Skip to main content
Submitted by Lovepreet KAUR on
Draw lines
Yes
Color
#058953
Cities/Points
Name
Cathair Lucsamburg
Country
Lucsamburg
Population
115000
Why visit?

Fáilte go dtí an t-aon Ard-Diúcacht cheannasach ar domhan! Meascán is ea Cathair Lucsamburg den saol ársa agus an saol nua-aimseartha, an saol áitiúil agus an saol domhanda, an saol simplí agus an saol sómasach. Téigh ar shiúlóid timpeall an tseanbhaile ar na sráideanna cúnga lúbacha. Tá an ceantar seo thar barr chun taitneamh a bhaint as radhairc iontacha ar fhoirgnimh stairiúla agus ar dhroichid chloiche na cathrach trasna na habhann, agus iar-dhaingean bhallaí bunaidh Chathair Lucsamburg. Tá córas iompair phoiblí den scoth ag Cathair Lucsamburg ina bhfuil roinnt nuálaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas, rud a chuidigh leis an gcathair an chéad áit a bhaint sna Gradaim don Chathair is Inrochtana 2022. Sheol Cathair Lucsamburg an aip don chathair in 2020, rud a chuireann eolas ar fáil ar fud na cathrach, amhail amanna bus, eolas faoi spásanna páirceála agus rothair phoiblí atá ar fáil, agus rud lenar féidir le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh le hoifigigh. Bain úsáid as an aip chun an chonair rothaíochta ‘ar foluain’ atá ar crochadh faoin droichead cáiliúil Pont Adolphe a bhaint amach!

Image
Lucsamburg
Coordinates
49.8154049,5.8531446
Tags with icon
Digital public services
City app
Access City Award Winner
Name
Lováin
Country
an Bheilg
Population
100000
Why visit?

Molaimid duit stop a dhéanamh i Lováin agus tú ar do thuras DiscoverEU – agus seo a leanas an fáth a molaimid é! Agus tú sa chathair Bheilgeach seo, beidh tú in ann siúlóid a dhéanamh trí na béigíneachtaí beaga agus móra – sraith sráideanna cúnga, clós, gairdíní agus páirceanna ina bhfuil go leor tithe agus clochar. Tá an Bhéigíneacht Mhór liostaithe mar oidhreacht dhomhanda UNESCO, agus tá sé saor in aisce dul ann. Ar aghaidh leat, mar sin! Tá tuilleadh le feiceáil i Lováin, agus chun an t-ullmhúchán is fearr a dhéanamh do do thuras, téigh ar thuras fíorúil timpeall na cathrach. Mar chathair chliste, tá sé d’aidhm ag Lováin an úsáid is fearr a bhaint as an nuálaíocht freisin chun caighdeán beatha na gcónaitheoirí a fheabhsú. Ainmníodh an chathair Bheilgeach seo mar Phríomhchathair Nuálaíochta na hEorpa 2020. Tugadh moladh ar leith di freisin as an inrochtaineacht a phríomhshruthú, sa réimse digiteach san áireamh, in 2022. Tá samhlacha rialachais spreagúla ar bun ag Lováin ina bhfuil cónaitheoirí, cuideachtaí, eagraíochtaí agus institiúidí eolais tiomanta cuidiú chun an todhchaí a mhúnlú.

Image
Lováin
Coordinates
50.8842287,4.6353279
Tags with icon
European Capital of Innovation
Intelligent Cities Challenge
Name
Rotterdam
Country
an Ísiltír
Population
624000
Why visit?

Fáilte go Roffa*! Is iomaí eispéireas cultúrtha as cuimse atá le fáil in Rotterdam; caithfidh tú stop a dhéanamh sa chathair seo ar do thuras DiscoverEU, mar sin! Tá go leor samplaí iontacha ag an gcathair Ísiltíreach seo den ailtireacht nua-aimseartha nuálach, coimpléasc tithíochta neamhghnách san áireamh ar a dtugtar ‘de Kubuswoningen’ (‘na Tithe Ciúib’). Agus tú in Rotterdam, bain triail as kapsalon i siopa kebab – is as an gcathair chéanna don mheascán feola an-chalrach seo! Coinnigh ort ar rothar agus tú ag iarraidh an chathair a fheiceáil! Tá Rotterdam oiriúnaithe go hiomlán don rothaíocht uirbeach. Gheobhaidh tú go leor aipeanna úsáideacha atá deartha chun cabhrú le cuairteoirí agus iad ag fanacht sa chathair. Is cathair dhigiteach é Rotterdam in go leor bealaí. Tá sé ag obair chun bheith cibear-athléimneach agus a bheith ullmhaithe ar an dóigh is fearr is féidir i gcoinne cibirionsaithe ar deireadh thiar. I ngeall ar obair na cathrach maidir le hinrochtaineacht a fheabhsú, ghnóthaigh sí an dara háit sna Gradaim don Chathair is Inrochtana in 2017.

Image
Rotterdam
Coordinates
51.9280712,4.4207888
Tags with icon
City app
Digital public services
Name
Dortmund
Country
an Ghearmáin
Population
586000
Why visit?

Tá clú ar Dortmund as a fhoireann peile, ach más é sin an t-aon chúis a bhfuil eolas agat ar an gcathair seo, déan stop ann agus féach leat an tseoid seo! Agus tú in Dortmund, déan cinnte de go bhfeicfidh tú Wasserschloss Haus Rodenberg, sampla den scoth d’ailtireacht an Renaissance, áit ar féidir breathnú amach uaidh ar loch i lár páirce. I ndiaidh duit siúlóid a dhéanamh ar na sráideanna beoga i lár na cathrach, lig do scíth ag Westfalenpark agus féach an féidir leat an difear a thabhairt faoi deara idir 3,000 cineál éagsúil róis atá ann. An raibh a fhios agat go mbíonn Dortmund ag bailiú duaiseanna nuálaíochta agus digiteacha freisin? Ainmníodh an chathair mar ‘an chathair is digití’ sa Ghearmáin in 2018. Bhí Dortmund sa bhabhta ceannais freisin de Phríomhchathair Nuálaíochta na hEorpa 2019, bhuaigh sé comórtas ‘Stadt.Land.Digital’ in 2019, agus d’óstáil sé an Cruinniú Mullaigh Digiteach sa bhliain chéanna.

Image
Dortmund
Coordinates
51.5079705,7.4002232
Tags with icon
European Capital of Innovation
Digital public services
Name
Hamburg
Country
an Ghearmáin
Population
1810000
Why visit?

Is cathair í Hamburg na Gearmáine a bhfuil neart le déanamh agus le feiceáil ann – ba mhór ab fhiú duit cuairt a thabhairt air agus tú ar do thuras DiscoverEU. Is mór an spreagadh lá a chaitheamh ag siúl na cathrach seo. Bhainfeadh an ailtireacht an anáil díot, is breá iad bruacha abhainn na hEilbe agus na fearainn pháirce atá timpeall ar an gcathair, agus is iomaí sin músaem uathúil atá ann. Tá sé de cháil ar Hamburg gurb í an Chathair Chliste is nuálaí sa Ghearmáin í, agus is é a bhain an chéad áit amach ní hamháin i rangú 2020 Bitkom, ach i rangú 2020 Haselhorst Associates freisin. Táthar ag baint triail as an tiomáint uathrialach ann, féachaint cé mar is féidir í a chur chun fónaimh do mhuintir na hEorpa. Mar sin, léim ar mhionbhus uathrialach e-shuttle go bhfaighe tú síob tríd an gcathair agus gan aon duine ar an stiúir! Tabhair cuairt ar Hammerbrooklyn.DigitalCampus chun tuilleadh eolais a fháil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i réimse na nuálaíochta uirbí agus digití.

Image
Hamburg
Coordinates
53.5586941,9.7877401
Tags with icon
Intelligent Cities Challenge
Smart city
Autonomous vehicles
City app
Name
Aarhus
Country
an Danmhairg
Population
319000
Why visit?

Is é Aarhus an dara cathair is mó sa Danmhairg, ach ní hé an dara cathair is fearr é! Téigh ar thuras síos go dtí Linn an Chuain, áit a mbíonn an-tóir uirthi. Bí ag snámh i linn an chuain nó tóg amach cadhc glas – tá siad saor in aisce, fad is a thugann tú roinnt bruscair ar ais ó do thuras. Ansin is féidir leat dul an-ghar do chuid de na rudaí is mó spéis sa chathair, amhail Ionad Cultúrtha Dokk 1 a bhíonn an-bhríomhar, nó an ‘Cnoc Oighir’, foirgneamh íocónach sa cheantar nua Aarhus Ø. Baineann Aarhus úsáid as an nuálaíocht chun bheith ina chathair chliste, nó éirí níos cliste mar chathair. Is ann atá READY, Tionscadal Cathrach Cliste an Choimisiúin Eorpaigh , ina léirítear conas an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú trí fhoirgnimh a iarfheistiú, trí chórais fuinnimh chomhtháite, trí TFC, tríd an tsoghluaisteacht agus tríd an iompar.

Image
Aarhus
Coordinates
56.1781797,10.1119353
Tags with icon
Smart city
Intelligent Cities Challenge
Startup hotspot
City app
Name
Cóbanhávan
Country
an Danmhairg
Population
559000
Why visit?

Más i gCóbanhávan den chéad uair atá tú, téigh agus glac grianghraf de dhealbh na Murúiche Bige nó tabhair cuairt ar an margadh chun Smørrebrød a bhlaiseadh. Ach má bhí tú ann cheana féin, nó más mian leat dul ar chúl éaga, tóg an turas siúil digiteach féintreoraithe ‘‘Know your ‘bro’’. Cuirfidh sé go mór le do thuras cathrach ar dhóigh dhifriúil. Más mian leat dul go Nørrebro atá óg ilchultúrtha bríomhar, nó go Vesterbro atá neamhsnasta éagsúil faiseanta, nó go Amager ar imeall an uisce ina bhfuil an daonra is mó, foghlaimeoidh tú faoin stair, faoin gcultúr agus faoin saol laethúil sna 3 iarcheantar seo den lucht oibre. Tá Cóbanhávan ag úsáid uirlisí digiteacha freisin chun bheith níos inbhuanaithe. Leagann sé síos caighdeáin ghlasa do na cathracha cliste ar fud an domhain, agus is é a bheidh ar an gcéad phríomhchathair aeráidneodrach faoi 2025.

Image
Cóbanhávan
Coordinates
55.6713442,12.5237847
Tags with icon
Smart city
Sustainable technology
City app
Name
Göteborg
Country
an tSualainn
Population
617000
Why visit?

Ba é Rí Gustav II Adolf a bhunaigh Göteborg in 1621 mar mhol iascaireachta tráchtála, agus is í an dara cathair is mó sa tSualainn anois í, ina bhfuil cuisle cathrach agus an dúlra ar leac an dorais aici chomh maith. Tá sé an-fhurasta a bheith ag gluaiseacht thart, a bhuí freisin leis an raon leathan busanna leictreacha atá ag feidhmiú in Göteborg! Ceapadh an chathair mar Phríomhchathair Eorpach na Turasóireachta Cliste in 2020 agus rangaíodh í sa chéad áit in Innéacs Inbhuanaitheachta Domhanda 2017 de chathracha an domhain. Téigh ar shiúlóid feadh na gcanálacha agus cuir eolas ar Feskekôka, an margadh éisc stairiúil a bhfuil cruth neamhghnách cosúil le séipéal air. Ansin, déan stop le haghaidh ‘fika’ in Haga! Pleanáladh an chomharsanacht spreagúil sin ar dtús mar an chéad bhruachbhaile in Göteborg sa 17ú haois, agus anois is limistéar de lár na cathrach í nach féidir a chailleadh, ina bhfuil sráideanna doirneogacha agus tithe adhmaid dea-chaomhnaithe ón 19ú haois. An duine thú a bhíonn ar thóir spraoi? Ní féidir leat Páirc shiamsaíochta Liseberg a chailleadh mar sin, mar a bhfuil rollchóstóirí iontacha agus ceoltóirí beo!

Image
Göteborg
Coordinates
57.7010496,11.6136534
Tags with icon
Smart city
Sustainable technology
Access City Award Winner
Name
Osló
Country
an Iorua
Population
623000
Why visit?

In ainneoin é a bheith beag, is meascán foirfe é Osló de shaol bríomhar na cathrach agus an dúlra, mar a bhfuil ailtireacht idir shean agus nua. Tá an chathair ag digitiú go leor dá seirbhísí poiblí le bheith níos inbhuanaithe agus tá líonra soilsithe chliste suiteáilte aici chun astaíochtaí a laghdú. Is féidir leat tús a chur le do thuras trí thumadh isteach i stair na cathrach trí chuairt a thabhairt ar Dhaingean Akershus, a théann siar go dtí an 14ú haois, agus ar mhúsaeim éagsúla an choimpléisc. Díreach cúpla céim ar shiúl uaidh sin tá Bjørvika, an chomharsanacht álainn a bhfuil samplaí iontacha den ailtireacht nua-aimseartha Lochlannach, an tÁras Ceoldrámaíochta ina measc a bhfuil cáil ar fud an domhain air. An bhfuil ocras ort? Léim ar bhus go Mathallen, an Halla Bia, mar a bhféadfaidh tú blaiseadh a fháil de chultúr bia na hIorua! Sa tráthnóna, ná déan dearmad dul go bruacha Abhainn Akerselva i mbuirg Grünerløkka chun taitneamh a bhaint as radharc uathúil de shaol na mbeár in Osló. Agus mura bhfuil tú cinnte go mbeidh tú in am dó, ná bíodh imní ort: a bhuíochas le húsáid Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus bailiú sonraí, soláthraíonn busanna Osló raon leathan córas ar bord, ina measc sin rianú suímh, ticéadú agus eolas do phaisinéirí.

 

Image
Osló
Coordinates
59.8939529,10.6450332
Tags with icon
Digital public services
Sustainable technology
Paperless tickets