Skip to main content

Tabharfar deimhniú rannpháirtíochta do na rannpháirtithe uile a líonann isteach an suirbhé a sheolfar chucu go huathoibríoch tar éis na tréimhse taistil. Is cruthúnas doiciméadach é an deimhniú sin de na torthaí foghlama, agus de ghnéithe na bpríomh-inniúlachtaí a forbraíodh. Tá an deimhniú féin comhchosúil le Youthpass.

Ar ndóigh, tríd an taisteal, beidh na rannpháirtithe in ann a bhféiniúlacht Eorpach a threisiú agus tuiscint a fháil ar an méid dá seasann an tAontas Eorpach. Beidh siad in ann nascadh le daoine eile ar fud na hEorpa, smaointe a chomhroinnt agus páirt a ghlacadh i líonraí trastíre. I gcás cuid díobh, is é seo an chéad uair a bheidh siad ag taisteal leo féin. Tríd an taithí a gheobhaidh siad a bhuí le DiscoverEU, déanfaidh siad príomh-inniúlachtaí a fhorbairt, cuir i gcás scileanna teanga, féinmhuinín, inoiriúnaitheacht, cur in aghaidh struis, neamhspleáchas, scileanna idirphearsanta, scileanna réitigh fadhbanna, scileanna eagrúcháin agus scileanna forbartha foirne. 

 

A. GLAO AR IARRATAIS (RIALACHA)
Weight
11