Má tá tú paiseanta faoi na taibhealaíona, tá tú san áit cheart. Tá thart ar 20 amharclann agus ardán, idir shéasúrach agus bhuan, le fáil ann agus is féidir leo freastal ar gach spéis. Tá dhá fheidhm ag Amharclann Náisiúnta na Cróite, mar theach ceoldráma agus teach bailé, agus tá Amharclann Kerempuh tiomnaithe don amharclannaíocht aorach, í ainmnithe i ndiaidh laoch tíre. An bhfuil spéis agat i gceolseónna? Bain triail as Amharclann Komedija ar Shráid Kaptol. Is é Zagreb baile dúchais an aisteora cáiliúil ón gCróit, Luka Peroš, a bhí mar réalta sa tsraith Netflix La Casa de Papel (Money Heist). Nuair a bheidh tú i bpríomhchathair na Cróite, ná caill Músaem na gCaidreamh Briste, áit a dtaispeántar réada pearsanta atá nasctha le hiar-chomhpháirtithe.
In aice le cumar na n-aibhneacha Sava, Drava agus Danóib tá Osijek, an ceathrú cathair is mó sa Chróit. Ag dul siar go dtí 1866, tá Amharclann Náisiúnta na Cróite in Osijek ar cheann de na hinstitiúidí cultúrtha móra sa chathair agus cuirtear amharclannaíocht, bailé, ceoldrámaí agus seónna puipéad ar súil ann. Sna míonna is teo, cuirtear léirithe ceoil agus drámaíochta ar fáil mar chuid d’Oícheanta Samhraidh Osijek, agus sa gheimhreadh, bíonn léirithe amharclannaíochta agus liteartha le feiceáil mar chuid den fhéile Laethanta Miroslav Krleža. Nuair a bheidh tú in Osijek, bí cinnte cuairt a thabhairt ar an droichead coisithe thar abhainn Drava – siombail íocónach den chathair.
Mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2022, cuirfidh Novi Sad níos mó ná 1,500 imeacht cultúrtha ar siúl, go leor acu i gcomhar le healaíontóirí idirnáisiúnta. Cuirfidh Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, an compántas amharclannaíochta Iodálach CapoTrave agus Féile Damhsa agus Amharclannaíochta Gothenburg go mór leis an gclár bríomhar chun ceiliúradh cultúrtha a dhéanamh ar bhliain Novi Sad. Chun eispéireas uathúil a fháil, tabhair cuairt ar na Stáisiúin Chultúrtha a bunaíodh le déanaí, áit a bhfaighidh tú léirithe cultúrtha comhaimseartha i bhfoirgnimh stairiúla a ndearnadh athchóiriú álainn orthu. Ná caill múrphictiúir ealaíne sráide Novi Sad, atá le fáil ar fud lár na cathrach.
Chun blaiseadh a fháil den stair measctha le neart dúlra, níl a shárú ag Timișoara – ceann de thrí Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2023. Tá ar a laghad 60 séadchomhartha stairiúil a aithnítear go náisiúnta scaipthe ar fud na cathrach agus tá 36 pháirc agus spás ghlasa ann má tá duilliúr de dhíth ort – Páirc na Rósanna ina measc, le bláthanna faoi bhláth ó mhí na Bealtaine ar aghaidh. Is í Timisoara an t-aon chathair sa Rómáin a bhfuil trí Amharclann Náisiúnta aici; Rómáinis, Ungáiris agus Gearmáinis, agus cuireann gach ceann díobh réimse éagsúil léirithe ilteangacha ar siúl. Le haghaidh eispéireas músaem uathúil, tabhair cuairt ar Mhúsaem Shráidbhaile Banat, taispeántas faoin aer den saol traidisiúnta i sráidbhaile de chuid na Rómáine.