© Baim Hanif - Unsplash
Soghluaisteacht staidéir Erasmus+: bí réidh le haghaidh eispéiris a athróidh do shaol ó bhonn!
An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 01/10/2020
Cuireann Erasmus+ deiseanna ar fáil do dhaoine óga tréimhse a chaitheamh thar lear agus rudaí nua a fheiceáil. Seo cúpla leid agus blag a scríobh mic léinn Erasmus.
Sula bhfágann tú
Faoi chlár soghluaisteachta staidéir Erasmus+, is féidir idir 3 agus 12 mhí a chaitheamh in institiúid ardoideachais in aon tír rannpháirteach. Féach na coinníollacha anseo!
Déan cinnte seiceáil cúlra a dhéanamh sula roghnaíonn tú d’institiúid óstach. Má bhíonn smaointe á lorg agat, féadfaidh tú féachaint, cuir i gcás, ar uirlis U-Multirank de chuid an Aontais Eorpaigh chun ollscoileanna a chur i gcomparáid le chéile agus an rannán blaganna a léamh i gcomhair leideanna. Féadfaidh tú freisin féachaint ar shuíomhanna gréasáin speisialaithe ar nós Study.eu nó iAgora chun léirmheasanna a fháil ar ollscoileanna san Eoraip (agus sa chuid eile den domhan) agus aiseolas ó mhic léinn a léamh.
Má roghnaíodh thú le haghaidh mhalartú Erasmus+, cuir tús le do chuid ullmhúcháin trí labhairt le mic léinn ó d’ollscoil a rinne staidéar san institiúid chéanna. Féach an suíomh gréasáin Study in Europe i gcomhair leideanna!
Ná dearmad cinnte a dhéanamh de go bhfuil áit éigin faighte agat le fanacht ann! Chun leideanna a fháil faoi lóistín gearrthéarmach (brúnna, foligin, etc), cliceáil anseo.
Nuair a shroicheann tú do cheann scríbe
Cuir aithne ar an oiread daoine is féidir leat! Is dócha go mbeidh club nó caifé Erasmus gar don institiúid ina bhfuil tú ag staidéar. Eagraíonn siad imeachtaí fáilte agus gníomhaíochtaí eile go minic – bealach maith iad sin chun aithne a chur ar mhic léinn eile sula dtosaíonn tú ar an staidéar. Féadfaidh tú cumainn do mhic léinn idirnáisiúnta a chuardach freisin, ar nós Líonra Mac Léinn Erasmus (ESN) nó AEGEE, a bheidh in ann cuidiú leat socrú isteach sa saol acadúil agus sa saol sóisialta, chomh maith le leideanna praiticiúla a thabhairt duit faoin saol i do thír nua.
Déan do dhícheall teanga na háite a fhoghlaim nó cur leis an eolas atá agat cheana. Labhair le muintir na háite agus cuir aithne ar mhic léinn eile i do rang. Eagraíonn roinnt ollscoileanna foghlaim teanga idir mic léinn a bhfuil teangacha dúchais difriúla acu. I measc na roghanna eile tá na cúrsaí teanga trí Thacaíocht teanga ar líne Erasmus+.
Ní cóisirí agus cairde nua amháin atá i gceist le Erasmus+, áfach. Ní mór duit an dua céanna a chaitheamh le chuid oibre agus a dhéanfá sa bhaile, ach rachaidh an t-eispéireas go mór chun tairbhe duit!
Naisc spéisiúla
- An Tairseach um Staidéar san Eoraip: léigh tuilleadh faoi iarratas a dhéanamh le dhul ag staidéar san Eoraip agus faigh comhairle faoin mbealach le cúrsa a roghnú.
- Tairseach Inimirce an Aontais Eorpaigh: má tá tú ag iarraidh eolas faoi na doiciméid a bheidh ag teastáil chun dul isteach sa tír a roghnaíonn tú.
- Scoláireachtaí: féach ár n-alt faoi leideanna chun scoláireachtaí a aimsiú agus a fháil le dhul ag staidéar thar lear.
- U-Multirank: cuir ollscoileanna i gcomparáid le chéile. Féadfaidh tú an rangú a sheiceáil le scór d'ollscoile fhéideartha a fheiceáil, de réir critéir éagsúla.
- Study in Europe: taispeántar ollscoileanna agus coláistí, táillí teagaisc agus cláir bhaitsiléara agus mháistreachta i ngach tír san Eoraip.
- StudyPortals: tá sé mar aidhm ag an suíomh seo an iliomad deiseanna staidéir san Eoraip agus níos faide ó bhaile a dhéanamh níos trédhearcaí. Féadfaidh tú súil a chaitheamh ar a mbunachar sonraí de réir cláir staidéir agus de réir tíre.
Níl agat anois ach do mhálaí a phacáil agus bualadh leat!