Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Bunaíodh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach trí leas a bhaint as an maoiniú a bhí ar fáil faoi chláir éagsúla de chuid an Aontais Eorpaigh, Erasmus+ ina measc. Faoin Rialachán lenar bunaíodh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (a glacadh an 2 Deireadh Fómhair 2018), rinneadh clár ar leith den Chór, clár a bhfuil a bhuiséad féin aige. Tá buiséad tiomnaithe €1.009 billiún ag clár nua an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh don tréimhse 2021-2027 lena gcuirfear deiseanna ar fáil do 270,000 duine óg ar a laghad. Cuideoidh siad chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus dhaonnúla trí obair dheonach a dhéanamh nó trína dtionscadail dlúthpháirtíochta féin a chur ar bun.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
Weight
75