Skip to main content
IASTE

Clár malartaithe IAESTE

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 24/08/2021

Fonn mór ort taithí oibre a fháil cé go bhfuil tú fós ag staidéar na heolaíochta nó na hinnealtóireachta? Le IASTE, is féidir leat intéirneacht le pá a dhéanamh thar lear agus tú fós san ollscoil.

Tugann an Comhlachas Idirnáisiúnta um Malartú Mac Léinn le haghaidh Taithí Theicniúil (IAESTE) an deis d'fhochéimithe iad féin a thumadh i gcultúr eile leis na hintéirneachtaí gairmdhírithe a chuireann sé ar fáil ar fud an domhain.

 

Maireann formhór na hintéirneachtaí 8-12 sheachtain le linn an tsamhraidh, ach is féidir intéirneachtaí níos faide a dhéanamh freisin i rith na bliana.

 

Le hiarratas a dhéanamh, caithfidh tú a bheith cláraithe go lánaimseartha ar bhunchéim nó ar chéim mháistreachta nuair a chuirfidh tú an t-iarratas isteach, caithfidh cónaí a bheith ort i dtír ina bhfuil láithreacht ag IAESTE (féach liosta tíortha IAESTE),

agus caithfidh tú a bheith ag déanamh staidéar ar na heolaíochtaí ríomhaireachta, an teicneolaíocht, an cheimic, eolaíocht na n-ábhar, an innealtóireacht cheimiceach, mheicniúil nó shibhialta, an gheolaíocht agus an mhianadóireacht, an mhatamaitic agus an staidreamh, an fhisic, an gnó, an bhainistíocht nó ar an margaíocht.

 

Conas iarratas a dhéanamh

 

Má shásaíonn tú na critéir, aimsigh intéirneacht duit féin, cláraigh ar Thairseach na nIntéirneachtaí, déan teagmháil leis an oifig i do thírse chun iad a chur ar an eolas go bhfuil tú cláraithe agus tabhair dóibh uimhir thagartha na hintéirneachta is mian leat a dhéanamh. Más mac léinn as tír NACH BALL í nó as Sasana nó an Bhreatain Bheag tá tú fós in ann cur isteach ar intéirneachtaí oscailte tríd an  nasc seo).

 

Fan i dteagmháil le Coiste Náisiúnta do thíre mar treoróidh siad tríd an bpróiseas thú, agus ná dearmad go bhféadfadh táillí áirithe a bheith le híoc.

 

Is féidir treoracha mionsonraithe faoin bpróiseas ar fad a fháil anseo.

 

TABHAIR DO D’AIRE gurb é an sprioc-am atá sonraithe an sprioc-am chun an t-ainmniúchán a chur isteach (an tacar iomlán de dhoiciméid riachtanacha), NÍ hÉ an sprioc-am le haghaidh iarratas é. Mar sin, déan teagmháil le coiste do thíre gan mhoill lena chur ar an eolas gur mian leat iarratas a dhéanamh.

 

Buartha faoin gcostas? Bíonn pá ag gabháil le gach intéirneacht de chuid IAESTE.