Bealach Cultúir DiscoverEU
Ó spuaiceanna gotacha arda go bailiúcháin faisin chlaochlaitheacha, píosaí ceoil ar léirithe iad ar sheánraí ceoil agus scéalta tíre a tugadh anuas ó ghlúin go glúin, is léir gurb é an cultúr cuisle na hEorpa. Go deimhin, is fíor sin sa mhéid is go bhféadfadh sé a bheith deacair fios a bheith agat cá háit agus conas an blaiseadh is fearr den chultúr sin a fháil de réir mar a thaistealaíonn tú ar fud na mór-roinne ar feadh cúpla lá nó seachtain le pas DiscoverEU. Ach, tá réiteach na faidhbe sin againn! Is éard is Bealach Cultúir DiscoverEU ann bailiúchán ceann scríbe Eorpach a roghnaíodh go cúramach dóibh siúd ar spéis leo scannánaíocht, faisean, bia, mínealaín agus níos mó.
Ó Guimarães go Eskişehir agus ó Stavanger go Vaileite, tabharfaidh Bealach Cultúir DiscoverEU ar eachtra thú chun foghlaim faoi oll-oidhreacht chultúrtha éagsúil na hEorpa. Roghnaigh taisteal ar cheann dár bhfobhealaí – gach ceann acu bunaithe ar ghné dhifriúil den chultúr, cuir i gcás Dearadh, Stair, Ceol, Ailtireacht, Litríocht, Faisean, Mínealaín, Amharclannaíocht, Pictiúrlann, Ealaín Tíre agus Bia – nó déan do rogha féin! Slí amháin nó slí eile, bainfidh tú tairbhe as scata saothar cultúrtha a dhéanfaidh maitheas don intinn agus don anam.
Tá aitheantas bainte amach ag cuid de na cinn scríbe seo mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, cuireadh cinn eile leis an liosta mór le rá Liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO, agus tá cuid eile díobh bródúil toisc gur bronnadh Lipéad Oidhreachta Eorpach orthu. Tá cathracha ann freisin a bhfuil an lipéad Gradam don Chathair is Inrochtana acu; is iad sin na cathracha a rinne a seacht ndícheall chun bheith níos inrochtana do chách, gan beann ar aois, soghluaisteacht nó cumas.
Níl le déanamh agat ach ábhar cultúrtha a roghnú a bhfuil spéis agat ann, agus tús a chur le d’eachtra...!