Skip to main content
© Hannah Busing - Unsplash

Déan d’iarratas a neartú don dara babhta de chláir Óige an Aontais Eorpaigh!

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 24/09/2021

Comhairle agus cabhair shonrach d'iarratasóirí sa dara babhta de chláir KA1 agus KA2 de chuid Erasmus+ agus de chláir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bheidh ann san fhómhar. Aimsigh dea-shamplaí agus faigh amach conas na gnéithe is fearr de do thionscadal a chur os comhair an phobail!

Agus an fómhar linn anois tá an dara babhta iarratais againn ar chláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh: 

Is tréimhse ghnóthach í seo mar sin dírímis ar na nithe tábhachtacha: do chuid tionscadal agus scéalta a fheabhsú agus a insint i gceart. Cad a chuideoidh leat aird daoine a tharraingt ar do thionscadal? 

Bíodh gné láidir bheartais ann

Conas a chuidíonn do thionscadal chun ceann amháin nó níos mó de Spriocanna Óige an Aontais a bhaint amach? Ceangail do thionscadal le ceann amháin nó níos mó de na tosaíochtaí cothrománacha i gCláir Óige an Aontais: An Cuimsiú agus an Éagsúlacht, an tAistriú Digiteach, an Rannpháirtíocht sa Saol Daonlathach, agus an Comhshaol agus an Comhrac i gcoinne an Athraithe Aeráide.

Bíodh an rannpháirtíocht lárnach ann

Fiafraigh díot féin: cé na heagraíochtaí agus na daoine óga a bhí páirteach i ndearadh an tionscadail, agus an bhfuil aon ghníomhaíochtaí leantacha beartaithe agat leo tar éis dheireadh an tionscadail? Féach an tSraith Straitéisí um Rannpháirtíocht na nÓg chun teacht ar leideanna praiticiúla, bileoga oibre agus ceisteanna féinmheastóireachta faoi thionscadail agus faoin rannpháirtíocht. 

Foghlaim ó na tionscadail is fearr

Tá bailiúchán de Thionscadail Shuaitheanta ag SALTO PI ina bhfuil tionscadail óige den scoth ar cuireadh tús le go leor acu i gcláir de chuid Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Mar shampla, faigh amach conas a thug an tionscadal seo de chuid Erasmus+ aghaidh ar an sprioc óige ‘An Eoraip Ghlas Inbhuanaithe’, nó conas a cumasaíodh na saorálaithe seo de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i bpobal áitiúil nua. Má éiríonn leat do thionscadal féin a chur i measc na dTionscadal Suaitheanta, d’fhéadfadh sé na mílte daoine ar fud na hEorpa a bhaint amach agus b’fhéidir go spreagfaí duine éigin chun do shampla a leanúint. 

Ar mhaith leat a bheith i measc na dTionscadal Suaitheanta? 
  • Cuir isteach ar chláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh roimh an spriocdháta – sin an chéad chéim atá le déanamh agat le go mbeidh do thionscadal san áireamh sna Tionscadail Shuaitheanta. 
  • Ainmnigh do thionscadal do Ghradaim SALTO – comórtas bliantúil le haghaidh tionscadail nuálacha don óige i gcatagóirí éagsúla ó Rannpháirtíocht na nÓg go dtí an tAistriú Digiteach agus Inbhuanaitheacht. Dála an scéil, má tá tionscadal ar siúl agat cheana féin is féidir leat cur isteach ar Ghradaim SALTO na bliana seo suas go dtí an 30 Meán Fómhair. Ach mura bhfuil tú ach ag cur tús le do thionscadal anois, cuir isteach ar ghradaim na bliana seo chugainn.
  • Faigh moladh díreach ó Ghníomhaireacht Náisiúnta do thíre (tá liosta de na Gníomhaireachtaí Náisiúnta le fáil anseo)

Ádh mór ort agus ar do chuid tionscadal i séasúr seo an fhómhair!