmann - Unsplash

Cultúr na hEorpa ar bharra do mhéar agat

An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 01/10/2020

An Eoraip: áit idirchultúrtha, ina bhfuil traidisiúin éagsúla chócaireachta agus, ar ndóigh, oidhreacht láidir chultúrtha. Ach cén chaoi ar féidir leat taithí a fháil uirthi ar bhealach inrochtana agus tairbhiúil? Seo roinnt roghanna duit.

Bailiúcháin chultúrtha na hEorpa ar líne

Tugann Europeana deis duit féachaint ní hamháin ar phictiúir agus ar mhíreanna músaeim, ach ar na milliúin leabhar agus taifid cartlainne a rinneadh a dhigitiú ar fud na hEorpa chomh maith. 

Seoladh Europeana sa bhliain 2008 agus oibríonn sé mar leabharlann, músaem agus cartlann dhigiteach ilteangach. A bhuí leis is féidir teacht go tapa agus go héasca ar níos mó ná 23 mhilliún mír ó leabharlanna, músaeim, cartlanna, gailearaithe agus bailiúcháin chlosamhairc as 33 thír.

Áit iontach le haghaidh scannán is ea an tairseach European Film Gateway. Soláthraíonn sí áit amháin le teacht ar scannáin, íomhánna agus téacsanna as bailiúcháin a roghnaíodh as 38 gcartlann scannán ar fud na hEorpa.

Is áit spéisiúil eile é Cineuropa do dhaoine a bhfuil dúil acu i scannáin. Is é seo an chéad tairseach Eorpach atá tiomnaithe do scannánaíocht agus do chultúr an domhain. Tá sé ar fáil i gceithre theanga agus coinneoidh sé ar an eolas thú faoi na scéalta is déanaí i réimse iomlán na scannánaíochta san Eoraip. 


Cuairt a thabhairt ar fhíor-mhúsaem

Más fearr leat fíor-mhúsaeim, is féidir leat leas a bhaint as Oíche Eorpach na Músaem, tráthnóna speisialta ina mbeidh cuairteanna saor ó tháille. I mí na Bealtaine gach bliain, tugann níos mó ná 4,000 músaem i 40 tír saorchead isteach nó lascaine le pas speisialta.

Nach féidir leat fanacht ar Oíche Eorpach na Músaem mar gur mian leat dul chuig músaem anois díreach? Seans go mbeidh tú incháilithe le haghaidh ceann den iliomad lascainí a bhíonn ar fáil do dhaoine óga ar fud na hEorpa.

Más mac léinn thú, is féidir leat ticéad ar phraghas níos ísle a cheannach, de ghnáth, trí do chárta mac léinn nó cárta a aithnítear go hidirnáisiúnta, amhail an Cárta Aitheantas Mac Léinn Idirnáisiúnta (ISIC) a thaispeáint. Fiú mura bhfuil tú ag staidéar a thuilleadh, is féidir leat An Cárta Óige Eorpach (EYCA) a úsáid fós chun roinnt lascainí a fháil.

Coinnigh ort ag faire ar shuíomh gréasáin na músaem chomh maith, mar go mbíonn saorchead isteach uair sa mhí in go leor cásanna.


Ré na bhféilte

Cur chuige níos neamhghnáiche é cinneadh a dhéanamh taithí a fháil ar chultúr na hEorpa trí fhéilte éagsúla: ó cheol go hamharclannaíocht, ó litríocht go damhsa. Déan do chéad laethanta saoire eile a phleanáil de réir na n-imeachtaí éagsúla agus bain úsáid as an aimsitheoir féilte, FestivalFinder, chun cabhrú leat. A bhuíochas don uirlis seo, a fhaigheann tacaíocht ón Aontas Eorpach, beidh tú in ann an suíomh, an tréimhse agus an cineál féile a thaitníonn leat a roghnú.

Má tá spéis faoi leith agat i bhfuaim na gceoltóirí Eorpacha, cuardaigh ceolchoirmeacha ar Liveurope, eagraíocht bhallraíochta lena gcruthaítear nasc idir ionaid cheolchoirme idirnáisiúnta ar fud na hEorpa. 

An dtaitníonn cathracha spleodracha cultúrtha leat? Fiosraigh na cláir agus tabhair cuairt ar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa don bhliain, bealach faoi leith le heolas a chur ar chathracha trí léargas an chultúir ar thug tú cuairt orthu cheana, b'fhéidir.
 

Is é bun agus barr an scéil é nach bhfuil bacainní ar bith idir tú féin agus an cultúr, beag beann ar an áit a bhfuil tú, an rud atá uait agus an buiséad atá agat.