© bantersnaps - Unsplash
Is cuma más dalta, foghlaimeoir gairmoideachais agus oiliúna nó múinteoir thú: téigh thar lear le Erasmus+!
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 02/04/2024
Is deis iontach é tréimhse a chaitheamh thar lear fad atá tú ar scoil, ar mhaithe le d’fhorbairt phearsanta agus acadúil. Is rud maith é le cur ar do CV freisin. Fiosrach faoi do chuid roghanna? Coinnigh ort ag léamh.
Seiceáil an bhfuil do scoil nó Institiúid Ghairmoideachais agus Oiliúna rannpháirteach in Erasmus+. Mura bhfuil, iarr uirthi a bheith rannpháirteach!
Go deimhin, tá an iliomad deiseanna ar fáil in Erasmus+
Do dhaltaí
- Féadfaidh daltaí, is cuma cén aois iad, cuairt a thabhairt lena rang ar scoil chomhpháirtíochta i dtír eile san Eoraip ar feadh tréimhse idir trí lá agus dhá mhí. Oibríonn daltaí le chéile ar ábhar sonrach i gceann de na scoileanna comhpháirtíochta agus bíonn siad ag cleachtadh teangacha iasachta. An chuid is mó den am, fanann rannpháirtithe i dtithe a chéile agus tugtar liúntas beag laethúil chun a gcostais a chumhdach.
- Má tá tú 14 bliana d’aois ar a laghad agus má tá níos mó muiníne agat, féadfaidh tú leas a bhaint as tacaíocht airgeadais chun tréimhse idir 2 mhí agus 12 mhí a chaitheamh i scoil chomhpháirtíochta thar lear. Cónaíonn rannpháirtithe le teaghlach óstach, de ghnáth, agus bronntar liúntas beag míosúil le haghaidh a gcostas maireachtála.
- Tugann Erasmus+ deis d’fhoghlaimeoirí gairmoiliúna nó do phrintísigh tréimhse soghluaisteachta foghlama a chur isteach thar lear i scoil, cuideachta nó eagraíocht ar bith atá in ann cúrsa oiliúna a thairiscint dóibh. Féadfaidh an tréimhse sin thar lear a bheith gearr (ó choicís go trí mhí) nó níos faide (ErasmusPro, ó thrí mhí go 12 mhí).
- Chun faisnéis a fháil faoi dheiseanna ardoideachais, féach na hailt eile atá le fáil sa rannán seo.
Do mhúinteoirí agus baill foirne scoileanna
- Féadfaidh tú leas a bhaint as tacaíocht airgeadais Erasmus+ chun taisteal chuig tír eile san Eoraip agus fanacht ann, i gcomhair socrúchán teagaisc, cúrsa/imeacht oiliúna nó scéim chun duine a leanúint agus iad ag obair, ar feadh tréimhse idir dhá lá agus dhá mhí.
- Féadfaidh tú cuairt a thabhairt le do rang ar scoil chomhpháirtíochta i dtír eile san Eoraip ar feadh tréimhse idir trí lá agus dhá mhí.
- Féadfaidh tú comhoibriú fíorúil a eagrú le comhghleacaí nó scoil atá lonnaithe i dtír eile, a bhuíochas don ardán r-Nasctha. Féadfaidh múinteoirí tionscadail ar líne a óstáil nó páirt a ghlacadh iontu, agus grúpaí agus imeachtaí foghlama a chruthú nó páirt a ghlacadh iontu. Féadfaidh siad caidreamh a dhéanamh lena ndaltaí agus a dtaithí foghlama ranga a fheabhsú.
- Moltar duit comhoibriú fisiciúil agus comhoibriú fíorúil a dhéanamh. Féadfaidh múinteoirí nó scoileanna an t-ardán r-Nasctha a úsáid chun oibriú le chéile ar an tionscadal roimh an tréimhse soghluaisteachta fisiciúla agus ina diaidh.
Cén chaoi a dtugtar faoi?
- Seiceáil an bhfuil do scoil nó Institiúid Ghairmoideachais agus Oiliúna rannpháirteach in Erasmus+ cheana féin.
- Mura bhfuil, déan teagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ chun tuilleadh faisnéise phraiticiúla a fháil faoin gcaoi le dul isteach sa chlár.