Skip to main content
© European Union © European Union

Páirt a ghlacadh i ngluaiseachtaí óige

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 30/07/2025

Tá sé níos éasca an domhan a athrú mar ghrúpa ná asat féin. Tá na mílte eagraíochtaí san Eoraip ag obair chun maitheas a dhéanamh i réimsí éagsúla. An bhfuil deis uait chun cúnamh a thabhairt?

Seo roinnt céimeanna faoi conas páirt a ghlacadh ann!

Is eagraíochtaí neamhrialtasacha seachbhrabúsacha iad eagraíochtaí agus gluaiseachtaí óige ina bhfuil daoine óga i gceannas ar oibriú agus ar chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí. Tugann siad faoi thionscadail, in éineacht le daoine óga agus ar a son, ar ábhair éagsúla. Tá an Eoraip lán le heagraíochtaí agus gluaiseachtaí óige a bhfuil daoine á lorg acu le bheith páirteach iontu. 

Bealach iontach chun do chuid ama a chaitheamh is ea a bheith páirteach in eagraíocht nó gluaiseacht óige. Foghlaimíonn tú scileanna nua, buaileann tú le daoine nua agus déanann tú do chion féin ar mhaithe le rud éigin maith. Tá go leor cúiseanna ann a bhféadfá díriú orthu, cuir i gcás do ghrúpa scoláirí áitiúil, tearmann do dhaoine gan dídean, eagraíochtaí idirnáisiúnta um chearta an duine nó gluaiseachtaí glasa. Smaoinigh ar rudaí a bhfuil suim agat iontu agus ar na nithe ba mhaith leat a fhoghlaim nó cur leo. Sin an chéad chéim chun deis a aimsiú a oireann duitse.

Foghlaim faoin ngluaiseacht

Tá bealaí ag go leor eagraíochtaí ar féidir leat triail a bhaint as obair a dhéanamh leo. Glac páirt i seisiún eolais, triail imeacht mar rannpháirtí nó labhair le duine atá páirteach ann cheana féin – bealaí iontacha iad sin ar fad chun cuid eile a fhoghlaim faoin méid a bhaineann le bheith i do bhall d’eagraíocht nó i d’oibrí deonach. Rogha eile is ea a gcuntais meán sóisialta a leanúint, síntiús a ghlacadh le nuachtlitir nó a bhfoilseacháin a léamh chun eolas a fháil ar a misean.

Pleanáil do chuid ama

Imní choitianta is ea nach bhfuil dóthain ama ag duine a bheith páirteach in eagraíochtaí agus gluaiseachtaí óige, ach ná géill don lagmhisneach sula mbíonn do chuid taighde déanta agat. B’fhéidir go mbeadh roinnt post ann ina gcaithfí méideanna éagsúla ama a thabhairt. Roghnaigh cad a oireann duitse agus bí réadúil faoin méid atá tú in ann a dhéanamh. Slat tomhais mhaith is ea tosú go beag agus méadú de réir mar a théann tú ar aghaidh. Bí cinnte d’infhaighteacht a chur in iúl roimh ré, chun aon mhíthuiscintí a sheachaint. 

Bain taitneamh as

Glacann daoine páirt in eagraíocht nó gluaiseacht óige go minic trí obair dheonach a dhéanamh, gan tuarastal, ach is mór an luach atá ar an méid a fhaigheann tú as! A bheith gníomhach in eagraíocht óige nó gluaiseacht óige, tugann sin deis iontach duit cur le d’fhorbairt shóisialta agus mhothúchánach. Go bunúsach, ní hamháin go mbuaileann tú le roinnt de na cairde is fearr a bheidh agat go deo, ach is céim aistir atá ann a chabhróidh leat taithí ghairmiúil a fháil agus do spriocanna gairme beatha a oibriú amach. Agus é sin á dhéanamh agat, beidh deis iontach agat tionchar a imirt ar do phobal agus cur leis an athrú agus leis an gcinnteoireacht. 

An bhfuil suim agat ann? Tá roinnt líonraí d’eagraíochtaí agus gluaiseachtaí óige anseo thíos. Féach tríothu, cuir aithne ar an gcúis atá acu agus faigh amach an bhfuil oifig áitiúil acu in aice leat. 


Tá go leor eagraíochtaí óige idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla eile ann, breathnaigh timpeall agus gabh isteach i ngluaiseachtaí óige a athróidh do shaol.