Is féidir liostáil leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach nuair atá 17 mbliana sroichte agat, ach ní féidir tús a chur le gníomhaíocht go mbeidh tú os cionn 18 mbliana. Ina theannta sin, ní mór duit a bheith faoi 31 bhliain d’aois nuair a chuirfear tús leis an ngníomhaíocht.
Chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí i réimse na hoibre deonaí, caithfidh cónaí dlíthiúil a bheith ort i mBallstáit an Aontais nó i gceann de na tíortha seo a leanas:
• An Mhacadóin Thuaidh nó an Tuirc
• Lichtinstéin, an Íoslainn nó an Iorua
• An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró nó an tSeirbia
• An Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia nó an Úcráin
• An Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Libia, an Liobáin, Maracó, an Phalaistín, an tSiria nó an Túinéis
• Cónaidhm na Rúise
Glactar le hiarratais ar thionscadail dlúthpháirtíochta ó thíortha atá rannpháirteach sa chlár, is iad sin: Ballstáit an Aontais, an Tuirc, an Mhacadóin Thuaidh, an Íoslainn agus Lichtinstéin.
