Bealach Glas DiscoverEU
An bhfuil inspioráid uait agus do bhealach DiscoverEU á phleanáil agat? An bhfuil suim agat sa mhéid atá na cathracha is inbhuanaithe san Eoraip a chur ar fáil?
Féach leat na codanna éagsúla den léarscáil seo chun foghlaim faoi áiteanna iontacha ar fiú cuairt a thabhairt orthu agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Tugadh aitheantas do roinnt de na cathracha seo as a gcuid iarrachtaí ó thaobh an chomhshaoil de: buaiteoirí teidil Phríomhchathracha Glasa na hEorpa agus na Duilleoige Glaise. I roinnt eile acu tá na páirceanna glasa agus tearmainn dúlra is fearr san Eoraip, sin nó tá tionscadail ar siúl iontu atá dírithe ar a gcathair a dhéanamh níos glaise agus níos inbhuanaithe. Tá roinnt cathracha páirteach i ‘Misean na gCathracha Aeráidneodracha Cliste’, agus é d’aidhm acu an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030, agus an bealach sin a réiteach do gach cathair eile san Eoraip.
Déanann DiscoverEU ceiliúradh ar an gcuid is fearr den Eoraip a fheiceáil ar bhealach inbhuanaithe. Sin an fáth a mbeidh tú ag taisteal d’iarnród den chuid is mó, ós rud é go bhfuil traenacha ar na modhanna iompair is lú truailliú. Mar a tharlaíonn, an raibh a fhios agat gurb é an t-iarnród an t-aon mhodh iompair inar laghdaíodh astaíochtaí CO2 go leanúnach, nach mór, le blianta beaga anuas?
Bealach eile le bheith glas is ea ár leideanna a úsáid agus tú ag taisteal!
- Duilleoga glasa — cathracha glasa
- Duilleoga donna — cathracha ceangail