© iStockphoto.com - franckreporter
Deontas ó Fhondúireacht Marc de Montalembert
An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 10/07/2024
Tugann Fondúireacht Marc de Montalembert tacaíocht do thionscadail a chuireann ar a gcumas do dhaoine óga as tíortha na Meánmhara eolas a chur ar ilchineálacht chultúir eile na Meánmhara agus tuiscint a fháil ar a bhríomhaire agus a shaibhre atá siad.
Tá sé d’aidhm ag Fondúireacht Marc de Montalembert an chomhthuiscint chultúrtha a chur chun cinn i measc an aosa óig agus an t-idirphlé cultúrtha a chothú i sochaithe na Meánmhara. Gach bliain, tugann an Fhondúirteacht deontas do dhaoine óga ó réigiún na Meánmhara chun tionscadail idirchultúrtha a chur i gcrích.
An féidir leat iarratas a dhéanamh?
Caithfidh tú a bheith faoi bhun 28 mbliana d’aois, as tír de chuid na Meánmhara, agus caithfidh tú a bheith ag iarraidh tionscadal idirchultúrtha nua a chur i gcrích atá de réir do roghanna gairme féin. Le hiarratas a dhéanamh, ní mór tionscadal staidéir a mholadh sa réimse cultúrtha is rogha leat, tionscadal a chuirfear i gcrích i dtír amháin nó níos mó de thíortha réigiún na Meánmhara, seachas do thír bhunaidh féin.
Conas iarratas a dhéanamh
Osclaítear an glao ar iarratais gach bliain an 1 Deireadh Fómhair agus ní mór an t-iarratas a chur isteach faoin 31 Nollaig. Ná dearmad go gcaithfidh tú an fhoirm iarratais a iarraidh faoin 15 Samhain. Ní mór litir chumhdaigh i bhformáid PDF a bheith ag gabháil le d’aighneacht.
Má bhronntar an deontas €7000 ort, gheobhaidh tú cuireadh chun Ródas na Gréige chun glacadh leis.
Beidh aon bhliain amháin agat chun tuairisc a thabhairt ar an eolas agus ar an eispéireas a fuair tú i rith an tionscadail ina iomláine. Is féidir an tuairisc sin a bheith scríofa nó i bhfoirm ar bith atá infhoilsithe agus indáilte. Is féidir leat fanacht suas le sé mhí go fiú i gceannáras na Fondúirteachta i Ródas chun an obair sin a ullmhú.
Tá tuilleadh eolais anseo.