© European Heritage Days
Laethanta Eorpacha na hOidhreachta
An nuashonrú is déanaí an An Luan, 21/09/2020
Bíonn cultúr Eorpach de gach aon sórt ar fáil le heolas a chur air i rith Laethanta Eorpacha na hOidhreachta, ó mhí Lúnasa go dtí mí Dheireadh Fómhair gach bliain.
De réir UNESCO, cuimsíonn oidhreacht chultúrtha idir oidhreacht inláimhsithe – atá inbhogtha, amhail pictiúr, nó atá dobhogtha, amhail séadchomhartha nó long bháite faoi uisce – agus oidhreacht dholáimhsithe, amhail deasghnáth nó traidisiún.
Tá na céadta taiscí cultúrtha san Eoraip agus is am tráthúil chun eolas a chur orthu iad Laethanta Eorpacha na hOidhreachta, atá á reáchtáil ó mhí Lúnasa go dtí mí Dheireadh Fómhair.
Cuireadh tús leis an mbeart sin in1985 ar thionscnamh ó Chomhairle na hEorpa agus tá an Coimisiún Eorpach rannpháirteach ann ó 1999 i leith. Is é is aidhm le Laethanta Eorpacha na hOidhreachta cur le feasacht shaoránaigh na hEorpa ar shaibhreas agus ar éagsúlacht chultúrtha na hEorpa, chomh maith le cur i gcoinne ciníochais agus seineafóibe agus níos mó caoinfhulaingthe a spreagadh san Eoraip agus lasmuigh di.
Cuimsíonn imeachtaí Laethanta Eorpacha na hOidhreachta, faoin mana “Comhoidhreacht na hEorpa”: an 50 tír atá rannpháirteach sa Choinbhinsiún Cultúrtha Eorpach, tuairim is 20 milliún cuairteoir sa bhliain, níos mó ná 70,000 imeacht agus os cionn 30,000 séadchomhartha agus láithreán (roinnt nach mbíonn oscailte don phobal, de ghnáth, ina measc).
Roghnaítear téama gach bliain agus eagraítear imeachtaí cultúrtha chun aird a tharraingt ar thraidisiúin, ar ailtireacht agus ar shaothair ealaíne áitiúla. Oidhreacht agus Oideachas is ea an téama le haghaidh 2020.
Cabhraíonn an oidhreacht chultúrtha le muintir na hEorpa a thabhairt le chéile, cibé cúlra atá acu ó thaobh an chultúir, na teanga nó an reiligiúin de. Coinnímis é sin ar intinn.