Skip to main content

DiscoverEU

Má tá tú 18 mbliana d’aois agus má tá cónaí ort i dtír atá páirteach sa Chlár Erasmus+, tá sé in am duit do dhúshlán féin a thabhairt

Comrádaithe nua á lorg agat? Tosaigh anseo

Rialacha ghlao ar iarratais DiscoverEU¹

1. Cur síos

Is gníomhaíocht de chuid chlár Erasmus+ (2021-2027) é DiscoverEU. Tá sé mar aidhm aige eispéireas taistil a chur ar fáil do dhaoine óga 18 mbliana d’aois lena gcothófar a muintearas leis an Aontas Eorpach agus lena gcuirfear ar a gcumas éagsúlacht, oidhreacht chultúrtha agus stair na hEorpa a nochtadh dóibh féin, sin agus nascadh le daoine ó gach cearn den mhór-roinn agus teacht orthu féin sa deireadh thiar. 

I earrach 2026 tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) pasanna taistil² agus cártaí lascaine a bhronnadh ar thart ar 40,000 duine óg chun an Eoraip a thaiscéaladh. Is é €23,500,000.00 an buiséad atá beartaithe don bhabhta glaonna seo ar iarratais.

Is féidir le daoine óga iarratas a dhéanamh ar Thairseach Eorpach na hÓige. 

Tá sé beartaithe am oscailte agus dúnta na tréimhse iarratais a bheith ann ón 1 Deireadh Fómhair 2026, 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile), go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2026,12:00 (meán lae, am na Bruiséile). 

Na hiarratasóirí a n-éiríonn leo, gheobhaidh siad pasanna taistil chun an Eoraip a thaiscéaladh idir an 1 Márta 2027 agus an 31 Bealtaine 2028. Le linn na tréimhse sin, beidh na rannpháirtithe in ann a bpas taistil a úsáid chun taisteal ar thraein ar feadh 7 lá le linn na tréimhse suas le 30 lá³ a roghnóidh siad. Nuair a bheidh pas taistil curtha in áirithe agus faighte acu, meastar gur ‘rannpháirtithe’ iad na daoine a n-éiríonn leo⁴.

Mar riail bhunúsach, taistealóidh na rannpháirtithe ar an modh iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Chun an rochtain is leithne is féidir a chinntiú, cuirtear modhanna eile iompair ar fáil leis an ngníomhaíocht nuair is gá agus cuirtear san áireamh cúrsaí comhshaoil, ama agus faid.

I gcásanna eisceachtúla, nuair nach mbeidh aon mhodh iompair eile ann, féadfar taisteal ar eitleán a thairiscint do dhaoine óga. Cinnteoidh sin go mbeidh an deis ag daoine óga atá ina gcónaí in áiteanna iargúlta nó ar oileáin páirt a ghlacadh in DiscoverEU freisin. 

Gheobhaidh na rannpháirtithe a mbronnfar pas taistil orthu cárta lascaine DiscoverEU freisin. Leis an gcárta, gheobhaidh daoine óga lascainí ar lóistín, ar chuairteanna agus ar ghníomhaíochtaí sna réimsí seo a leanas: an cultúr, an fhoghlaim, an spórt, iompar áitiúla, bia, etc. 

 

2. Iarratasóirí incháilithe

Chun a bheith incháilithe, ní mór d'iarratasóir:

  • a bheith 18 mbliana d’aois nó ar tí a bheith 18 mbliana d’aois idir an 1 Eanáir 2026 agus an 31 Nollaig 2026, i.e. daoine óga a rugadh idir an 1 Eanáir 2008 agus an 31 Nollaig 2008, na dátaí sin san áireamh;
  • a bheith ina saoránaigh nó ina gcónaitheoirí de chuid ceann díobh seo a leanas:
    • 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, na réigiúin is forimeallaí dá chuid san áireamh (Guáin na Fraince (FR), Guadalúip (FR), Martinique (FR), la Réunion (FR), Mayotte (FR), Saint-Martin (FR), na hAsóir (PT), Maidéara (PT) agus na hOileáin Chanáracha (ES)) nó
    • Tíortha agus Críocha Thar Lear atá bainteach leis an Aontas Eorpach: Arúba (NL), Bonaire (NL), Cúrasó (NL), Polainéis na Fraince (FR), Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince (FR), an Ghraonlainn (DK), an Nua-Chaladóin (FR), Saba (NL), Saint Barthélemy (FR), Sint Eustatius (NL), Sint Maarten (NL), Saint Pierre agus Miquelon (FR), Vailís agus Futúna (FR), nó
    • na tríú tíortha a bhfuil baint acu le clár Erasmus+: an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Tuirc.
  • an uimhir aitheantais (ID), uimhir phas nó uimhir an cheada chónaithe a líonadh isteach ar an bhfoirm iarratais ar líne.
  • aontú le Dearbhú ar Onóir na foirme iarratais.

Na hiarratasóirí a mbronnfar pas taistil orthu, ní fhéadfaidh siad taisteal ach amháin: 

  • má tá sé beartaithe acu taisteal ar feadh tréimhse suas le 7 lá laistigh de thréimhse aon mhí amháin ar a mhéad le linn na tréimhse taistil údaraithe ón 1 Márta 2027 go dtí an 31 Bealtaine 2028;
  • má tá sé beartaithe acu taisteal chuig tír iasachta amháin ar a laghad a bhí incháilithe do DiscoverEU (féach thuas);

Ní chuirfear san áireamh sa phróiseas dámhachtana aon iarratasóir nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta. 

 

3. An próiseas le hiarratas a dhéanamh

Tá an babhta iarratais DiscoverEU ar oscailt trí fhoirm iarratais shonrach ar líne ar Thairseach Eorpach na hÓige. Ní bheidh cead iarratas ar bith a chur isteach roimh an tréimhse iarratais ná ina diaidh. Sonraítear an tréimhse sin faoi phointe 1.

Tá seacht gcéim sa phróiseas iarratais seo:

  1. I dtús báire, beidh ar na hiarratasóirí pas a fháil i seiceáil incháilitheachta, a chiallaíonn go n-iarrfar orthu a ndáta breithe, a n-áit chónaithe agus a saorántacht a líonadh isteach. Mura dtagann na sonraí leis na rialacha incháilitheachta atá luaite faoi phointe 2 ‘Iarratasóirí Incháilithe’, ansin ní bheidh siad in ann leanúint ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Iarrfar orthu freisin comhaontú leis an Dearbhrú ar Onóir, le rialacha ghlao ar iarratas DiscoverEU, le go mbeifear in ann a gcuid sonraí pearsanta a stóráil agus a phróiseáil chun críche ghlao ar iarratas DiscoverEU, agus le go mbeidh an Coimisiún Eorpach agus eagraíochtaí eile a bhfuil údarú faighte acu ón gCoimisiún Eorpach in ann teagmháil a dhéanamh leo maidir le DiscoverEU chun na críche céanna, chomh maith le EACEA, Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ agus Eurodesk. Beidh ar iarratasóirí glacadh leis an méid sin thuas le bheith ina nAmbasadóirí DiscoverEU⁵.
  2. Beidh ar na hiarratasóirí a chur in iúl cibé an bhfuil siad ag iarraidh taisteal ina n-aonar, nó i ngrúpa de chúigear ar a mhéad.
  3. Beidh ar na hiarratasóirí seoladh ríomhphoist bailí a chur ar fáil. A luaithe a dhéanfar sin, gheobhaidh siad ríomhphost uathoibríoch ó Thairseach Eorpach na hÓige chun fíorú a dhéanamh gurb ann don seoladh ríomhphoist. Tá gá leis an bhfíorú sin ó tharla gur le ríomhphost a dhéanfar an comhfhreagras leis na hiarratasóirí tar éis na dámhachtana. Trí iarraidh ar na hiarratasóirí a seoladh ríomhphoist a dhearbhú, cuireann an Coimisiún Eorpach agus EACEA bac ar dhaoine eile úsáid neamhúdaraithe a bhaint as seoltaí ríomhphoist.  
  4. Tar éis dóibh a seoladh ríomhphoist a fhíorú, beidh ar na daoine óga an fhoirm iarratais a líonadh isteach. Ar an gcéad dul síos, beidh orthu a gcuid sonraí pearsanta a thabhairt: saorántacht, dáta breithe, céad ainm, sloinne, inscne, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, tír chónaithe, cód poist, réigiún, gairm agus uimhir aitheantais náisiúnta nó pas nó uimhir an cheadúnais chónaithe. 
  5. Tar éis dóibh a gcuid sonraí pearsanta a líonadh isteach, beidh ar na hiarratasóirí 5 cheist ilrogha a fhreagairt a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus le tionscnaimh eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá dírithe ar dhaoine óga. Ar an rud deiridh, iarrtar orthu ceist réitigh a fhreagairt. Leis an gceist réitigh sin, ní mór d’iarratasóirí freagra meastacháin a thabhairt agus is é is aidhm di an rangú a chinneadh idir na hiarratasóirí a d’fhreagair na 5 cheist i gceart. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse iarratais, bainfear an freagra ar an gceist réitigh den chóras iarratais. Na hiarratasóirí a thug freagra ceart ar na 5 cheist, déanfar iad a rangú ansin bunaithe ar a bhfreagra ar an gceist réitigh: cinnfear a rangú de réir cóngaracht a bhfreagra don fhreagra ceart ar an gceist réitigh. Bronnfar pas taistil ar iarratasóirí nó go mbeidh an buiséad ídithe, agus déanfar iad a rangú de réir chruinneas a bhfreagraí. I gcás ex-aequo agus mar rogha dheiridh, cuirfidh an Coimisiún Eorpach/EACEA an prionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ i bhfeidhm chun an rangú a chinneadh.
  6. Iarrtar ar iarratasóirí eolas breise a thabhairt faoina bpleananna taistil (i.e. cathain a bheidh sé i gceist acu tús a chur lena dturas, arb é sin an chéad uair dóibh taisteal gan a dtuismitheoirí, na rudaí ba mhaith leo a fhoghlaim ón eispéireas seo, conas a íocfaidh siad as rudaí cosúil le lóistín, cothabháil, árachas bunúsach, etc. le linn a dturais agus conas a fuair siad amach faoi DiscoverEU). Níl an t-eolas a líontar isteach sa rannán sin ina cheangal orthu agus ní bheidh aon tionchar aige ar an bpróiseas dámhachtana. Úsáidfear na sonraí a bhailítear chun críocha staidrimh agus mar fhaisnéis don Choimisiún Eorpach agus EACEA d’fhonn DiscoverEU a fheabhsú.  
  7. Sula gcuirfidh siad an t-iarratas isteach, iarrfar ar na hiarratasóirí a bhfoirm iarratais chomhlánaithe a fhíorú agus a dheimhniú. Ní féidir na freagraí a tugadh ar an quiz ná ar an gceist réitigh a athrú tar éis an t-iarratas a chur isteach. Thairis sin, próiseálfar iarrataí ar iarratais a tharraingt siar tar éis dheireadh na tréimhse iarratais agus tar éis iarratais iomadúla a thabhairt faoi deara.

    Gheobhaidh gach iarratasóir ríomhphost deimhniúcháin ó Thairseach Eorpach na hÓige a luaithe a bheidh an t-iarratas curtha isteach acu. Sa ríomhphost seo cuirfear in iúl dóibh go bhfuil an t-iarratas uathu cláraithe agus, san áireamh leis, beidh an cód iarratais agus an sceideal chun an cinneadh dámhachtana a chur in iúl.

Ba cheart d’iarratasóirí an cód iarratais a choinneáil lena úsáid i gcumarsáid amach anseo. Má theastaíonn ó iarratasóir cuireadh a thabhairt do dhaoine dul isteach ina ghrúpa, ceapfar é ina cheannaire grúpa agus beidh air an cód a chur in iúl do bhaill eile an ghrúpa ionas gur féidir leo clárú. Bunaithe ar an gcód a chuireann ceannaire an ghrúpa ar fáil, beidh ar bhaill eile an ghrúpa clárú ar líne agus a gcuid sonraí pearsanta a chur isteach. 

Má tá sé tugtha le fios ag iarratasóirí go dteastaíonn uathu taisteal ina n-aonar, is féidir leo cairde a chur lena n-iarratas go fóill nó dul isteach i ngrúpa atá ann cheana i ndiaidh dóibh an t-iarratas a chur isteach ach roimh an spriocdháta deiridh, ach cloí leis an bpróiseas céanna atá luaite thuas. 

Tabhair do d’aire nach gá do bhaill an ghrúpa páirt a ghlacadh sa quiz ná an cheist réitigh a fhreagairt mar gur faoi cheannaire an ghrúpa amháin atá sé na ceisteanna a fhreagairt. Ní mór dóibh go fóill, áfach, a gcuid sonraí pearsanta a líonadh isteach lena n-iarratais a bhailíochtú. Ní mór do bhaill an ghrúpa na critéir incháilitheachta chéanna a chomhlíonadh. 

Déanfar iarratas mar ghrúpa a mheas mar aon iarratas amháin. Ní bheidh san áireamh maidir leis an dámhachtain ach na baill sin den ghrúpa a bhfuil an fhoirm iarratais líonta isteach acu tríd an gcód a thug an ceannaire grúpa dóibh a úsáid. Níor chóir do na daoine sa ghrúpa clárú ina n-aonar. 

Is féidir le grúpaí a bheith comhdhéanta de dhaoine ar de shaoránachtaí éagsúla iad agus atá ina gcónaí in áiteanna éagsúla.

Ní féidir ach aon iarratas amháin in aghaidh an duine a chur isteach sa bhabhta iarratais céanna. Ní bhreithneofar ach an chéad iarratas a bheidh cláraithe ar Thairseach Eorpach na hÓige mar chuid den phróiseas dámhachtana. Ní féidir le daoine aonair iarratas a chur isteach i bpáirt le grúpaí éagsúla. Má bhraitear, ag céim ar bith, go bhfuil iarratais iolracha á ndéanamh, ní bhreithneofar ach an chéad iarratas a chláraítear ar Thairseach Eorpach na hÓige, agus diúltófar do gach iarratas eile. 

Na daoine óga a chuir pas taistil DiscoverEU in áirithe roimhe sin faoi cheann de na babhtaí iarratais a bhí ann cheana, ní bheidh siad in ann tairbhe a bhaint as pas taistil eile sa bhabhta seo. Brathfar é sin ag céim an iarratais agus diúltófar don iarratas/do na hiarratais nua. Má bhraitheann an conraitheoir arna ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach agus EACEA chun tabhairt faoi chúram na n-áirithintí taistil, nó má bhraitheann an Coimisiún Eorpach agus EACEA féin iarratais ó dhaoine ar bronnadh pas taistil DiscoverEU orthu i gceann de na babhtaí iarratais a bhí ann cheana, ag aon chéim le linn chur chun feidhme na gníomhaíochta, dícháileofar an t-iarratasóir sin.

 

4. An próiseas dámhachtana

Bronnfar na pasanna taistil ar na hiarratasóirí a n-éiríonn leo i gcomhréir leis na ceanglais in Airteagal 244 den Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais 2024/2509⁶.

Tá cuóta de phasanna taistil leagtha síos do gach tír. Tá an dáileadh bunaithe ar phríomhghníomhaíocht 1 de chlár Erasmus+, is é sin an eochair leithdháilte soghluaisteachta aonair don 'óige’⁷.

Cuirfear an próiseas dámhachtana i gcrích ar bhonn na háite cónaithe a thugann an t-iarratasóir ar an bhfoirm iarratais. I gcás ina mbeidh níos lú iarratas ná na cuótaí a bheidh socraithe do thíortha áirithe, ath-leithdháilfear na pasanna taistil atá fágtha ar na hiarratasóirí a chónaíonn i dtíortha ina bhfuil níos mó iarratasóirí ná na cuótaí a bheidh socraithe.

Is é cónaí cheannaire an ghrúpa a chinnfidh an cónaí a chuirfear san áireamh le haghaidh ríomh na gcuótaí i gcás grúpaí. Má thagann grúpa san áit dheireanach i liosta na n-iarratasóirí a mbronnfar pas orthu de réir tíre agus an cuóta don tír sin bainte amach, cuirfear an grúpa ar fad san áireamh chun pas a bhronnadh orthu.

Beidh ar iarratasóirí pas a fháil sa tseiceáil ar na critéir incháilitheachta, i.e. dáta breithe incháilithe agus cónaí nó saoránacht incháilithe de réir mar a luaitear faoi phointe 2 agus pointe 3, bunaithe ar an bhféindearbhú. Tabhair faoi deara go ndéanfar measúnú air sin go huathoibríoch le linn an phróisis iarratais, agus tar éis na dámhachtana, an conraitheoir arna ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach agus EACEA chun tabhairt faoi chúram na n-áirithintí taistil, déanfaidh sé seiceáil faoi dhó ar na sonraí a bheidh curtha ar fáil bunaithe ar na doiciméid tacaíochta. Tar éis don chonraitheoir seiceáil a dhéanamh ar chárta aitheantais, pas agus/nó cead cónaithe, agus go mbraitheann sé go ndearna an t-iarratasóir dearbhú bréagach, eisiafar é ón bpróiseas dámhachtana.

Má chomhlíontar gach critéar incháilitheachta, beidh ar na hiarratasóirí na freagraí cearta a thabhairt ar na 5 cheist ilrogha agus ar cheist réitigh. I gcás grúpaí, is é ceannaire an ghrúpa amháin a thabharfaidh na freagraí ar na 5 cheist agus ar an gceist réitigh. Is leor freagraí cheannaire an ghrúpa ar an quiz agus ar an gceist réitigh don ghrúpa ar fad, chomh maith le ham iarratais cheannaire an ghrúpa.

Déanfar na hiarratasóirí a ghrúpáil de réir a n-áit chónaithe agus a rangú i gcomhréir le líon na bhfreagraí cearta ar na 5 cheist, agus ansin i gcomhréir leis an bhfreagra ar an gceist réitigh.

Tar éis dheireadh na tréimhse iarratais, breathnaíonn an coiste meastóireachta ar an anailís ó Thairseach Eorpach na hÓige chun a mheasúnú deiridh a dhéanamh.

Má bhíonn an iomarca iarratas ann (ó dhaoine aonair nó ó ghrúpaí) a bhfuil an rangú céanna acu ag scoithphointe an chuóta shocraithe, cuirfidh an coiste meastóireachta an prionsabal 'tús freastail ar an té is túisce' i bhfeidhm leis na háiteanna deireanacha a dháileadh.

Tairgfear oíche saor in aisce i mbrú óige (gach ball den ghrúpa i gcás iarratas grúpa) don 250 iarratasóir is airde rangú ar fud thíortha uile an chláir. Tá an tairiscint oíche saor in aisce infheidhme le linn an turais DiscoverEU, i mbrúnna rannpháirteacha amháin mar a chuireann an conraitheoir in iúl iad, ach iad a bheith ar fáil, i seomraí/dormaí comhroinnte. Tá sé éigeantach réamháirithint a dhéanamh de réir na dtreoracha a chuireann an conraitheoir ar fáil. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar rannpháirtithe pas bailí DiscoverEU a thaispeáint ag deasc an bhrú.

 

5. Coiste meastóireachta

Tiocfaidh coiste meastóireachta le chéile, ar a mbeidh baill foirne sa Choimisiún Eorpach agus EACEA, ag deireadh na tréimhse iarratais. Iadsan a chinnfidh na torthaí ar bhonn na gcritéar a leagtar amach thuas. Déanfaidh siad measúnú ar rangú deiridh na n-iarratasóirí a mbronnfar pas taistil orthu, agus tabharfaidh siad an liosta i gcrích, bunaithe ar fhreagraí na n-iarratasóirí sin ar an quiz agus ar an gceist réitigh, agus cuóta in aghaidh na tíre á chur san áireamh, sin agus an uair a cuireadh an t-iarratas isteach i gcás iarratais ex-aequo.. Bunóidh an coiste meastóireachta príomhliosta, liosta ionadaithe agus liosta diúltaithe na n-iarratasóirí. D’fhéadfadh sé go mbronnfaí pasanna taistil ar iarratasóirí atá ar an liosta ionadaithe ag céim níos déanaí i gcás buiséad breise, nó i gcás ina ndiúltaíonn na hiarratasóirí a n-éiríonn leo dá bpas taistil, nó mura ngníomhachtóidh rannpháirtithe a bpasanna taistil (féach pointe 7).

Bunaithe ar mheasúnú an choiste meastóireachta, glacfaidh EACEA an cinneadh dámhachtana ina mbeidh eolas faoi líon iomlán na bpasanna taistil agus na gcártaí lascaine atá le bronnadh, an buiséad iomlán atá á leithdháileadh ar na pasanna taistil agus ar na cártaí lascaine, liosta de na cóid a chomhfhreagraíonn do na hiarratasóirí a n-éiríonn leo, an liosta ionadaithe agus liosta na n-iarratasóirí ar diúltaíodh dóibh. 

 

6. Torthaí a fhógairt

Ag deireadh an phróisis dámhachtana, beidh tú in ann a dheimhniú freisin ar Thairseach Eorpach na hÓige cé acu ar éirigh nó nár éirigh leat trí úsáid a bhaint as do chód iarratais.

Gheobhaidh tú fógra freisin trí ríomhphost ó Thairseach Eorpach na hÓige ina sonrófar an méid seo a leanas:

  • gur tugadh isteach thú mar thairbhí ar an bpríomhliosta (‘iarratasóir a n-éiríonn leis’), nó
  • gur moladh thú a chur ar an liosta ionadaithe nó
  • nár roghnaíodh thú (iarratais ar diúltaíodh dóibh).

Déanfar tuilleadh cumarsáide ansin idir an conraitheoir arna ainmniú ag EACEA agus na hiarratasóirí a n-éiríonn leo chun an áirithint a ullmhú. Tá tuilleadh eolais faoi seo faoi phointe 8. 

 

7. An liosta ionadaithe

A luaithe a shroichfear an tairseach le haghaidh pasanna taistil atá ar fáil, bunófar liosta ionadaithe. Rangaítear iarratasóirí ar an liosta ionadaithe de réir a bhfreagraí ar an quiz agus ar na ceisteanna réitigh, sin agus de réir an ama a cuireadh an t-iarratas isteach i gcás ex aequo. Féadfaidh EACEA pasanna taistil a bhronnadh ar iarratasóirí a chuirtear ar an liosta ionadaithe sna cásanna seo a leanas: má chuirtear buiséad breise ar fáil, má tharraingíonn na hiarratasóirí a n-éiríonn leo a n-iarratas siar nó mura ngníomhachtaíonn rannpháirtithe a bpas taistil faoin spriocdháta a thugtar dóibh. Is féidir an sásra sin a chur i bhfeidhm, suas go dtí úsáid iomlán an bhuiséid atá ar fáil. 

Ní chruthaítear aon teidlíocht i leith an Choimisiúin Eorpaigh ná EACEA trí áit a bhaint amach ar an liosta ionadaithe agus ní chiallaíonn sé go mbronnfar pas taistil ort ag céim níos faide anonn.

Féadfaidh Tairseach Eorpach na hÓige teagmháil a dhéanamh le hiarratasóirí atá ar an liosta ionadaithe chun pas taistil a thairiscint dóibh. Na daoine a ndéanfar teagmháil leo, de bhrí go bhfuil siad ar an liosta ionadaithe, ní féidir leo aisíocaíocht a éileamh ar thaisteal a chuir siad in áirithe sular tugadh an cuireadh dóibh nó ní féidir leo a iarraidh go gcuirfear síneadh leis an tréimhse thaistil.

 

8. Pasanna taistil a chur in áirithe agus rialacha taistil

Cuirfidh na rannpháirtithe tús lena n-aistear i dtír atá rannpháirteach sa ghréasán Idir-iarnródaíochta agus taistealóidh siad go tír amháin ar a laghad, atá rannpháirteach in DiscoverEU agus nach ionann í agus an tír chónaithe. Is féidir leis an turas iomlán maireachtáil ó 1 lá amháin ar a laghad go dtí uasmhéid d’aon mhí iomlán amháin. Tá sé beartaithe tús a chur leis an tréimhse taistil an 1 Márta 2027 agus tiocfaidh deireadh léi an 31 Bealtaine 2028. Ní féidir leo an pas taistil a úsáid ina dtír chónaithe ach amháin don taisteal amach agus isteach.

Is é an conraitheoir arna ainmniú ag EACEA amháin a dhéanfaidh pasanna taistil do na hiarratasóirí a n-éiríonn leo a chur in áirithe, a cheannach agus a sheachadadh. Na hiarratasóirí agus na rannpháirtithe a n-éiríonn leo, níor cheart dóibh, i gcás ar bith, pasanna taistil ná aon ticéad traenach, eitilte, farantóireachta nó cóiste a chur in áirithe astu féin ná trí ghníomhaireacht taistil nach bhfuil ainmnithe chun na críche sin ag EACEA i gcomhthéacs DiscoverEU. Ní aisíocfar pasanna ná ticéid a cheannóidh na hiarratasóirí nó na rannpháirtithe a n-éiríonnn leo iad féin go díreach.

Na hiarratasóirí a n-éiríonn leo, gheobhaidh ríomhphost ó Thairseach Eorpach na hÓige ina n-iarrfar orthu a bpas taistil a chur in áirithe ar ardán áirithinte an chonraitheora. Ba cheart d’iarratasóirí deimhin a dhéanamh de freisin go bhfuil an bosca ríomhphoist a d’úsáid siad chun iarratas a dhéanamh in ann an ríomhphost le fógairt na dtorthaí a fháil (deimhin a dhéanamh de nach bhfuil an bosca ríomhphoist lán, mar shampla). Tar éis don iarratasóir ar éirigh leis an áirithint a dhéanamh, is é an conraitheoir a chuirfidh an pas taistil ar fáil, mar aon le rochtain ar an eolas is gá chun cabhrú le rannpháirtithe a gcuid taistil a eagrú agus a ullmhú. Gheobhaidh na hiarratasóirí a n-éiríonn leo cárta lascaine DiscoverEU freisin.

Leis an gcárta sin beidh rochtain ag daoine ar raon lascainí agus tairbhí ar fud thíortha chlár Erasmus+. Ní aisíocfar cártaí lascaine a cheannóidh rannpháirtithe go díreach. 

Roghnóidh an conraitheoir na hoibreoirí iompair is iomaíche agus is oiriúnaí a chomhlíonann coinníollacha a chonartha le EACEA.

Na dátaí ar a mbeidh an rannpháirtí in ann taisteal, beidh siad solúbtha go dtí go ngníomhachtaíonn an rannpháirtí an pas taistil agus na laethanta taistil roghnaithe. 

Beidh ar na rannpháirtithe na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh i dtaca lena gcuid taistil: 

  • thar thréimhse aon mhí amháin ar a mhéad, le 7 lá taistil.
  • ar laethanta as a chéile nó na laethanta taistil a scaipeadh amach thar thréimhse míosa.
  • chuig a oiread sin tíortha incháilithe agus is mian leo.

Na rannpháirtithe a roghnaíodh a rinne iarratas i bhfómhar 2026, beidh spriocdháta go dtí an 15 Márta 2027 acu chun a bpas taistil a ghníomhachtú⁸. Ciallaíonn sin go mbeidh orthu dáta tosaigh bhailíocht an phas 1 mhí a chur in iúl faoin spriocdháta atá leagtha síos. Tar éis an pas taistil a ghníomhachtú, is féidir an dáta tosaigh a mhodhnú fós go dtí deireadh na tréimhse taistil (i.e. 01/03/2027 – 31/05/2028), ar choinníoll go ndéanfar sin roimh thús an dáta tosaigh a roghnaíodh. Má tá an dáta tosaigh tosaithe nó má tá sé san am atá caite, ní féidir é a athrú a thuilleadh.

Mura ngníomhachtaíonn rannpháirtithe an pas taistil laistigh den spriocdháta nó mura dtugann siad freagra ar an gcumarsáid ghaolmhar, féadfar an pas taistil a chur ar ceal agus é a thairiscint d’iarratasóirí atá ar an liosta ionadaithe. 

I gcás traenacha áirithe, tá sé éigeantach suíochán a chur in áirithe orthu nó cuirtear ar fáil iad mar bhreiseanna roghnacha. Is féidir le rannpháirtithe suas le 4 shuíochán a chur in áirithe saor in aisce. Mar sin féin, ní féidir leo suíochán a chur in áirithe saor in aisce sa chéad ghrád, i lóistín codlata ar thraenacha oíche ná le haghaidh traenacha nach bhfuil le fáil sa chóras áirithinte suíochán. Tá na háirithintí uile a chuirtear in áirithe saor in aisce neamh-inaisíoctha agus neamh-inmhalartaithe. 

Ní chlúdóidh an Coimisiún Eorpach ná EACEA aon fhorlíontaí ná aon chostais eile a thagann chun cinn le linn an turais.

Ba cheart d’iarratasóirí a n-éiríonn leo ar mian leo taisteal go dtí an Chipir, go hÉirinn, go dtí an Íoslainn nó go Málta an conraitheoir a chur ar an eolas faoi sin. An cuóta a luaitear sa rannán ‘Cuóta in aghaidh na tíre’ ar Thairseach Eorpach na hÓige, cuirfear i bhfeidhm é maidir leo siúd a bheidh ag taisteal ón gCipir, ón Íoslainn, ó Éirinn agus ó Mhálta. Cuirfear trí huaire an chuóta seo ar a mhéad i bhfeidhm maidir leis na hiarratasóirí a n-éiríonn leo ar mian leo taisteal go dtí an Chipir, an Íoslainn, Éire agus Málta. Cuirfear ticéid eitilte chuig na cinn scríbe áirithe sin in áirithe ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’, laistigh den bhuiséad atá ar fáil. Níor chóir do na hiarratasóirí ná na rannpháirtithe a n-éiríonn leo na ticéid seo a chur in áirithe iad féin.

D’fhéadfaí maolú a chur ar an gceanglas maidir leis an tréimhse thaistil i bhfeidhm i gcás daoine óga atá ina gcónaí i dtír den Aontas Eorpach nó i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le clár Erasmus+ (féach pointe 2) lena mbaineann seirbhís shibhialta nó mhíleata éigeantach. Sa chás sin, cuirfear síneadh leis an tréimhse thaistil go dtí 6 mhí tar éis dheireadh a ndualgas dlíthiúil.

 

9. Modhanna iompair

Mar riail bhunúsach, taistealóidh na rannpháirtithe ar an modh iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Chun a chinntiú, áfach, go bhféadfar dul chuig a oiread áiteanna is féidir, ba cheart do DiscoverEU modhanna eile iompair a thairiscint, de réir na gcúinsí comhshaoil, ama agus achair a bheidh ann. Déanfar an taisteal sa dara grád. 

Ní cheadófar taisteal ar eitleán ach i gcásanna speisialta, agus eagrófar é thar ceann na n-iarratasóirí a n-éiríonn leo. Is amhlaidh an cás do na daoine óga sin atá ina gcónaí:

  1. Sna naoi réigiún is forimeallaí (i.e. Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, la Réunion, Mayotte, Saint-Martin, Maidéara, na hAsóir agus na hOileáin Chanáracha);
  2. Sna tíortha agus críocha thar lear de chuid an Aontais Eorpaigh (Arúba, Bonaire, Cúrasó, Polainéis na Fraince, an Ghraonlainn, an Nua-Chaladóin, Saba, Saint Barthélemy, Sint Eustatius, Sint Maarten, Saint Pierre agus Miquelon, Vailís agus Futúna)
  3. I dtíortha/réigiúin an chláir nach bhfuil inrochtana trí mhodhanna iompair eile;
  4. Nuair is gá do na daoine óga taisteal ar feadh níos mó ná 18 uair an chloig ar talamh nó ar muir sula mbaineann siad amach an stáisiún traenach idirnáisiúnta is gaire dóibh atá mar chuid den ghréasán Idir-iarnródaíochta.

Ní féidir ach a dtaisteal isteach agus amach a bheith ina eitilt, agus aird chuí á tabhairt ar theorainneacha buiséid a d’fhéadfadh a bheith curtha in iúl ag an gconraitheoir nó ag EACEA. Don chuid eile dá dturas, tá ar rannpháirtithe taisteal faoin riail bhunúsach.  

Is féidir le daoine óga ó na réigiúin is forimeallaí agus ó na Tíortha agus Críocha Thar Lear aon cheann scríbe a roghnú a thagann leis na ceanglais atá socraithe. Bíonn iarratasóirí a n-éiríonn leo ar mhaith leo taisteal chuig na réigiúin is forimeallaí agus chuig na Tíortha agus Críocha Thar Lear in ann é sin a dhéanamh, má oireann a dturas don bhuiséad uasta.

Iarratasóirí a n-éiríonn leo atá ina gcónaí sa Chipir, san Íoslainn, in Éirinn nó i Málta, nó i dTíortha agus Críocha thar lear, ceadaítear dóibh taisteal ar eitleán go mór-roinn na hEorpa. Níor cheart dóibh a dticéad eitilte a cheannach iad féin: eagróidh an conraitheoir an ticéad fillte ar a son.

 

10. Luach an phas taistil agus an chárta lascaine

Ní bhfaighidh na hiarratasóirí a n-éiríonn leo ach na pasanna taistil agus an cárta lascaine DiscoverEU. Ní mór do na rannpháirtithe a n-éiríonn leo féin lóistín, cothabháil, árachas, forlíontaí taistil nó aon speansais eile a bhaineann leis an taisteal a íoc.

Is é an riail ghinearálta go mbeidh gach rannpháirtí a n-éiríonn leo i dteideal pas taistil agus cárta lascaine. Ní dhéanfar aon taisteal ach sa dara grád nó sa ghrád barainne, ar an traein den chuid is mó, agus más gá ar bhus, ar bhád farantóireachta nó ar eitleán. Féadfaidh an conraitheoir an taisteal ar eitleán a eagrú sna cásanna sonracha thíos:

  • I gcás iarratasóirí a n-éiríonn leo a bheidh ag taisteal ó na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus ó na Tíortha agus na Críocha Thar Lear go dtí mór-roinn na hEorpa. Tar éis dóibh an mhór-roinn a bhaint amach, cuirfear an riail ghinearálta i bhfeidhm.
  • I gcás iarratasóirí a n-éiríonn leo as na réigiúin is forimeallaí nach mór dóibh taisteal ar eitleán go dtí mór-roinn na hEorpa. Tar éis dóibh an mhór-roinn a bhaint amach, cuirfear an riail ghinearálta i bhfeidhm.
  • I roinnt cásanna sainiúla ar a ndéanfar measúnú ar bhonn cás ar chás (e.g. iarratasóirí roghnaithe a bhfuil cónaí orthu ar oileáin eile atá ina gcuid eile de thíortha Chlár Erasmus+), d’fhéadfaí turas breise a chlúdach.

I gcás iarratasóirí a n-éiríonn leo atá faoi mhíchumas luaineachta agus/nó a bhfuil riachtanais speisialta acu: d’fhéadfaí costais cúnaimh speisialta (duine tionlacain, madra iarratasóra ar éirigh leis a bhfuil lagú radhairc air etc.) a chlúdach, bunaithe ar na doiciméid iomchuí ina léirítear bonn cirt a riachtanas speisialta, i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre cónaithe.

Cuirfidh an conraitheoir aon eitilt isteach agus amach in áirithe agus aird chuí á tabhairt aige ar theorainneacha buiséid a d’fhéadfadh a bheith ann.

 

11. Amchlár táscach

An tréimhse iarratais

idir an 1 Deireadh Fómhair 2026, 12:00:00 (am oscailte), am na Bruiséile 

go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2026, 12:00 (am dúnta), am na Bruiséile

Fógairt na dtorthaí

Eanáir 2027

An tréimhse taistil

ón 1 Márta 2027, an dáta sin san áireamh

go dtí an 31 Bealtaine 2028, an dáta sin san áireamh

 

12. Iarratasóir ar éirigh leis a chuireann an taisteal ar ceal nó a tharraingíonn siar as

Beidh gach pas taistil faoi ainm duine ar leith agus ní ceadmhach é a aistriú chuig duine ar bith eile. Ní féidir an t-ainm ar an bpas taistil a athrú.

Rannpháirtí roghnaithe a rinne iarratas i bhfómhar 2026, ní mór dó a phas taistil a ghníomhachtú faoin spriocdháta a chuirtear in iúl dó. Mura mbeidh an pas taistil gníomhachtaithe faoin dáta sin, agus/nó gan fhreagra a bheith tugtha ag an rannpháirtí ar iarrataí gaolmhara, an conraitheoir arna ainmniú ag EACEA chun an pas a chur ar fáil, féadfaidh sé an pas a chur ar ceal agus é a athdháileadh ar rannpháirtí eile atá ar an liosta ionadaithe in ord íslitheach an rangaithe. 

Má dhiúltaíonn rannpháirtí ar éirigh leis glacadh lena phas taistil, ar chúis ar bith, sula mbeidh an pas taistil curtha in áirithe ag an gconraitheoir arna ainmniú ag EACEA, tabharfar áit an rannpháirtí sin do dhuine eile ón liosta ionadaithe in ord íslitheach an roghnúcháin. Tugtar cuireadh d’iarratasóirí a n-éiríonn leo an conraitheoir a chur ar an eolas sula gcuirfear aon rud in áirithe.

Má dhiúltaíonn duine den ghrúpa (ceannaire an ghrúpa nó aon duine eile sa ghrúpa) taisteal sula mbeidh an pas taistil curtha in áirithe ag conraitheoir EACEA, ní chuirfidh an cinneadh sin staid an ghrúpa ar fad i mbaol. Beidh na daoine eile a bheidh fágtha sa ghrúpa in ann taisteal mar a beartaíodh. Ní féidir duine eile a chur in ionad an duine a tharraing siar áfach. Déanfar an pas taistil breise a shannadh do dhuine atá ar an liosta ionadaithe in ord íslitheach.

Is féidir le baill den ghrúpa a chinneadh ar deireadh taisteal ar bhonn aonair, agus ní chuireann sé sin isteach ar an ngrúpa iomlán.

Níl an pas taistil inmhalartaithe agus tá sé neamh-inaisíoctha. 

 

13. Force majeure

Má chuirtear isteach ar an taisteal mar gheall ar chásanna nó imeachtaí eisceachtúla gan choinne atá glan ar smacht an rannpháirtí agus nach earráid nó neamart dá chuid féin é, d’fhéadfaí pas taistil nua a bhronnadh air. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach agus EACEA measúnú ar na cásanna sin ar bhonn cás ar chás.

 

14. Tuairisciú a dhéanamh ar an taisteal

Ba mhaith leis an gCoimisiún Eorpach cloisteáil ó na rannpháirtithe agus spreagfaidh sé na taistealaithe óga DiscoverEU chun a n-eispéiris agus a gcuid eachtraí a chomhroinnt. Beidh na hiarratasóirí a n-éiríonn leo ina nAmbasadóirí DiscoverEU don ghníomhaíocht. Tabharfar cuireadh dóibh tuairisc a thabhairt ar a n-eispéireas taistil, mar shampla ar na meáin shóisialta nó trí chur i láthair a dhéanamh ag a scoil nó ina bpobal áitiúil. 

Féadfaidh na hiarratasóirí dul isteach i nGrúpa Facebook Oifigiúil #DiscoverEU má thoilleann siad úsáid a bhaint as an ardán sin ar na Meáin Shóisialta⁹. Beidh ar na taistealaithe óga suirbhé ar líne a líonadh isteach freisin. Seolfaidh conraitheoir EACEA an suirbhé chucu nuair a bheidh an tréimhse thaistil thart. Nuair atá an suirbhé líonta isteach, gheobhaidh na taistealaithe deimhniú rannpháirtíochta a ghintear go huathoibríoch agus lena gcuirtear i dtábhacht inniúlachtaí agus scileanna a foghlaimíodh a bhuí lena dtaithí taistil.

 

15. Víosa

Ag brath ar a saoránacht agus ar an gclár taistil atá beartaithe acu (lasmuigh de limistéar Schengen), d’fhéadfadh víosa amháin nó níos mó a bheith de dhíth ar na rannpháirtithe. Is inniúlacht de chuid na Stát rannpháirteach é víosaí a chur ar fáil. Ba cheart do rannpháirtithe foinsí oifigiúla a úsáid chun eolas a fháil agus a n-iarratais a sheoladh i bhfad roimh ré chuig na húdaráis atá freagrach. D’fhéadfadh sé roinnt seachtainí agus/nó míonna chun víosaí a chur ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart iarrataí ar víosaí a thabhairt isteach níos mó ná 1 mhí amháin roimh an dáta taistil beartaithe. Ní chuirfear pas taistil DiscoverEU in áirithe arís mar gheall ar mhoill ar víosa a fháil, i gcás ina ndéantar an t-iarratas ar víosa níos lú ná 4 seachtaine roimh an dáta imeachta nó níos lú ná 8 seachtaine roimh dheireadh na tréimhse taistil. Cuirfidh an conraitheoir cúnamh (comhairle ghinearálta) ar fáil ina leith sin. Ar aon chuma, is faoi na rannpháirtithe atá sé a gcuid doiciméad a ullmhú sula dtaistealaíonn siad.

Níl an Coimisiún Eorpach, EACEA ná an conraitheoir in ann tionchar a imirt ar chinntí na n-údarás náisiúnta maidir le víosaí.

Clúdóidh DiscoverEU costais eisiúna víosaí. 

Nuair a cheanglaítear árachas sláinte chun víosa a fháil, is é an conraitheoir a sholáthróidh é. Clúdóidh DiscoverEU na costais ghaolmhara.  

Ba cheart do rannpháirtithe doiciméid lena dtugtar bonn cirt a sholáthar chun iarrataí ar aisíocaíocht a phróiseáil faoin sprioc-am a chuireann an conraitheoir in iúl dóibh.

 

16. Árachas

Moltar do na rannpháirtithe árachas sláinte agus árachas taistil oiriúnach a fháil a chlúdóidh tréimhse iomlán an taistil. Is iondúil go gcuirfidh árachas sláinte náisiúnta an rannpháirtí cumhdach bunúsach árachais sláinte ar fáil tríd an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte le linn a thurais. 

D’fhéadfadh sé nach mbeadh gach cás féideartha san áireamh faoi chumhdach an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte nó faoi chumhdach árachas sláinte príobháideach, go háirithe má bhíonn gá le haisdúichiú nó le sain-idirghabháil leighis. I gcásanna den sórt sin, is inmholta an rud é árachas comhlántach a fháil.  

 

17. Séanadh

Ní dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach, EACEA ná an conraitheoir foráil ach do phasanna taistil, do chárta lascaine DiscoverEU, i gcás inarb infheidhme, do na costais eisiúna víosaí agus na costais árachais, mar atá mínithe thuas. I gcásanna eisceachtúla agus má fhormheasann EACEA costais a bhaineann le riachtanais speisialta, soghluaisteacht laghdaithe, idirbhristeacha taistil de dheasca force majeure, nó a leithéid roimh ré, is féidir na costais sin a mheas. Ní mór do na rannpháirtithe a n-éiríonn leo féin lóistín, cothabháil, árachas bunúsach, forlíontaí taistil nó aon speansais eile a bhaineann leis an taisteal a íoc.

Ní bheidh an Coimisiún Eorpach, EACEA ná a chonraitheoir faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfaidh nó a tharlóidh d’aon duine de na rannpháirtithe sa chomórtas, lena n-áirítear damáiste arna dhéanamh do thríú páirtithe nó a dhéanann siad féin mar thoradh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí fóirdheonaithe, nó le linn iad a bheith á gcur chun feidhme.

Ní bheidh an Coimisiún Eorpach, EACEA ná a chonraitheoir faoi dhliteanas as aon damáiste do mhaoin, neamhábhartha ná fisiciúil a bhain do na rannpháirtithe nó d’aon duine tionlacain i gcás riachtanais speisialta le linn a dturais nó le linn a bhfanachta.

Tá an taisteal inmhianaithe faoi réir srianta ó thaobh buiséid, ama, agus infhaighteacht na bpasanna agus na gcártaí lascaine de. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí athruithe air, agus ní féidir leis an gconraitheoir seachtrach arna ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag EACEA a ráthú go mbeifear in ann an turas inmhianaithe a dhéanamh.

Forchoimeádann an Coimisiún Eorpach agus EACEA an ceart na rialacha atá curtha ar bun faoi phointe 10 agus pointe 11 a athrú i gcás imthosca eisceachtúla.

 

18. An dlí is infheidhme

Rialaítear an glao ar iarratais i gcomhréir le dlí an Aontais. Is ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a bheidh dlínse aon díospóid a éisteacht idir an tAontas agus aon iarratasóir nó rannpháirtí a bhaineann le léirmhíniú, cur i bhfeidhm nó bailíocht rialacha an ghlao seo ar iarratais, mura féidir an díospóid sin a réiteach go cairdiúil.

 

19. Cosaint sonraí

Na sonraí a iarrtar, ní úsáidfear iad ach chun pasanna taistil a bhronnadh ar iarratasóirí le go mbeidh siad in ann ticéid taistil a chur in áirithe agus go mbeifear in ann seirbhísí a bhaineann le DiscoverEU a chur ar fáil dóibh, cuir i gcás Timthriall Foghlama DiscoverEU nó feachtais phoiblíochta DiscoverEU. Sa chás sin, is féidir leis an gCoimisiún Eorpach, EACEA, agus eagraíochtaí eile arna n-údarú ag an gCoimisiún Eorpach, chomh maith le EACEA, Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ agus Eurodesk, teagmháil a dhéanamh leis an rannpháirtí.

Aon sonraí pearsanta a phróiseálfaidh an Coimisiún Eorpach agus EACEA, is faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 (lena n-aisghairtear Rialachán (CÉ) Uimh. 45/2001) a dhéanfaidh siad amhlaidh, sin agus i gcomhréir leis na 'fógraí maidir le hoibríochtaí próiseála' a cuireadh chuig Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin Eorpaigh (atá ar fáil go poiblí sa chlár OCS). Próiseálfaidh ‘rialaitheoirí sonraí’ an Choimisiúin Eorpaigh agus EACEA sonraí chun críche ghlao ar iarratais, cur chun feidhme nó obair leantach i dtaca leis an tionscnamh nó chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint.

Beidh an ceart ag na hiarratasóirí agus na rannpháirtithe dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) tráth ar bith.

Na doiciméid ina ndéantar cur síos ar an gcaoi a bpróiseáiltear sonraí pearsanta agus cé na críocha, tá siad liostáilte thíos.

  • DiscoverEU JCA Annex IV cover
    12 Meitheamh 2026
    DiscoverEU Joint Controllership Agreement EAC-EACEA Annex IV
    English (373.87 KB – PDF)
EAC
  • Privacy Statement DEU Action cover
    18 Meitheamh 2026
    Privacy Statement of the DiscoverEU Action
    English (421.78 KB – PDF)
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA)
  • 16 Aibreán 2026
    DiscoverEU DPN EACEA (for rounds before 2026)
    English (249.79 KB – PDF)
  • 13 Aibreán 2026
    DiscoverEU DPN EACEA (for rounds from 2026 onwards)
    English (534.4 KB – PDF)

 

20. Gearáin

Cuirfear foirm ghearáin ar fáil ar shuíomh gréasáin an chonraitheora arna ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag EACEA chun na háirithintí taistil a shocrú. Cuirfear an fhéidearthacht sin in iúl d’iarratasóirí a n-éiríonn leo agus a bpas á chur in áirithe acu.

 

¹ Tabharfar tús áite don bhunleagan Béarla thairis na teangacha eile a aistríodh. Is amhlaidh atá i gcás eolas agus doiciméid eile DiscoverEU a fhoilsítear ar Thairseach Eorpach na hÓige.

² Is éard is pas taistil ann ticéad a ligeann do phaisinéir líon neamhtheoranta turas a thógáil laistigh de thréimhse ama socraithe i limistéar geografach sainithe.

³ Ní chuirtear san áireamh an t-am le haghaidh taisteal eisceachtúil ar mhodhanna iompair malartacha sna 7 lá. Mar sin féin, ba cheart tús agus deireadh na tréimhse taistil a bheith laistigh den 30 lá roghnaithe agus laistigh den tréimhse taistil ón 1 Márta 2027 go dtí an 31 Bealtaine 2028.

⁴ Tugtar ‘iarratasóirí’ ar dhaoine óga a dhéanann iarratas ar Thairseach Eorpach na hÓige. Má éiríonn lena n-iarratas, ainmnítear iad mar ‘iarratasóirí ar éirigh leo’. Nuair a bheidh pas taistil curtha in áirithe agus faighte acu, meastar gur ‘rannpháirtithe’ iad. 

⁵ Agus iad ag gníomhú mar Ambasadóirí DiscoverEU, cuirtear i gcuimhne d’iarratasóirí/do rannpháirtithe gurb acu féin amháin na dearcthaí agus na tuairimí a chuireann siad in iúl agus nár cheart dóibh a thabhairt le tuiscint ar bhealach ar bith go bhfuil na dearcthaí ná na tuairimí sin formhuinithe nó formheasta ag an Aontas Eorpach. Ina theannta sin, ba cheart dóibh staonadh ó ghníomhú ar bhealach atá ar neamhréir le haidhmeanna agus prionsabail an Aontais Eorpaigh nó chlár DiscoverEU ná ar aon bhealach a bheadh neamhdhleathach.

⁶ Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (‘Rialachán Airgeadais an Aontais Eorpaigh’) IO L 2024/2509, 26.9.2024).

⁷ Féach an Cuóta in aghaidh na tíre.

⁸ Gníomhachtú an Phas Taistil: ba cheart do na rannpháirtithe na treoracha a leanúint a chuirfidh an conraitheoir ar fáil dóibh i ríomhphost, etc. An Cárta EYCA a ghníomhachtú, ní chiallaíonn sé go bhfuil an Pas Taistil féin gníomhachtaithe.

⁹ Tagann próiseáil sonraí pearsanta faoi Choinníollacha Cosanta Sonraí ar leithligh agus faoi ráiteas príobháideachais sonrach Facebook, a fheidhmíonn mar rialaitheoir sonraí ar leithligh.