© Brook Cagle - Unsplash
Lean le do thaithí idirnáisiúnta a bhuí le heagraíochtaí mac léinn!
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 31/08/2021
An suim leat nasc a dhéanamh le mic léinn idirnáisiúnta ar fud an domhain? B'fhiú páirt a ghlacadh in eagraíocht mac léinn idirnáisiúnta mar sin.
B’fhéidir go bhfuil tú i mbun intéirneachta nó ag staidéar thar lear agus gur mhaith leat bualadh le mic léinn eile atá sa chás céanna leat; nó b’fhéidir nach bhfuil uait ach teagmháil a dhéanamh le mic léinn idirnáisiúnta i do chathair féin. Cibé cúis atá leis, is struchtúir iontacha iad eagraíochtaí mac léinn idirnáisiúnta chun nasc a dhéanamh leo.
Is cumainn iad eagraíochtaí mac léinn idirnáisiúnta ina dtagann mic léinn le chéile chun tacú le cláir mhalartaithe agus chun iad a eagrú. Is eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad go minic, ina dtugann na baill a gcuid ama go deonach le cuidiú chun gníomhaíochtaí agus an eagraíocht a reáchtáil. Bíonn rudaí éagsúla i gceist leis na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear cainteanna agus díospóireachtaí a eagrú, gníomhaíochtaí spóirt, foghlaim teanga ar scáth a chéile agus imeachtaí eile a reáchtáil.
Ach obair dheonach a dhéanamh le heagraíocht mac léinn idirnáisiúnta, féadfaidh tú taithí luachmhar a fháil ar a bheith ag obair i bhfoirne idirchultúrtha, ag treorú tionscadal agus ag eagrú feachtas. Bíonn an deis agat foghlaim faoi struchtúir eagraíochtaí, páirt a ghlacadh i bpróisis pholaitiúla agus freastal ar dhaoine eile. Ach a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí den sórt sin, bíonn deis iontach agat forbairt phearsanta agus forbairt ghairmiúil a dhéanamh agus gheobhaidh tú taithí iontach a sheasfaidh duit sa mhargadh fostaíochta.
Má cheapann tú go mbeadh suim agat ina leithéid, tá roinnt eagraíochtaí éagsúla ann ar féidir leat a bheith páirteach iontu. Bí cinnte iad a lorg sa chathair ina bhfuil an malartú ar siúl agat nó ar do champas, d’fhéadfadh na heagraíochtaí a bheith eagraithe de réir spéis i ngníomhaíocht nó de réir spriocghrúpa mac léinn idirnáisiúnta. Seo liosta de na ceithre phríomhlíonra d’eagraíochtaí mac léinn idirnáisiúnta san Eoraip:
- Is líonra Eorpach d’eagraíochtaí mac léinn idirnáisiúnta i mbreis agus 1,000 ollscoil agus coláiste in 42 thír é ESN (Erasmus Student Network). Tugann an líonra treoir do mhic léinn san Eoraip, tugann sé eolas dóibh faoi na féidearthachtaí atá ann chun staidéar a dhéanamh i dtír eile agus oibríonn sé chun na dálaí maidir le malartú idirnáisiúnta mac léinn a fheabhsú. Eagraíonn sé seirbhísí treorach agus gníomhaíochtaí do mhic léinn. Má tá suim agat a bheith páirteach nó más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.esn.org chun sonraí teagmhála d’eagraíocht áitiúil a fháil.
- Is eagraíochtaí idirdhisciplíneacha mac léinn atá i gceist le AEGEE (Association des États Généraux des Étudiants de l’Europe) atá gníomhach in 161 chathair i 40 tír éagsúil. Tacaíonn AEGEE le soghluaisteacht agus malartú mac léinn ar fud na hEorpa agus is é is aidhm dó níos mó taithí a thabhairt do dhaoine óga ar an Eoraip. Eagraítear turais, malartuithe idirchultúrtha, ollscoileanna samhraidh agus comhdhálacha dá réir. Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise agus seoladh do ghrúpa áitiúil AEGEE ar www.aegee.org .
- Tá grúpaí áitiúla ag AIESEC (Association Internationale des Étudiants en Sciences Économique et Commerciales) i mbreis agus 113 thír. Is é is aidhm dóibh cuidiú le mic léinn scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus eispéiris phraiticiúla a fháil ar fud an domhain. Cuirtear baill de líonra AIESEC ar intéirneachtaí, glacann siad páirt i gcruinnithe coistí áitiúla nó cuidíonn siad chun comhdhálacha, ceardlanna agus léachtaí a eagrú. Is féidir tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála na gcoistí áitiúla a fháil ar www.aiesec.org.
- Cuidíonn IAESTE (International Association for the Exchange of Students for Technical Experience) le mic léinn eolaíochta, mic léinn innealtóireachta nó mic léinn na n-ealaíon feidhmeach chun intéirneachtaí a fháil i mbreis agus 80 tír ar fud an domhain. Más suim leat intéirneacht a dhéanamh i dtír eile nó más mian leat a bheith bainteach leis an eagraíocht, tabhair cuairt ar www.iaeste.org nó téigh i dteagmháil le do choiste áitiúil chun tuilleadh faisnéise a fháil.
- Tá 93 ghrúpa áitiúil i 34 thír ag BEST (Board of European Students of Technology). Déanann siad a ndícheall cuidiú le mic léinn teicneolaíochta na hEorpa díriú ar an saol idirnáisiúnta agus a gcumas oibriú ar bhonn idirnáisiúnta a fhorbairt. Cruthaíonn siad deiseanna do mhic léinn bualadh le chéile agus foghlaim trí imeachtaí acadúla agus neamh-acadúla. Tabhair cuairt ar www.best.eu.org chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun do ghrúpa áitiúil a aimsiú.
I ngach coláiste nó ollscoil tá an t-iliomad eagraíochtaí mac léinn a dhíríonn ar ábhair éagsúla. Chomh maith le heagraíochtaí mac léinn idirnáisiúnta féadfaidh tú páirt a ghlacadh in eagraíochtaí polaitiúla, eagraíochtaí reiligiúnacha, eagraíochtaí a dhíríonn ar shlí bheatha, ar ábhar staidéir nó ar ghairm. Caith súil níos grinne ar shuíomh gréasáin do choláiste nó d’ollscoile chun níos mó a fhoghlaim.