Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Is iad na Gníomhaireachtaí Náisiúnta sna tíortha rannpháirtíochta éagsúla a chuireann formhór ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, agus maoiniú na ngníomhaíochtaí sin, i bhfeidhm agus a dhéanann bainistíocht orthu.

Mar sin féin, is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir atá lonnaithe sa Bhruiséil a chuireann roinnt gníomhaíochtaí i bhfeidhm (go háirithe bearta tacaíochta ach roinnt glaonna ar thairiscintí freisin, e.g. foirne oibrithe deonacha i réimsí tosaíochta).

Is ar an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr sa Choimisiún Eorpach atá an fhreagracht as bainistiú an chláir féin, na cistí san áireamh.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
Weight
85