Skip to main content
© Denys Argyriou - Unsplash.com © Denys Argyriou - Unsplash.com

Bealaí traenach iontacha, nó na háiteanna le dul le do phas taistil Eorpach

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 16/07/2025

Tá ocht moladh ó gach cearn den mhór-roinn le fáil anseo le haghaidh do thurais, agus tá lán do dhá shúil i ngach uile ceann acu.

An torann seasta a thagann ó na rothaí ar na rianta, an mhealltacht dhosháraithe a bhaineann le suí in aice na fuinneoige ag smaoineamh ar mhistéir na cruinne, an sásamh a bhaineann le bheith in ann léamh gan meadhrán a bheith ionat. Tá go leor buntáistí ag baint le turas traenach!

Agus is fíor gurb é an turas féin an ceann scríbe... Cén fáth nach gcuirfeá eolas ar an Eoraip trí thaisteal ar roinnt de na bealaí traenach is áille dá bhfuil ann?

 

Nova Gorica go Jesenice, an tSlóivéin

 

https://unsplash.com/photos/pOWBHdgy1Lo

 

I ré na hImpireachta Ostra-Ungáraí, thugtaí an bóthar seo chuig Trieste na hIodáile thú. Anois an t-am is fearr chun radharc a fháil ar an tírdhreach nádúrtha álainn sa tSlóivéin in imeacht 62 chiliméadar! Ná caill amach orthu seo: Loch Bled lena oileán agus a chaisleán álainn. 

 

Iarnród Kalavryta, an Ghréig

 

https://unsplash.com/photos/bQHSXKQyj8o

 

Osclaíodh an t-iarnród seo in 1896 agus tá lán do dhá shúil ann. Ar smaoinigh tú riamh ar léim ar thraein a ritheann ar ráillí atá níos lú ná méadar ar leithead (0.75 m go beacht) fad a théann sé thar easanna? Bain taitneamh as 22.5 ciliméadar d’aidréanailín agus áilleacht fad a théann tú trí thuaisceart Peloponnese sa Ghréig!

 

Bernina Express, an Eilvéis go dtí an Iodáil

 

https://unsplash.com/photos/WFw303fx_dY

 

Déanaimis suaimhneas agus glacfaimid anáil anois trí dhul ar thuras trí na hAlpa le líne iarnróid a liostaítear mar cheann de Shuíomhanna Oidhreachta Domhanda UNESCO. In imeacht 123 chiliméadar, rachaidh tú díreach as Chur na hEilvéise chuig Tirano na hIodáile, ó oighearshruthanna chuig dúlra na Meánmhara. Seo fíric shuimiúil duit: rachaidh tú thar 196 dhroichead agus trí 55 thollán!

 

Inlandsbanan, an tSualainn

 

https://unsplash.com/photos/WJkc3xZjSXw

 

Ar ais chuig Críoch Lochlann agus isteach san fhiántas. Tabharfaidh an líne 1,288 gciliméadar seo trí lár Thuaisceart na Sualainne ó Kristinehamn go Gällivare thú. 
Buaicphointe: an Ciorcal Polach, an gá a thuilleadh a rá? 

 

An Droichead, an Danmhairg go dtí an tSualainn

 

https://fr.m.wikipedia.org/wiki/Fichier:Oresund_Bridge_narrow.JPG

 

Mílaois nua, droichead nua! Sin a tharla in 2000 nuair a nascadh an Danmhairg agus an tSualainn a bhuíochas d’iarnród agus mótarbhealach 8 gciliméadar ar a dtugtar droichead Öresund. Suigh siar, téigh trasna Mhuir Bhailt agus faoi cheann 45 nóiméad iomprófar thú ó Chóbanhávan go Malmö! 

 

Cinque Terre, an Iodáil

 

https://unsplash.com/photos/BTDWln5guLQ

 

Is é “Cúig Thalamh” an t-aistriúchán litriúil atá air sin, agus téann an bealach traenach 18 km seo ó La Spieza i dtreo Levanto, ag dul thar chúig shráidbhaile ghalánta cois farraige a bhreathnódh thar cionn ar Instagram: Riomaggiore, Manarola, Corniglia, Vernazza, agus Monterosso. An maith leat bia mara agus focaccia? Sin an áit duitse.

 

Linha do Douro, an Phortaingéil

 

https://commons.wikimedia.org/wiki/File:Vale_do_C%C3%B4a,_Regi%C3%A3o_Vinhateira_do_Alto_Douro.jpg

 

An bhfuil roinnt teasa ag teastáil uait anois? Téigh chuig Tuaisceart na Portaingéile agus tóg an líne seo, a nascann lár Porto, baile Peso da Régua agus na sráidbhailte i nGleann Douro. Brionglóid de thuras trí fhíonghoirt agus léibhinn áille na Portaingéile. Ritheann an líne ar feadh 160 km agus is fiú fanacht ar bord don aistear iomlán mar gurb í an chuid deiridh an chuid is fearr.

 

 

Creidiúintí na n-íomhánna: 

1) Neven Krcmarek - Unsplash.com
2) Matt Artz - Unsplash.com
3) Andreas Stutz - Unsplash.com
4) Geran de Klerk - Unsplash.com
5) Philaweb - Wikimedia Commons
6) Petr Slováček - Unsplash.com
7) Jpedromac - Wikimedia Commons