© Photo by Andrew Neel on Unsplash
Deich leid i gcomhair agallamh ar líne
An nuashonrú is déanaí an An Luan, 24/03/2025
Má tá tú ag cur isteach ar phost thar lear, ní féidir i gcónaí agallamh duine le duine a dhéanamh. Ina áit sin, is féidir go n-iarrfar ort freastal ar agallamh ar líne. Cé nár cheart duit dearmad a dhéanamh ar na gnáthleideanna, tá cúpla rud eile le coinneáil ar intinn agat.
1. Ná bí ró-neamhfhoirmiúil!
Tabhair faoin agallamh amhail is gur agallamh ar an láthair atá i gceist. Bí gléasta go slachtmhar ó bhun go barr ar fhaitíos go mbeidh ort seasamh suas... Níl i do láithreacht ar líne ach insint bhreise ar an gcuma a bhíonn ort as líne, i ndeireadh na dála!
2. Déan spás duit féin!
Mura gcónaíonn tú leat féin, cuir do chomrádaithe tí nó do theaghlach ar an eolas go bhfuil agallamh le déanamh agat, ionas nach gcuirfidh aon duine isteach ort agus go mbeidh tú in ann feidhmiú go gairmiúil. Seachain agallamh a dhéanamh i gcaifé torannach, nó do ghuthán a úsáid agus tú ag siúl. Is amhlaidh an cás maidir le cur isteach ar líne – bí cinnte go scoireann tú de gach ríomhchlár nach dteastaíonn uait!
3. Réitigh an bord!
Bheadh gloine uisce, peann agus páipéar áisiúil chun nótaí a bhreacadh, agus cuirfidh siad cuma ghairmiúil ort.
4. Bí i do theicneoir!
Seiceáil do cheamara sula dtosóidh an t-agallamh, tástáil do mhicreafón agus féach ar an méid atá á thaispeáint agat ó do thimpeallacht. Déan cinnte nach bhfuil foinse solais ann a chuirfeadh isteach ar an bhfíseán – mar shampla, níor cheart go mbeadh fuinneog le feiceáil mar go mbeadh tionchar aici ar an solas.
5. Bíodh a fhios agat nuair a bhíonn tú beo ar an aer!
Ná tosaigh físchomhrá go dtí go mbeidh tú réidh agus dún an ríomhchlár i gceart tar éis an t-agallamh a chríochnú. Níl na hagallóirí ag iarraidh éisteacht leat ag ligean osna, ná níl spéis acu i do thuairim faoin gcaoi ar éirigh leat san agallamh!
6. Bíodh cúltaca agat!
Is féidir le nasc idirlín cliseadh am ar bith agus caithfidh tú a bheith in ann a insint don agallóir nach tú féin a chuir deireadh leis an gcomhrá. Cuir uimhir an agallóra i do ghuthán agus inis dó cad a tharla i ndáiríre!
7. Bí cairdiúil!
Chomh cairdiúil agus is féidir, ar aon nós. Cé nach mbeidh tú in ann lámh a chroitheadh, is féidir leat miongháire a dhéanamh agus féachaint sna súile ar d’agallóirí i gcónaí. Ná déan dearmad breathnú ar an gceamara. Agus suigh suas díreach!
8. Fan amach ó na callairí!
Fiú mura mbíonn tú in ann cloisteáil i gceart, déan iarracht réiteach níos fearr a fháil ná druidim níos gaire do na callairí. Ba cheart don agallóir d’aghaidh iomlán a fheiceáil.
9. Déanaimis athrá!
Má tá drochnasc ann, abair sin go soiléir ag tús an chomhrá agus ná bíodh drogall ort a iarraidh ar agallóirí ceist a chur an athuair. Is mó a chuirfeadh sé as do dhuine freagra ar cheist nár cuireadh a chloisteáil ná a iarraidh air an cheist a chur arís.
10. Bí compordach!
Bain leas as an bhfad chun thú féin a shocrú in áit ina mbraitheann tú go maith. Ní gá oifig a úsáid, is leor áit a aimsiú a thaitníonn leat agus a bhfuil taithí agat air. Seachas do leaba, ar ndóigh...