© European Union, 2019
An bhfuil tú réidh le dul ag amthaisteal?
An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 27/08/2021
Cuir eolas ar an Eoraip mar a bhí, agus mar atá sí inniu, le cuidiú an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh!
An raibh fonn amthaistil ort riamh? An bhfuil spéis ar leith agat sna scéalta a mhúnlaigh an Eoraip atá againn inniu? Tá cuid mhór oidhreachta agus staire againn san Eoraip agus is féidir teacht uirthi i ngach cearn den mhór-roinn. Ach cén áit is fearr tosú? Láithreacha a bhfuil luach siombalach ag baint leo maidir le stair na hEorpa agus a mhúnlaigh an mhór-roinn a bhfuil cur amach agat uirthi inniu, cabhraíonn an Lipéad Oidhreachta Eorpach leat teacht ar na láithreacha sin agus níos mó eolais a chur orthu. Nuair a thugann tú cuairt ar láithreacha an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh, tá sé mar a bheifeá ag taisteal siar san am, ó thús na sibhialtachta go dtí an Eoraip atá inniu ann.
D’fhéadfá, mar shampla, cuairt a thabhairt ar Krapina na Cróite, áit ar tháinig seandálaithe ar an líon is mó de chnámha iontaise Néandartálacha san Eoraip in 1899. Nó d’fhéadfá taisteal chuig príomhchathair álainn na Portaingéile, Liospóin, áit ar faomhadh an Chairt Dlí um Pionós an Bháis a Dhíothú in 1867. Cairt cheannródaíoch a bhí ann agus tá sí caomhnaithe i gCartlanna Náisiúnta Torre do Tombo sa chathair. Nó cén fáth nach rachfá chun na Slóivéine chun cuairt a thabhairt ar Ospidéal Franja a bhí á reáchtáil go rúnda ag páirtiseáin Shlóivéanacha mar chuid dá bhfrithbheartaíocht i gcoinne na bhfórsaí forghabhála Naitsíocha le linn an Dara Cogadh Domhanda?
Ar mhaith leat dul ag amthaisteal chuig áiteanna eile fós? Ar shuíomh gréasáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh tá liosta de 38 láthair a bhfuil an lipéad acu cheana féin. Ó mhanaigh chumhachtacha sna Meánaoiseanna go bunaitheoirí an Aontais Eorpaigh féin, tugann gach láthair léargas éagsúil ar ár stair dúinn. Agus is í an ghné Eorpach a nascann na láithreacha seo ar fad le chéile!
An bhfuil tuilleadh eolais uait? Féach ar na láithreacha ar fad san fhíseán seo agus eagraigh turas chuig áit a mbuaileann an t-am atá caite leis an am atá le teacht!