Skip to main content
© Nico Roicke - Unsplash © Nico Roicke - Unsplash

Cén áit ar féidir leat tuairim a thabhairt ar ghnóthaí Eorpacha agus idirnáisiúnta?

An nuashonrú is déanaí an An Domhnach, 04/10/2020

<p>Tá bealaí difriúla ann chun do chuid smaointe a chur in iúl, agus is é an ceann is soiléire acu ná a bheith rannpháirteach i dtoghcháin agus páirt a ghlacadh i ngrúpaí polaitíochta.</p>

Mura bhfuil toghchán ar siúl nó mura mbaineann do cheist le cúrsaí polaitíochta go baileach, tá bealaí eile ann ar féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta cead cainte a thabhairt duit.

Féadfaidh tú do thuairim a thabhairt ar cheisteanna beartais éagsúla, bídís faoi chúrsaí a bhaineann leis an óige, saincheisteanna sóisialta, comhshaoil nó sláinte, faoi chúrsaí iompair nó faoi chearta an duine agus neart eile nach iad. Bíodh tú ar an láthair nó bíodh tú ar do chompord sa bhaile, níl ort ach féachaint ar na háiteanna seo inar féidir leat do thuairim a chur in iúl.
Bíonn bealaí sonracha de ghnáth ag eagraíochtaí an Aontais Eorpaigh agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta chun dul i gcomhairle le saoránaigh, agus i roinnt cásanna, le daoine óga go háirithe. Seo roinnt samplaí:

  • is sásra idirphlé é Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh idir daoine óga agus lucht déanta cinntí a tharlaíonn faoi chuimsiú Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige. Chun bheith páirteach sa phróiseas, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an meitheal náisiúnta i do thír féin nó leis an bhFóram Eorpach don Óige mura bhfuil do thírse ar an liosta.
  • Comhairle na hEorpa: I gComhairle na hEorpa, tá 30 ionadaí as eagraíochtaí agus líonraí óige neamhrialtasacha ar an gComhairle Chomhairleach um an Óige. Cuireann sé tuairimí agus ionchur ar fáil ó eagraíochtaí neamhrialtasacha óige maidir leis na gníomhaíochtaí ar fad san earnáil óige agus féachann sé chuige go mbeidh baint ag na daoine óga le gníomhaíochtaí eile na Comhairle.
  • Ach do chion a dhéanamh don reachtóireacht gheobhaidh tú deis rud éigin a dhéanamh freisin do phróiseas ceaptha beartais an Choimisiúin Eorpaigh trí d'ionchur a thabhairt ag comhairliúcháin agus ag fóraim phoiblí. Tá an Coimisiún ag iarraidh do chuid smaointe a chloisteáil, dul i ngleic le do ghearáin, agus foghlaim ó do thaithí.
  • Tairgeann Debating Europe ardán ar ar féidir leat cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi na saincheisteanna is spéis leat le polaiteoirí agus saineolaithe as an Eoraip.
  • Tá sé mar aidhm ag European Youth Ideas a bheith mar cheangal idir tú féin agus Parlaimint na hEorpa. Is deis atá ann duitse a bheith rannpháirteach go gníomhach i saol daonlathach na hEorpa. Féadfaidh tú do chuid smaointe féin a mholadh maidir leis na saincheisteanna atá os comhair na hEorpa sa lá atá inniu ann agus do chuid smaointe le haghaidh na hEorpa a bheidh ann amach anseo.
  • Tugann Fóram UNESCO don Óige toscairí óga ar fud na cruinne le chéile gach re bliain chun tuairimí agus taithí a roinnt lena chéile, machnamh a dhéanamh agus ábhair imní agus fadhbanna coitianta a aimsiú. Féadfaidh tú páirt a ghlacadh sa phobal ar líne leis an scéal is déanaí a fháil ar na Fóraim a bheidh ar siúl amach anseo.
  • Tacaíonn UNESCO MGIEP le pobal domhanda na hóige atá tiomanta deireadh a chur leis an antoisceachas foréigneach, córais oideachais a athrú ó bhonn agus sochaithe níos síochánta agus níos inbhuanaithe a fhorbairt. 
  • Is é UNICEF Voices of Youth an spás atá ag daoine óga ar líne chun tuilleadh a fháil amach faoi na saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar a saol. Ar an ardán sin, is féidir le daoine óga ar fud an domhain a dtuairimí a chur in iúl, ceisteanna a fhiosrú agus a phlé agus beart a dhéanamh i dtaca le fadhbanna domhanda.

Ar ndóigh, anuas ar na modhanna eagraithe sin i gcomhair idirphlé, féadfaidh tú dul i mbun gluaiseachtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun cúis a chosaint, achainíocha a shíniú agus tograí óige a eagrú. 

Déanann Fóram Eorpach na hÓige mar shampla, agus a bhaill idirnáisiúnta, ionadaíocht ar na milliúin daoine óga ar fud na hEorpa. Tá siad páirteach in Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, próiseas rannpháirtíochta de chuid an Aontais a chuireann ar chumas daoine óga oibriú le lucht déanta cinntí, saineolaithe, taighdeoirí agus le daoine ábhartha eile as an tsochaí shibhialta trína gcuid smaointe agus tograí a chur chun cinn maidir le hábhair a bhaineann le beartas óige san Aontas Eorpach. 
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár n-alt faoi bheith rannpháirteach i ngluaiseachtaí óige (nasc inmheánach le cur isteach).
Mar fhocal scoir, féadfaidh tú a bheith páirteach i bpobal iriseoirí agus blagálaithe atá gnóthach ag cur tuairimí daoine óga in iúl ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tsochaí, leis an gcultúr agus le cúrsaí eacnamaíocha. 

Oibríonn Global Voices Online, mar shampla, mar phobal idirnáisiúnta, ilteangach blagálaithe, iriseoirí, aistritheoirí, acadóirí agus gníomhaithe ar son chearta an duine ar fud na cruinne. Tá sé mar aidhm acu cabhrú le daoine ar fud na cruinne eolas faoina bpobal a aimsiú agus a fhoilsiú. Féadfaidh tusa a bheith páirteach trí smaointe a chur isteach nó trí pheann a chur le pár.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar bhealaí le bheith rannpháirteach ar líne, léigh ár n-alt ar ghníomhaíochas digiteach agus ar iriseoireacht ar líne.