Is gníomhaíocht de chuid Erasmus+ é DiscoverEU lena dtugtar deis do dhaoine atá 18 mbliana d’aois taisteal ar fud na hEorpa. Cuireann daoine óga eolas ar thírdhreacha iontacha na hEorpa, an éagsúlacht mhór cathracha agus bailte atá ann, buaileann siad le taistealaithe atá ar aon intinn leo, éiríonn siad níos neamhspleáiche agus níos muiníní agus nochtann siad a bhféiniúlacht Eorpach dóibh féin. Is féidir le daoine óga iarratas a dhéanamh le linn na mbabhtaí iarratais rialta a fhógraítear ar Thairseach Eorpach na hÓige agus cuireann an tAontas Eorpach pas taistil agus cárta lascaine ar fáil do na hiarratasóirí a n-éiríonn leo.
A. GLAO AR IARRATAIS (RIALACHA)
Weight
1