© Sarah Brown - Unsplash
10 rud is féidir leat a dhéanamh ón mbaile anois
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 09/11/2021
Chun dul i ngleic le paindéim an choróinvíris, tá sé tábhachtach fanacht sa bhaile, do lámha a ní go rialta agus an scaradh sóisialta a chleachtadh. Ach ní hionann fanacht sa bhaile agus do chuid ama a chur amú. A mhalairt ar fad, is am foirfe é chun rud éigin nua a fhoghlaim.
Leigh agus éist
Má bhí sé i gcónaí i gceist agat “Cré na Cille” a léamh ach ní raibh an t-am agat chuige, seo anois do dheis. Agus ní gá na leabhair a iompair thart leat na laethanta seo ach an oiread. Tá cuid de chlasaicí móra an domhain le fáil ar Project Gutenberg, ardán ar ar féidir le léitheoirí roinnt leabhar a íoslódáil saor in aisce, agus ar Wattpad tá tú in ann scéalta úrnua a léamh, nó a scríobh go fiú!
Más fearr leat a bheith ag éisteacht, téigh chuig Digitalbook (a bhfuil ríomhleabhair acu freisin) nó chuig Audiobooks, seinnliosta de chuid Spotify ar a bhfuil uaireanta an chloig de scéalta taifeadta le húdair ó Oscar Wilde go Franz Kafka.
Amharclann
An bhfuil a fhios agat cad atá beagnach chomh maith céanna le cuairt a thabhairt ar an Opéra i bPáras? Cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an Opéra i bPáras agus breathnú ar chuid de na drámaí is fearr riamh, ach tú suite ar do tholg compordach sa bhaile. Tá an féilire le feiceáil anseo.
Tá tuilleadh ceoldrámaí le fáil ar chainéal YouTube na hamharclainne “La Fenice” ón Veinéis.
I mbliana is ar líne a reáchtálfar an séú heagrán den fhéile Éireannach, Lá na Filíochta. Beidh sé ar siúl an 30 Aibreán agus beidh ceardlanna agus léamha fíorúla filíochta, chomh maith le go leor imeachtaí eile, mar chuid de.
Is tionscnamh suimiúil é an Social Distancing Festival (Féile an Scartha Shóisialta), suíomh gréasáin ar ar féidir leat d’imeacht ar líne a uaslódáil agus fáil amach faoi na seónna agus ceolchoirmeacha atá á sruthú ar fud an domhain.
Ceol
Dá mba mhian leat teacht ar cheolchoirmeacha éagsúla (sa cheol clasaiceach den chuid is mó) is féidir breathnú thart ar Müpa Budapest, ceann de na hinstitiúidí cultúrtha is nua-aimseartha atá ag an Ungáir, ar líne.
Sea, bhí tú in ann iarraidh go pearsanta ar Chris Martin an t-amhrán is fearr leat de chuid Coldplay a sheinm duit. Nílimid ag magadh, féach air anseo. Le roinnt seachtainí anuas, tá ceolchoirmeacha beo á reáchtáil ag a lán ceoltóirí ar a bpróifílí Facebook nó Instagram, ó John Legend go Pink. Deis iontach atá ann spléachadh a fháil ar a n-árasáin dheasa! Anseo tá bailiúchán díobh (de na ceolchoirmeacha, ní na hárasáin).
Ealaín, Oidhreacht agus Músaeim
Chuir UNESCO a Leabharlann Dhigiteach Dhomhanda ar fáil (ina bhfuil beagnach 20,000 mír, idir léarscáileanna, íomhánna agus phictiúir) agus chuir Institiúidí Náisiúnta Cultúir an Aontais Eorpaigh (EUNIC) liosta le chéile de ghníomhaíochtaí cultúrtha a gcuid ball.
Is am maith é seo freisin le cuairt a thabhairt ar Europeana, áit ar féidir dul ag taiscéalaíocht i dtaisce oidhreachta cultúrtha ó mhúsaeim na hEorpa, nó tú féin a chailleadh i mbunachar sonraí ealaíon agus cultúir Google. Má tá suim agat i dtaispeántais ealaíne ar leith, buail isteach chuig Faces of Frida, bailiúchán iardhearcach an ealaíontóra Mheicsicigh Frida Kahlo.
An raibh a fhios agat go bhfuil tairbhithe an chláir ‘Eoraip na Cruthaitheachta’ ag taispeáint a gcuid saothar ar na meáin shóisialta? Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi ach an haischlib #CreativeEuropeAtHome a leanúint.
Ar mhaith leat maidin Dé Domhnaigh a chaitheamh sa mhúsaem? Is féidir leat sin a dhéanamh go fóill a bhuí le heispéiris fhíorúla éagsúla. Seo liosta de chuid de na músaeim Eorpacha ar féidir breathnú thart orthu ar líne: Músaeim na Vatacáine (Róimh na hIodáile), Músaem Náisiúnta na Seandálaíochta (Aithin na Gréige), Museo del Prado (Maidrid na Spáinne), An Louvre (Páras na Fraince), Caisleán Phrág (Prág na Seicia), Músaeim na Liotuáine, Amharclann-Músaem Dalí (Figueres na Spáinne), Músaem na Mínealaíon (Búdaipeist na hUngáire), An Músaem Náisiúnta (Vársá na Polainne; ar fáil i bPolainnis amháin). Tuilleadh músaem uait? Féach anseo.
Scileanna nua
Ar mhaith leat scileanna nua a fhorbairt? Breathnaigh ar acmhainní ríomhfhoghlama na hEorpa anseo.
Más sa ríomhchlárú atá do spéis, féach ar na físeáin de chuid freeCodeCamp.org.
Is féidir leat roinnt ama a chaitheamh ag forbairt scil nua, uirlis cheoil cuir i gcás nó teanga nua. Cuireann ardáin ar nós Coursera nó Canvas réimse leathan cúrsaí ar fáil, cuid acu saor in aisce. Is féidir leat feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga trí aipeanna foghlama saor in aisce ar nós Duolingo, Memrise nó Quizlet.
Cúrsaí
Tá ollscoileanna ar fud an domhain ag cur cúrsaí ar fáil ar líne saor in aisce (nó cuid díobh saor in aisce ar a laghad). Ollchúrsaí Oscailte Ar Líne (MOOC) a thugtar ar na cúrsaí sin trí chéile. Faoi láthair tá timpeall 600 cúrsa (ó 190 ollscoil) ar fáil saor in aisce ar líne ar Class Central.
Tá roghanna eile le fáil ar Edx chomh maith, agus má tá suim ar leith agat i gcúrsaí ó chuid de na hollscoileanna is fearr i Stáit Aontaithe Mheiriceá (ollscoileanna ‘Ivy League’), tá tuilleadh eolais ar fáil duit anseo. I roinnt cásanna d’fhéadfadh sé go mbeadh ort táille sa bhreis a íoc chun teastas a fháil.
Má tá dúil ar leith agat i gcearta daonna b’fhiú duit breathnú ar acadamh Amnesty International, atá ar fáil i roinnt teangacha éagsúla.
Spórt
Agus na hionaid aclaíochta dúnta faoi láthair seans nach bhfuil sé chomh héasca sin tú féin a choinneáil gníomhach ach ní gá duit an iomarca ama a chaitheamh ar an tolg. Tá neart físeáin traenála ar YouTube is féidir a leanúint go héasca agus tú sa teach. Cad iad na cainéil? Bain triail as POPSUGAR Fitness, FitnessBlender nó as an gcleachtadh 20 nóiméad seo le haghaidh tosaitheoirí.
Más fearr leat ióga, féach ar Yoga with Adriene, mar shampla, nó faigh amach an bhfuil ranganna ar líne á reáchtáil ag do stiúideo áitiúil. An mothaíonn tú go gcaitheann tú an iomarca ama i do shuí na laethanta seo? Má mhothaíonn, caith súil ar na cleachtaí sínte seo is féidir leat a dhéanamh go díreach ó do chathaoir féin nó lean FitnessandPilates chun físeáin Pilates agus ióga saor in aisce a fháil gach lá. Nó cén fáth nach mbainfeá triail as roinnt staidiúirí Taidh Tsí nó nach ndéanfá machnamh ar feadh 5 nóiméad sa lá? Tá cuid mhór físeán le fáil ar líne.
Agus is féidir leat i gcónaí dul isteach sna siopaí aipeanna ar do ghuthán féachaint an bhfuil aipeanna ann atá ag tairiscint trialacha saor in aisce le linn na tréimhse #fansabhaile seo.
Scannáin
Is dócha go bhfuil tú cheana féin ar an eolas faoi na hardáin sruthaithe is coitianta – mura bhfuil cuntas agat go fóill d’fhéadfá tosú anois le tréimhse thrialach saor in aisce. Más iad na scannáin sainealaíne, seachas na scannáin mhóréilimh, is mó a mheallann d’aird, d’fhéadfá cuntas a fháil le Mubi, ardán atá á chómhaoiniú ag MEDIA, fochlár de chuid Eoraip na Cruthaitheachta. Is féidir leat 7 lá a fháil saor in aisce, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chuidiú breise le linn an choraintín seo!
Tá 300 clár faisnéise á gcur ar fáil ar líne ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Faisnéise Amstardam (IDFA) agus ná déanaimis dearmad ar Arte, an t-ardán Eorpach ar a bhfuil cláir faisnéise, príomhscannáin, cláir nuachta, ceol agus taibhealaíona eile. Agus is féidir leat i gcónaí leabharlanna na gcraoltóirí náisiúnta a sheiceáil le haghaidh ábhar i do theanga féin.
Bíonn scannáin, agus ábhair eile, ar fáil saor in aisce ar Internet Archive agus Open Culture chomh maith.
Cócaireacht
Tá gach duine ag tabhairt faoi deara go bhfuil sé ag éirí píosa beag níos deacra anois teacht ar phlúr nó ar phúdar bácála sna hollmhargaí, ach má tá sé d’ádh ort cuid a bheith sa bhaile agat, seans gur mhaith leat tabhairt faoi roinnt oidis nua.
Is rogha mhaith é an suíomh seo más oidis bhlasta de chuid na hEorpa atá á lorg agat, nó ar European Cuisines is féidir cuardach a dhéanamh de réir tíre.
D’fhéadfá téama éagsúil a phiocadh in aghaidh an lae agus ligean ort féin gur ag blaiseadh bianna nua thar sáile atá tú! Dé Luain a chaitheamh san Iodáil agus pláta pasta úir os do chomhair, b’fhéidir? Tarator na Bulgáire Dé Máirt? Tósta Skagen na Sualainne Dé Céadaoin?
Más do rudaí milse atá tú tugtha, cuir dúshlán romhat féin an mhilseog Iodálach Tiramisù a dhéanamh (ciallaíonn sé “Tóg suas mé”), nó féach ar an mbailiúchán seo de mhilseoga na hEorpa.
Spreagadh
Maith go leor, níl a fhios agat cén uair go díreach a fhillfidh an gnáthshaol, ach ní gá go gcuirfeadh sé sin isteach ar thurais iontacha thar lear a phleanáil, nó eispéiris a d’athródh do shaol. Anseo tá liosta d’fhíseáin TED Talks a dhíríonn ar an taisteal. Is féidir leat iad a sheinm agus tú ag lorg inspioráide ar Opportunity Finder Eurodesk nó le linn duit próifíl a chruthú ar thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.