Skip to main content
© European Union © European Union

Ar mhaith leat dlí de chuid an Aontais Eorpaigh a athrú, nó dlí nua a mholadh?

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 01/09/2021

An bhfuil tú spreagtha le cabhrú leis an dlí a athrú? Tugann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh deis duit cuidiú chun an tAontas Eorpach a mhúnlú trí reachtaíocht nua a mholadh. Foghlaim cén chaoi ar féidir leat beart a dhéanamh.

Tugann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh deis do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh páirt a ghlacadh go díreach i gceapadh beartais an Aontais Eorpaigh, trína iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlí nua a mholadh.

Le smaoineamh a thosaíonn sé…

Má bhaineann do smaoineamh le réimse beartais ina bhfuil cumhachtaí ag an gCoimisiún dlíthe a mholadh, is féidir leat tionscnamh saoránach a thíolacadh ina leith. Féadfaidh beartais a bhaineann leis an gcomhshaol, cosaint tomhaltóirí, talmhaíocht, sábháilteacht bia, fuinneamh, iompar, cultúr, neamh-idirdhealú agus cabhair dhaonnúil a bheith i gceist leis sin. 

Tá roinnt coinníollacha foirmiúla a bheidh ort a chomhlíonadh, ar ndóigh, chun é sin a dhéanamh – go háirithe, ní féidir leat é a dhéanamh i d’aonar: caithfidh tú grúpa d’eagraithe a bhunú ina mbeidh ar a laghad seachtar saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh atá ina gcónaí i seacht dtír éagsúla san Aontas. Is é an chéad rud le déanamh, mar sin, ná teacht ar dhaoine ar fud na hEorpa agus dul i gcomhar leis na daoine sin atá sásta tacaíocht a thabhairt do do thionscnamh. 

De ghnáth, is comhghuaillíochtaí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhíonn i gceannas ar Thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh. Is fiú a sheiceáil an bhfuil do thogra dlí ag teacht le habhcóideacht eagraíochta neamhrialtasaí a d’fhéadfadh cabhrú leat an tionscnamh a chur chun cinn. Go deimhin, chomh luath agus a bheidh do thionscnamh cláraithe, beidh bliain amháin agat chun milliún síniú a bhailiú ó sheacht dtír ar a laghad san Aontas Eorpach. 

Chun an sprioc sin a bhaint amach, beidh plean cumarsáide láidir de dhíth ort, oibrithe deonacha chun na sínithe a bhailiú agus go leor fuinnimh! Ná bíodh drogall ort comhairle a lorg ar FHÓRAM an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh


Cad é an chéad rud eile a tharlaíonn?

Agus milliún síniú faighte agat, beidh a fhios agat cinnte:

  • go ndéanfaidh an Coimisiún scrúdú dáiríre ar do thionscnamh – is féidir leat bualadh le hoifigigh de chuid an Choimisiúin go pearsanta fiú, chun míniú mionsonraithe ar do smaoineamh a thabhairt dóibh;
  • is féidir leat do thionscnamh a chur i láthair agus a phlé ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa.

Tá an Coimisiún faoi cheangal dlí freagra foirmiúil a thabhairt, ina gcuirfidh sé in iúl pé beart a mholfaidh sé (más ann dó), chomh maith leis na cúiseanna maidir le beart a dhéanamh (nó gan é a dhéanamh).

Má chinneann an Coimisiún gníomhú, déanfar sin i bhfoirm togra foirmiúil le haghaidh dlí nua. Mar sin féin, chun an dlí a achtú, beidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Rialtais an Aontais Eorpaigh araon (de ghnáth) é a cheadú trí Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Is féidir leat comhairle mhionsonraithe ar na saincheisteanna sin ar fad a fháil ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus sna Ceisteanna Coitianta.