Skip to main content
© Humphrey Muleba - Unsplash © Humphrey Muleba - Unsplash

Foghlaim faoi na hocht imeacht spóirt is aistí ar an mór-roinn!

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 19/07/2024

An meallann cluichí craiceáilte nua as an bpíosa thú? Faigh amach faoi imeachtaí speisialta spóirt a eagraítear ar fud na hEorpa. Seans go bhfuil roinnt acu á n-eagrú gar duit, mar sin d’fhéadfá seans a fháil iad a chleachtadh thú féin!

1. Na Cluichí Oilimpeacha Puitigh, an Ghearmáin

Tosaíonn suíomh gréasáin oifigiúil an imeachta le ceist an-ábhartha go deo: cén fáth sa diabhal a n-íocfadh daoine airgead le héirí salach? De réir dealraimh, tá dhá chúis ann: spraoi, ar ndóigh, agus cúiseanna carthanachta. 
Cuireadh tús leis na Cluichí Oilimpeacha an-speisialta seo os cionn deich mbliana ó shin, agus tá siad ar siúl in Brunsbuettel na Gearmáine ó shin. Tá sé d'aidhm aige tacaíocht a thabhairt d’othair a bhfuil ailse orthu agus dá dteaghlaigh faoin mana “Láidir i gcoinne na hailse”. Bíonn os cionn dhá scór foirne san iomaíocht as gach cearn den Ghearmáin agus tíortha comharsanachta. I measc na spórt a imrítear bíonn peil, eitpheil, liathróid láimhe agus rásaíocht speisialta ar chlár puitigh – is cinnte go mbíonn an-spraoi ag an lucht féachana freisin!

2. Maratón Chaisleán Médoc, an Fhrainc

An maith leat a bheith ag rith? An maith leat fíon freisin? Seo imeacht spóirt a fheilfidh duitse más maith. Tosaíonn an Maratón in Pauillac gar do Bordeaux, agus téann sé trí pháirceanna fíniúna cáiliúla an cheantair gach mí Mheán Fómhair. 
Deirtear gurb é an maratón Francach seo a bhfuil mais curtha air an maratón is faide ar domhan toisc go bhfuil go leor gníomhaíochtaí i gceist leis le ceolfhoirne agus 23 stad blaiste fíona ar an mbealach. Ritheann formhór na n-iarrthóirí an rás faoi fheisteas mar sin is furasta a shamhlú cén toradh a bhíonn leis, idir a bheith ag rith agus ag ól!

3. Geallta Bád Puimcín Ludwigsburg, an Ghearmáin

Cad a thagann isteach i d’intinn nuair a chloiseann tú an focal geallta bád? Dom féin, is cúrsáil ghrástúil é in éadaí seoltóireachta atá praiticiúil ach galánta ag an am céanna. Seans go mbeidh do chuid éadaí beagán místuama sa gheall bád seo... Go deimhin, i rith Fhéile Puimcín Ludwigsburg céaslóidh iomaitheoirí ar an loch i bpuimcíní a mbeidh an croí bainte astu! 
Is féidir le duine ar bith a bheith rannpháirteach sa chomórtas spraíúil seo ach caithfidh siad a bheith 14 bliana d’aois ar a laghad agus caithfidh siad a bheith in ann snámh. Is iad an lucht eagraithe a chuireann na puimcíní móra millteacha ar fáil, mar sin ná bíodh imní ort má tá tú sa bhaile ar an 21 Meán Fómhair agus fonn ort a bheith páirteach.

4. Calcio Storico Fiorentino, an Iodáil

Is meascán é Calcio Storico Fiorentino de shacar, rugbaí agus iomrascáil ar scála mór a thosaigh i bhFlórans sa 16ú haois agus a imrítear fós sa lá atá inniu ann faoi fheisteas stairiúil. Bíonn 27 imreoir ar gach foireann agus leagtar béim ar an liathróid a chur isteach i gcúl na foirne eile. Is cuma cén bealach a ndéantar é sin mar sin má tá fonn ort féachaint ar phíosa den chluiche seo feicfidh tú imreoirí ag bualadh a chéile nó ina suí ar a chéile chun ligean don duine a bhfuil an liathróid ar iompar aige scóráil. Ní bhíonn aon imreoir in ann éalú ón gcath neamhthrócaireach atá mar chuid den chluiche. 
Mar fhocal scoir, faigheann an fhoireann bhuacach bó mar dhuais as a gcuid iarrachtaí agus as meas a léiriú do na traidisiúin.

5. Capaill maidí, an Fhionlainn

Tá an-tóir le déanaí san Fhionlainn ar mharcaíocht ar chapaill maidí agus gluaiseachtaí eachaíochta a dhéanamh. Tá thart ar 10 000 de lucht leanúna ag an leagan seo de mharcaíocht capall nach bhfuil baileach chomh daor leis an spórt féin. Úsáideann na himreoirí capaill maidí a dhéanann siad féin agus déanann siad ciorcaid le bacainní agus léimeanna agus téann siad chomh hard le méadar uaireanta. 
Tá gach duine in ann páirt a ghlacadh ann, is cuma cén aois nó inscne thú, ach tá an-tóir ar an gcluiche i measc cailíní sna déaga a bhíonn an-dáiríre faoin gcluiche. Ní hamháin go mbíonn ainm acu ar na capaill maidí ach bíonn siad an-mhórtasach freisin as a bpór den scoth. Ar ndóigh, is le teann spraoi thar aon rud eile a imrítear an cluiche. 

6. Ag tobaganáil gan sneachta, an Phortaingéil

Ní tharlaíonn an spórt seo uair sa bhliain, ach ar bhonn bliantúil! Ní fhéadfaidh tú é a chailleadh má théann tú go hoileán álainn Mhaidéara. Tá cáil ar fud an domhain ar bhaile Monte a bhuí don rás speisialta tobagain seo. Agus is cinnte nach é seo an cineál rása a shamhlófá ar a leithéid d’oileán!

Caithfidh tú go deimhin teacht anuas an cnoc i gcrúbóg mhór! Sleamhnaíonn an clár ar shleamhnáin adhmaid, á mbrú agus á stiúradh ag beirt fhear a mbíonn éadach cadáis geal traidisiúnta agus hata tuí orthu. Beidh luas suas le 45 km/u ag duine ag dul síos an cnoc agus ní fiú trácht ar na coscáin. Chun luas an tsleamhnáin a choinneáil siar, úsáidfidh do thiománaí... a mbróga. Tagann deireadh leis an rás in Funchal, cathair álainn inar féidir leat féachaint amach ar an Atlantach agus teacht chugat féin. 

7. Craobhchomórtas Fierljeppen, an Ísiltír

Is spórt é Fierljepper – nó léim i bhfad uait – a mbíonn an-tóir air agus a thosaigh i gcúige Friesland, cé go n-imrítear anois é san Ísiltír agus sa Bheilg. Is é is aidhm don spórt léim chomh fada agus is féidir leat thar an limistéar uisce. Úsáideann na himreoirí cuaillí atá idir 8 agus 13 mhéadar ar airde. Tá pláta cothrom ann chun thú a choinneáil sábháilte ar fhaitíos go dtitfeá.

Má tá tú ag iarraidh triail a bhaint as, cláraigh le máistir-rang agus faigh amach conas rúid a thabhairt chuig an gcuaille, greim a fháil air agus léim de go dtí an taobh eile den uisce. Bíonn an léim faoi bhun 20 méadar de ghnáth. Maireann séasúr an chluiche ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair.

8. Craobhchomórtas an Domhain ag Iompar Banchéile, an Fhionlainn

Tá bunús an chluiche seo san Fhionlainn, áit a ndeirtear go bhfuil sé bunaithe ar an bhfabhalscéal ón 19ú haois a bhain le “goid banchéile”. Cuireadh tús leis an leagan nua-aimseartha den chluiche iompair banchéile san Fhionlainn in 1992 agus scaoileadh iomaitheoirí ón gcoigríoch isteach in 1995. Ó shin i leith, bíonn cathair Sonkajärvi san Fhionlainn i mbun an Chraobhchomórtais bhliantúil. 
Is é is cuspóir don rás go n-iompróidh na himreoirí fear a bpáirtí ban trí rian bacainne speisialta sa tréimhse is tapúla. Bíonn foirne as an Astráil, an Bhreatain Mhór, an Eastóin, Éire, an Ghearmáin, agus na Stáit Aontaithe sa Chraobhchomórtas Domhanda ag Iompar Banchéile. Meas tú cén fáth a bhfuil an oiread sin de thóir ar a leithéid de spórt? Níl tuairim agam. 


An bhfuil tusa réidh le do chluiche craiceáilte féin a chumadh?