Skip to main content
© Element5 Digital - Unsplash © Element5 Digital - Unsplash

Seo deich leid duit nuair a bheidh iarratas á dhéanamh agat ar scoláireacht fondúireachta

An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 01/10/2020

An bhfuil tú ag iarraidh eolas a fháil faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh ar scoláireacht fondúireachta?

Bíonn drogall ar gach duine roimh phróiseas casta iarratais, agus ceaptar go minic nach roghnófar ach iad siúd a bhfuil aithne orthu cheana féin… Seo deich leid chun tú a spreagadh agus iarratas iontach a ullmhú.

1. Déan iarratas!

Creideann go leor daoine nach bhfuil aon seans acu scoláireacht a fháil agus cuireann sé lagmhisneach orthu fiú iarratas a dhéanamh. Ach ní bheidh seans ar bith agat, mura ndéanann tú iarratas! Tabhair neart ama duit féin féachaint ar an bpróiseas iarratais – tosaigh le hurraitheoirí oiriúnacha a aimsiú agus beidh an chéad mhórchéim tógtha agat.

2. An oireann tú féin agus an fhondúireacht dá chéile?

Bíonn fondúireachtaí ag súil go mbeidh na tuairimí idé-eolaíochta céanna ag na daoine a bhíonn ag cur isteach ar scoláireachtaí agus atá acu féin. Ná déan iarratas ach ar fhondúireachtaí a mheaitseálann do phróifíl. Beidh cruinneas an mheaits ag brath ar an bhfondúireacht atá i gceist. Cuir i gcás, mura nglacann fondúireachtaí polaitiúla ach le baill pháirtí amháin, ba cheart duit a bheith in ann míniú a thabhairt i gcónaí ar cén fáth a bhfuil tú ag déanamh iarratais ar fhondúireacht ar leith. 

3. Cuir do lorg féin ar d'iarratas 

Is gnáthdhoiciméid i gcomhair iarratais í an litir spreagtha, an CV, na teistiméireachtaí agus na teastais scoile. Déan cinnte, mar sin féin, go bhfuil rud éigin speisialta faoi d’iarratas, ó thaobh ábhair agus dearaidh de. Aimsigh an duine iomchuí a seolfaidh tú an t-iarratas chuige, mínigh cén fáth ar roghnaigh tú an fhondúireacht áirithe sin, agus leag béim ar na gnéithe is ábhartha don fhondúireacht.

4. Bí suáilceach i gcónaí

A luaithe a bheidh na chéad ghnásanna roghnúcháin curtha díot agat, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort freastal ar agallamh aonair. Coinnigh súil ar do ríomhphost agus ar d’fhón agus ná fan rófhada le freagra a thabhairt.

5. Téigh i gcion go maith ar dhaoine

Bíonn agallaimh i measc grúpaí mar chuid den phróiseas roghnúcháin go minic, anuas ar agallaimh aonair. Rachaidh tú i bhfeidhm go maith ar dhuine má éisteann tú nuair a bhíonn daoine eile ag labhairt agus má fhreagraíonn tú dá dtuairimí. Cuimhnigh gur minic is fearr oibriú mar bhall den ghrúpa ná a bheith i lár an aonaigh i gcónaí.

6. Seisiúin chleachtaidh le do chairde

D’fhéadfadh scrúduithe scríofa, aistí nó cuir i láthair a bheith mar chuid den phróiseas iarratais agus d’fhéadfá a bheith sách neirbhíseach faoi na rudaí sin. Cuidíonn sé cleachtadh a dhéanamh ar do chur i láthair os comhair gaolta nó cairde. Ullmhaigh lena aghaidh trí smaoineamh ar na ceisteanna a d’fhéadfaí a chur ort agus an chaoi a bhfreagrófá iad.

7. Bí sonrach

“Is féidir brath orm, ní ligfidh mé síos thú agus tá mé díograiseach” – an-mhaith ar fad, ach bíonn an port céanna ag gach duine! Bainfidh tú amach i bhfad níos mó pointí ach samplaí sonracha a thabhairt: “D’oibrigh mé go deonach in eagraíocht X agus d’fhoghlaim mé Z.” Leis sin faightear amach faoi na saintréithe atá agat.

8. Ná bí ag cur i gcéill

“Is breá liom saothar Dostoyevsky” – seans go mbeadh sé sin beagán dochreidte, go mór mór mura bhfuil sé fíor. Más breá leat Marvel Comics ná bíodh drogall ort é sin a rá, b’fhéidir go bhfuil duine éigin sa lucht féachana ar breá leis nó léi féin an rud céanna. Ná habair rud éigin go deo díreach mar gheall go gceapann tú go bhfuil na daoine eile ag iarraidh é a chloisteáil.

9. Glan do shonraí ar líne

Déan cinnte go bhfuil do phróifílí ar Facebook nó Instagram saor ó phictiúir nár mhaith leat go bhfeicfeadh do mheasúnóirí iad… Seiceáil arís agus arís eile do shocruithe príobháideachais sula seolann tú d’iarratas. 

10. Pleanáil do bhearta leantacha 

Seiceáil an t-eolas a bhaineann leis an bpróiseas, má mhaíonn an fhondúireacht go sonrach nár chóir d’iarrthóirí dul i dteagmháil leo, ansin ná téigh i dteagmháil leo. Fan go ndéarfaidh siad gur féidir leat a bheith ag súil le glaoch ón bhfondúireacht sula dtéann tú i dteagmháil leo chun fiafraí díobh faoi d’iarratas. Fág cúpla seachtain idir teachtaireachtaí.

Go n-éirí leat!