© Patrick Robert Doyle - Unsplash
Máistreacht Chomhpháirteach Erasmus Mundus: Eispéireas Idirnáisiúnta den chéad scoth!
An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 01/10/2020
Staidéar a dhéanamh ar mháistreacht le daoine ó gach cearn den domhan, fanacht i mbreis agus dhá thír éagsúla agus cáilíochtaí idirnáisiúnta ardleibhéil a bhaint amach – an bhfuil an méid sin do do mhealladh? Má tá, tabhair spléachadh ar na Máistreachtaí Comhpháirteacha!
Cad atá i gceist?
Is cláir mháistreachta iad na Máistreachtaí Comhpháirteacha a sholáthraíonn cuibhreannas d’institiúidí ardoideachais san Eoraip agus lasmuigh di i gcomhar le chéile. Maireann an staidéar idir 12 mhí agus 24 mhí (60, 90 nó 120 creidiúint ECTS), agus ní mór é a dhéanamh in 2 cheann ar a laghad de thíortha rannpháirteacha an chláir, agus, i roinnt cásanna, bíonn baint ag na tíortha comhpháirtíochta lasmuigh den Eoraip leis sin.
Cé na réimsí staidéir atá ar fáil?
Ina gcatalóg ar líne, liostaítear na Máistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus uile sa bhliain acadúil reatha.
Cuimsíonn raon leathan na gclár léann na hoibre sóisialta, na cumarsáide digití, na róbataice, na hiriseoireachta, na héiceolaíochta feidhmí, na síceolaíochta agus neart réimsí eile nach iad. Gach samhradh, cuirtear dornán nua de Mháistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus roghnaithe leis an liosta.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Mic léinn mháistreachta, foireann na n-eagraíochtaí rannpháirteacha, aoi-scoláirí (aoi-léachtóirí) ó thíortha atá rannpháirteach sa chlár agus ó thíortha comhpháirtíochta.
Cé mhéad a chosnaíonn sé?
Bronntar scoláireachtaí atá maoinithe ag an Aontas Eorpach ar na hiarrthóirí mic léinn is fearr dá bhfuil ann agus cuimsíonn siad táillí teagaisc agus an t-árachas, cuireann siad le costais taistil agus bogtha, agus áirítear liúntas maireachtála míosúil leo freisin. Bíonn tacaíocht airgeadais Erasmus+ ar fáil don mhac léinn i ndiaidh dó cead a fháil tabhairt faoin gcúrsa.
I dteannta na sealbhóirí scoláireachta, is féidir le mic léinn fhéinmhaoinithe clárú freisin. Braitheann praghas na Máistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus ar an gclár.
Conas is féidir iarratas a dhéanamh?
Má tá suim agat ann, moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an gcuibhreannas a thairgeann do rogha Cúrsa Máistreachta Erasmus Mundus. Tabharfaidh sé tuilleadh eolais duit faoi na cúrsaí agus faoi na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh, agus is é a bheidh freagrach as mic léinn aonair a roghnú agus a earcú agus as monatóireacht a dhéanamh orthu. Is féidir níos mó faisnéise a fháil ach fiosrúchán a dhéanamh le Gníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ nó le hOifig Náisiúnta Erasmus+ i do thír féin.
Den chuid is mó, is gá iarratas a chur isteach idir mí Dheireadh Fómhair agus mí Eanáir le haghaidh cúrsaí dar tús an bhliain acadúil dár gcionn.
Faigh tuilleadh eolais faoi na Máistreachtaí Comhpháirteacha ar leathanach Erasmus+.