© Voices of Culture
Glao ar iarratais: An Óige, Meabhairshláinte agus an Cultúr
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 28/06/2022
Seoladh glao chun smaointe tionscadail agus moltaí beartais a bhailiú d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus do chinnteoirí maidir le ról earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i ndáil le feabhas a chur ar mheabhairshláinte daoine óga. Tá an glao sin faoi chuimsiú an idirphlé dar teideal ‘Guthanna an Chultúir’ a bhíonn á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach le páirtithe leasmhara an chultúir agus an tsochaí shibhialta.
Cad atá i gceist leis?
Leis an tríú hábhar de chuid ‘Guthanna an Chultúir’ 2021-2023 tabharfar chun cinn smaointe tionscadail agus moltaí beartais d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus do chinnteoirí ar an ábhar maidir le ról earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta i ndáil le feabhas a chur ar mheabhairshláinte daoine óga.
Conas a dhéanfaimid é?
• Tabharfar cuireadh do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo freastal ar Chruinniú Tobsmaointeoireachta ag Goethe-Institut na Bruiséile idir an 4 Deireadh Fómhair 2022 agus an 5 Deireadh Fómhair 2022 agus ar Chruinniú Idirphlé ag Goethe-Institut na Bruiséil an 8 Nollaig 2022 chun a n-ionchur a chomhroinnt maidir le roinnt réimsí idirphlé:
• Fianaise ar an méid a chuireann earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun feabhas a chur ar mheabhairshláinte agus ar fholláine daoine óga ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
• Sineirgí le réimsí beartais eile (sláinte, oideachas, leas sóisialach, etc.) chun na torthaí a uasmhéadú.
• Samplaí d’idirghabhálacha ina bhfuil fianaise láidir ar thorthaí rathúla, go háirithe do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste.
Scríobhfaidh Guthanna an Chultúir Tuarascáil Tobsmaointeoireachta tar éis an Chruinnithe Tobsmaointeoireachta. Sa tuarascáil sin cuirfear torthaí an phlé idir na rannpháirtithe ag an gCruinniú Tobsmaointeoireachta in iúl. Ansin cuirfidh rannpháirtithe an tuarascáil sin i láthair an Choimisiúin Eorpaigh ag an gCruinniú Idirphlé.
Tabhair do d’aire gur ardán é Guthanna an Chultúir le haghaidh idirphlé idir earnáil an chultúir agus an Coimisiún Eorpach a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil. Ní éascaíonn foireann Ghuthanna an Chultúir ach an próiseas seo agus níl sí freagrach as an Tuarascáil Tobsmaointeoireachta a scríobh. Tá an cúram sin ar na rannpháirtithe. Clúdóidh Guthanna an Chultúir costais taistil na rannpháirtithe a bhaineann leis an ábhar seo.
Cé atá in ann páirt a ghlacadh?
Tá an glao ar oscailt d’ionadaithe ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus ó earnálacha ábhartha eile (eagraíochtaí gairmiúla, institiúidí cultúrtha, eagraíochtaí neamhrialtasacha, líonraí Eorpacha, fondúireachtaí, eagraíochtaí príobháideacha, etc.) a bhfuil saineolas ábhartha acu ar an ábhar ‘An Óige, Meabhairshláinte agus an Cultúr’ ar mhaith leo cur leis an bplé leis an gCoimisiún Eorpach. Ní mór do na heagraíochtaí a dhéanann iarratas a bheith lonnaithe i gceann amháin de 27 mBallstát an Aontais.
Conas iarratas a dhéanamh
TÁBHACHTACH: Léigh an creatpháipéar seo ón saineolaí Annalisa Cicerchia sula líonann tú isteach an t-iarratas. Is é an creatpháipéar seo a bheidh mar bhonn don phlé.
Sprioc-dháta chun iarratas a dhéanamh: 13-07-2022
Fógairt na dtorthaí: 20-07-2022