Skip to main content
CoR Apply for a traineeship at the Committee of the Regions.

Tréimhsí oiliúna i gCoiste na Réigiún

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 18/09/2020

Gach bliain, cuireann Coiste na Réigiún líon teoranta cuairteanna staidéir gearra gan phá agus tréimhsí oiliúna le pá ar fáil, le gur féidir le daoine taithí oibre a fháil san institiúid sin.

Tá an institiúid ag lorg céimithe ollscoile as tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh nó as Stát atá ina iarrthóir oifigiúil ar aontachas. Ní mór sáreolas ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais a bheith agat agus eolas maith ar an bhFraincis nó ar an mBéarla.

Tá dhá shórt deiseanna le fáil ag na hiarratasóirí sin:

  1. Cuairteanna staidéir gearra:
    • 1-4 mhí, ach is féidir iad a shíneadh go 6 mhí ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil
    • Socraítear ar dháta tosaithe in éineacht leis an iarrthóir
    • Obair lánaimseartha / 40 uair sa tseachtain
    • Ionad oibre sa Bhruiséil, an Bheilg
    • Gan phá, ní mór don iarrthóir na costais ar fad a sheasamh
    • Ní thugtar clúdach árachais sláinte
    • Tugtar clúdach árachais timpiste

Le hiarratas a dhéanamh, cuir do CV, litir inspreagtha, cóip de do phas nó de do chárta aitheantais, cóip de do dhioplóma bunchéime nó teastas chuig trainee@cor.europa.eu

  1. Gnáth-thréimhsí oiliúna
    • 5 mhí, ag tosú i mí Feabhra nó i mí Mheán Fómhair
    • Obair lánaimseartha / 40 uair sa tseachtain
    • Ionad oibre sa Bhruiséil, an Bheilg
    • Íocaíocht le deontas (thart ar €1195 in aghaidh na míosa)
    • Rogha idir na trí roinn i gCoiste na Réigiún
    • Aisíocaíocht na gcostas taistil
    • Lascaine 50% i bpraghas an ticéid iompair phoiblí
    • Clúdach árachais sláinte roghnach
    • Tugtar clúdach árachais timpiste

 

Is iad seo a leanas na tréimhsí chun iarratas a dhéanamh:

    • Seisiún an Earraigh ón 16 Feabhra go dtí an 15 Iúil
    • Tréimhse iarratais: an 1 Aibreán go dtí an 30 Meán Fómhair (meán oíche, am na Bruiséile) an bhliain roimh bhliain na tréimhse oiliúna.
    • Seisiún an Fhómhair: an 16 Meán Fómhair go dtí an 15 Feabhra
    • Tréimhse iarratais: an 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Márta (meán oíche, am na Bruiséile) an bhliain chéanna.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoin obair agus faoin bpróiseas iarratais anseo.