Skip to main content

DiscoverEU

Go raibh maith agat as suim a léiriú. Tá an tréimhse iarratais dúnta anois. Tá torthaí bhabhta an earraigh ar fáil – coinnigh súil ar do ríomhphoist! Tá sé beartaithe tús a chur leis an gcéad bhabhta iarratais eile i bhfómhar na bliana 2023 (fógrófar na dátaí sonracha amach anseo). Má tá tú 18 mbliana d’aois nó ar tí a bheith 18 mbliana d’aois in 2023, coinnigh siúl ar an leathanach seo chun do phas taistil DiscoverEU a fháil!

 

An bhfuil tú 18 mbliana d’aois agus an bhfuil cónaí dleathach ort i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír a bhfuil baint aici le Erasmus+? Faigh faoi réir le dul ag taiscéalaíocht san Eoraip! Is ábhar bróid é DiscoverEU a bheith mar chuid de chlár Erasmus+!

 

Cad é DiscoverEU?

Is gníomhaíocht den chlár Erasmus+ é DiscoverEU a thugann deis duit eolas a chur ar an Eoraip trí eispéiris foghlama. Is ar thraein a bheidh tú ag taisteal den chuid is mó (cé go mbeidh eisceachtaí ann chun é a chur ar chumas daoine a chónaíonn ar oileáin nó i gceantair iargúlta páirt a ghlacadh sa tionscnamh) agus cuirfidh tú eolas ar thírdhreacha iontacha na hEorpa agus ar an éagsúlacht mhór cathracha agus bailte atá ann. Is féidir leat iarratas a dhéanamh le linn an dá thréimhse iarratais a eagraítear gach bliain. Bronntar pas taistil ar na hiarratasóirí rathúla.

Mar chónaitheoir 18 bliana d’aois de chuid an Aontais Eorpaigh nó de chuid ceann de na tríú tíortha a bhfuil baint acu le Clár Erasmus+, cuir i gcás an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Tuirc, tugann DiscoverEU an deis duit eispéireas taistil a bheith agat, eispéireas a chuirfidh ar do chumas éagsúlacht na hEorpa a fhiosrú, foghlaim faoina hoidhreacht chultúrtha agus faoina stair agus nascadh le daoine as gach cearn den mhór-roinn. Ina theannta sin, a bhuí le DiscoverEU is féidir leat, mar dhuine óg, scileanna saoil a chothú a rachaidh chun tairbhe duit sa saol amach anseo, mar shampla, neamhspleáchas, féinmhuinín agus oscailteacht do chultúir eile.  

Gheobhaidh na rannpháirtithe a roghnófar Cárta Óige Eorpach DiscoverEU a chuirfidh ar an gcumas acu lascaine a fháil ar chuairteanna cultúrtha, gníomhaíochtaí foghlama, spórt, iompar áitiúil, lóistín, bia, etc.

Cén uair a bheidh an chéad bhabhta iarratais eile ar siúl?

Bronnadh pasanna taistil ar níos mó ná 200,000 duine óg ó bhí an chéad bhabhta iarratais ann i mí an Mheithimh 2018. Beidh tréimhse iarratais eile ar siúl idir Dé Céadaoin, an 15 Márta 2023 ar 12:00:00 (meán lae, am na Bruiséile) agus Dé Céadaoin, an 29 Márta 2023 ar 12:00:00 (meán lae, am na Bruiséile). Beidh cnaipe ‘Déan iarratas anois’ le feiceáil ar an leathanach seo nuair a bheidh an tréimhse iarratais ar oscailt! 

Beidh tú incháilithe más rud é:

  • gur rugadh thú idir an 1 Iúil 2004 agus an 30 Meitheamh 2005, na dátaí sin san áireamh;
  • go líonann tú isteach an uimhir aitheantais (ID), uimhir phas nó uimhir an chárta cónaithe dhlíthiúil cheart ar an bhfoirm iarratais ar líne;
  • gur saoránach nó cónaitheoir dleathach fadtéarmach* thú de chuid ceann de na tíortha seo a leanas: 

          – ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, na Tíortha agus Críocha Thar Lear san áireamh nó 
          – ceann de na tríú tíortha atá bainteach le Clár Erasmus+: an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Tuirc. 

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Rialacha, roinn ‘2. Iarratasóirí incháilithe’

Ina dhiaidh sin, beidh ort páirt a ghlacadh i dtráth na gceist (ach amháin má chuireann tú isteach ar DiscoverEU mar bhall de ghrúpa).

I gcás ina roghnófar thú, beidh tú in ann taisteal ar feadh tréimhse nach lú ná aon lá amháin agus nach mó ná 30 lá idir an 15 Meitheamh 2023 agus an 30 Meán Fómhair 2024

Tabhair do d’aire, má tá míchumas ort nó má tá fadhb shláinte agat a fhágann go mbeidh an taisteal dúshlánach duit, gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht a chabhróidh leat páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht. Féach ar C.13 sna Ceisteanna Coitianta le haghaidh tuilleadh eolais.

An bhfuil tú ró-óg chun páirt a ghlacadh sa bhabhta seo? Ná bí buartha! Beidh babhta eile ann san earrach agus san fhómhar gach bliain.

An féidir liom taisteal le mo chairde?

Is féidir! Fút féin atá sé. Is féidir leat taisteal i d’aonar freisin, nó suas le ceathrar cairde a chur le do ghrúpa ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta thuas. Bainfidh siad úsáid as do chód iarratais nuair a chuireann siad féin isteach ar an tionscnamh. Féach ar B.5 go B.11 sna Ceisteanna Coitianta le haghaidh tuilleadh eolais.

Is féidir leat pleananna taistil a nascadh le taistealaithe eile DiscoverEU! Is ardán maith é Grúpa DiscoverEU ar Facebook chun sin a dhéanamh. Glac páirt sa Ghrúpa anois chun comhrá a dhéanamh le rannpháirtithe eile.

A luaithe a roghnófar thú, cuideoidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ leat nascadh agus foghlaim trí chruinnithe réamhimeachta a eagrú agus taistealaithe a thabhairt le chéile sula n-imíonn siad.


‘Tá domhan mór amuigh ansin. Faigh do mhála droma, do dhlúthchara agus téigh ag taiscéalaíocht.’

 

Taithí a chomhroinnt 

Agus tú i d’Ambasadóir DiscoverEU, iarrfar ort tuairisc a thabhairt ar do chuid taistil tríd an haischlib #DiscoverEU a úsáid ar uirlisí meán sóisialta ar nós Instagram, Facebook agus/nó Twitter. Is féidir leat cur i láthair a dhéanamh i do scoil nó sa cheantar ina bhfuil cónaí ort. Chomh maith leis sin, d’fhéadfá páirt a ghlacadh sa chomórtas grianghrafadóireachta agus fís-scannánaíochta de chuid #DiscoverEU agus duaiseanna iontacha a bhuachan. 

An bhfuil tuilleadh eolais uait?

An bhfuil suim agat sna tréimhsí iarratais a bhí ann cheana? Má tá, léigh bileoga eolais DiscoverEU, ina bhfuil tuilleadh sonraí faoin ngníomhaíocht agus faoin dóigh ar éirigh le roinnt daoine óga a chuaigh ag taisteal faoi DiscoverEU.

 

Tá an Eoraip faoi do réir. Imigh faoina déin.
 

 

Físeán spreagúil TedX a rinne Vincent-Immanuel Herr